Cuirfear rún faoin nGaeltacht faoi bhráid chomhdháil an Chomhaontais Ghlais an mhí seo chugainn, a d’fhéadfadh deacracht a chruthú do leascheannaire an pháirtí, an tAire Gaeltachta Catherine Martin.
Moltar sa rún go dtabharfaí isteach “plean éigeandála” nua chun stop a chur le meath “tromchúiseach” na Gaeltachta agus chun “seasamh in aghaidh meath níos measa ar an nGaeilge sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil sí fós á labhairt”.
Ach tá an moladh sin maidir le plean éigeandála chun dul i ngleic le géarchéim na Gaeltachta ag teacht salach ar pholasaí an Stáit i leith na teanga.
De réir pholasaí an stáit agus Roinn na Gaeltachta, a bhfuil Catherine Martin anois i bhfeighil uirthi, ní theastaíonn aon phlean éigeandála don Ghaeltacht agus is leor na polasaithe atá ann cheana féin.
Nuair a bhí sí sa bhfreasúra, dúirt an tAire Martin gur theastaigh plean éigeandála nua le dul i ngleic leis an ngéarchéim sa Ghaeltacht, ach tá an teachtaireacht sin athraithe aici ó ceapadh sa rialtas í agus bíonn Martin ag trácht anois ar ghéarchéim teanga “sna ceantair Ghaeltachta is laige”.
De réir na saineolaithe is ann don ghéarchéim toisc an Ghaeilge a bheith i mbaol mar theanga phobail fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta.
Sa dá agallamh Gaeilge atá tugtha aici ó ceapadh í – ar 7Lá agus Adhmhaidin – labhair an tAire Martin faoi ghéarchéim sna ceantair is laige amháin agus nocht an tAire Stáit Gaeltachta nua Jack Chambers an tuairim chéanna ar TG4.
Dúirt Catherine Martin roimhe sin gur “am an ghátair” a bhí ann don chainteoir dúchais agus go raibh “todhchaí na Gaeltachta i mbaol”. Mhaígh sí go raibh géarghá le “plean éigeandála tarrthála gan a thuilleadh moille” agus gur chóir “tús áite” a thabhairt “do na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an lámh in uachtar ag an teanga mar theanga an phobail”.
Deir an Comhairleoir Contae Peter Kavanagh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais gurb é an polasaí soiléir atá ag an bpáirtí le fada ná go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht, sa chiall chéanna agus atá ag na saineolaithe leis an téarma sin.
“Tá sé aitheanta le fada i bpolasaithe an Chomhaontais Ghlais go bhfuilimid i lár géarchéime sa Ghaeltacht. Más mian linn an Ghaeilge a fheiceáil mar acmhainn luachmhar náisiúnta gur fiú í a chaomhnú, sí an Ghaeltacht bun agus barr an chaomhnaithe sin.
“Anois, mar chuid den rialtas, is é seo an deis plean éigeandála a chur le chéile a bheadh cuimsitheach agus a dhéileálfadh le cúrsaí teanga, cúrsaí pleanála, cúrsaí timpeallachta agus gach aon ní a bhaineann leis an nGaeltacht.”
Maidir leis an maolú atá déanta ag an Aire Catherine Martin ar a cuid cainte faoi ghéarchéim teanga na Gaeltachta, dúirt Kavanagh go gcaithfí plean éigeandála a thabhairt isteach do na ceantair is láidre.
“D’aithin an tAire Catherine Martin go bhfuil an ghéarchéim go dona i gceantair Ghaeltachta in bhfuil meath ag teacht ar an dteanga, ach caithfimid dul i ngleic leis na fadhbanna ar fad a bhraitear sa Ghaeltacht ar fad, nó ní fada nach mbeimid in ann idirdhealú a dhéanamh idir áiteanna ‘laga’ agus ‘láidre’, mar dhea, i nGaeltacht ar bith.”
Pléifear chomh maith ag Comhdháil an Chomhaontais Ghlais, a bheidh ar siúl idir 2-4 Deireadh Fómhair, rún faoi pholasaí nua a chuirfeadh an dátheangachas chun cinn ar earraí a dhíoltar in Éirinn.
Anuraidh d’fhoilsigh Coiste Oireachtais na Gaeilge, tuarascáil a d’éiligh go n-aithneodh an Rialtas go poiblí go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht.
Cé go bhfuil ráite ag saineolaithe éagsúla go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus cé gur chruthaigh an daonáireamh deireanach go raibh meath mór ar an teanga sa Ghaeltacht, tá diúltaithe ag airí Gaeltachta éagsúla géilleadh go bhfuil a leithéid ann.
Dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin anuraidh go bhfuil an baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina ‘Zombie-language’ má leantar ar aghaidh ag seachaint na fírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta.
Tá ráite ag Conradh na Gaeilge chomh maith gur gá an éigeandáil teanga a aithint.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly an samhradh seo caite gur chuir sé ‘olc’ uirthi nár aithin Catherine Martin ina céad óráid mar aire sa Dáil go raibh géarchéim sa Ghaeltacht.
Dúirt Connolly go mbeadh sé deacair muinín a chur sna hairí nua mura n-aithneoidís go bhfuil a leithéid de ghéarchéim ann.
Cormac Ó hAodha
‘Plean Éigeandála Nua’ a theastaíonn láithreach chun aghaidh a thabhairt ar ‘Ghéarchéim Ghaeilge na Gaeltachta’ agus stop a chur le meath ‘tromchúiseach’ na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Is maith go mbeadh plé á dhéanamh go hoscailte, go naisiúnta, sna meáin etc. ar cheist seo na Gaeilge mar theanga atá á labhairt sa phobal sa ghaeltacht. Tá baol ann gur laistigh de na páirtithe polaitíochta, páirtithe an rialtais ina measc gan dabht, atá agus a bheidh an comhrá, an t-am agus an fuinneamh seo á chaitheamh seachas ar urlár Dháil Éireann.
Géarchéim teanga atá i réim le glúin agus níos mó sa Ghaeltacht, cur amú ama atá ar siúl ag daoine bheith ag caint faoi Ghaeltachtaí láidre agus laga sa chomhthéacs seo, tá siad ar fad lag agus ag éirí níos laige!