Imní go rachaidh ‘eolas luachmhar’ faoin nGaeilge ‘chun na huaighe’ de bharr easpa taighde

Duine amháin atá fostaithe ag Scoil an Léinn Cheiltigh chun staidéar a dhéanamh ar bheo-chanúintí na Gaeilge

Screen Shot 2015-04-01 at 20.16.08
Ceanncheathrú Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath

Tá sé tugtha le fios ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath nach bhfuil aon dualgas orthu sonraí pearsanta na mball Boird aici a fhógairt go poiblí.

Bhí an Institiúid ag freagairt fiosruithe a rinne Nuacht TG4 i bhfianaise na himní atá léirithe faoina laghad taighde atá á dhéanamh ar an nGaeilge chomhaimseartha i Scoil an Léinn Cheiltigh ansin.

Ag labhairt dó le Nuacht TG4, dúirt an saineolaí teanga Éamon Ó Dónaill, Gaelchultúr, gur “cúis imní” atá san easpa ionadaíochta atá ag an nGaeilge labhartha sa lá inniu ó thaobh taighde de. Dúirt sé go bhfuil “cainteoirí i gceantracha áirithe atá an-sean” agus go bhfuil an baol ann go rachaidh “eolas luachmhar” ar an teanga “chun na huaighe leo”.

In ainneoin go bhfuil dualgas reachtúil ar an Institiúid staidéar a dhéanamh ar an teanga labhartha, tuairiscítear anois nach bhfuil aon taifead á dhéanamh aici ar chanúintí beo na linne seo.

Ba é Éamon de Valera a bhunaigh an Scoil sa bhliain 1940 agus de réir na reachtaíochta a tugadh isteach faoina scáth sa bhliain chéanna, is iad ‘feidhmeanna agus dualgaisí’ na Scoile ná ‘léigheann Ceilteach do chur ar aghaidh go generálta, agus, go sonnrách,’ ag cur san áireamh ‘foghraíocht beo-chanúintí na Gaedhilge do scrúdú agus an Ghaedhilg mar a labhartar í do chur ar breacadh’.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4, áfach, nach bhfuil ach duine amháin fostaithe ag an Scoil chun tabhairt faoin réimse seo agus go bhfuil sí tar éis go leor deacrachtaí a bheith aici maoiniú a fháil le haghaidh taighde páirce ón mbliain 2009 amach.

Tá Bord nua Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath le ceapadh ó thús na míosa seo.

Nuair a fiafraíodh den Institiúid an mbeadh ionadaíocht mar is ceart ag an nGaeilge labhartha ar an mBord nua, dúirt urlabhraí leis na meáin gur faoin Uachtarán agus Rialtas na hÉireann atá sé baill an Bhoird a cheapadh – ach is í an Institiúid féin a mholann na baill sin don Rialtas i dtosach báire.

Fág freagra ar 'Imní go rachaidh ‘eolas luachmhar’ faoin nGaeilge ‘chun na huaighe’ de bharr easpa taighde'