Ó DHÚCHAS: Na filí a dhíbir na francaigh as reiligí iarthar Chorcaí…

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. Na filí ag díbirt na bhfrancach atá againn an tseachtain seo…

Ó DHÚCHAS: Na filí a dhíbir na francaigh as reiligí iarthar Chorcaí…

Cúpla céad bliain ó shin bhí an-chuid francach ar fud an domhain. Bhíodar i Sasana, sa nGearmáin agus i ngach aon tír eile. Bhí cuid mhór díobh i gCloich na Coillte agus bhídís ar fuaid na sráide. Bhí na milliúin díobh i Reilig na Cille Gairbhe agus gan de ghnó acu ach ag tóch agus ag polladh rompu.

Bhí file darbh ainm Seán Ó Collamáin ina chónaí i mBarraí Rua agus bhí sé le cur i Reilig na Cille Gairbhe tar éis a bháis. Ní raibh aon dúil aige go mbeadh na francaigh á ithe agus cheap sé cúpla rann chun iad a dhíbirt as an reilig agus d’éirigh leis. Chuaigh sé go dtí geata na reilige agus ar sé in ard a chinn agus a ghutha:

‘Íospairt na hAoine is an Domhnaigh a chuirim do bhur ndíbirt

As an gcill seo gurbh fhonn liom dul

Tá míle corp ciardhubh i dTeampall Rois

Is fanaigí ina gcuibhreann go Samhain an tsuibh.’

Ní túisce an focal deiridh ráite aige ná bhrúigh na francaigh thar fall na reilige amach agus thugadar aghaidh ar an mbóthar siar. Ar an bPéic a stadadar an chéad oíche agus nuair a chonaiceadar gasra tithe, phreabadar isteach iontu. Bhí mná ag béiceadh is ag liúirigh agus ritheadar as na tithe amach agus na fir ina dteannta. D’ith na francaigh gach rud a tháinig rompu. Chuaigh an scéal go dtí an Ros gurbh amhlaidh a dhíbir Seán Ó Collamáin, file, as reilig na Cille Gairbhe iad le rann.

Bhí file ag an Ros agus Micheál Ó Caoimh ab ainm dó. Chuala sé scéal na bhfrancach. Chuir sé roimis iad a ruaigeadh siar thar an Ros. Nuair a bhíodar ag teacht chuaigh sé isteach sa reilig agus ar sé in ard a chinn agus a ghutha:

‘Tá coillte, díogacha, gleannta is cnoic

I mbinn dhubh na saoithe atá i gceantar Rois

Do dhíonfadh na mílte francach don fhear seo thoir

Is gan a bheith á scaoileadh chun ár ndaoine atá fann gan gruth.’

Nuair a chuala na francaigh na focail siúd, siar leo. Chuaigh beirt fhear ar mhuin capaill agus thiomáineadar trí chlaíocha, cnocaibh is gleannta. Níor dheineadar stad nó stró gur bhaineadar Beann Dubhanach amach. Bhí gasra daoine ann rompu agus bhí file orthu darbh ainm Micheál Ó Cléirigh . Bhí rann ceaptha aige sular shroich na francaigh an áit agus nuair a bhíodar ag teacht ina ghar, ar sé in ard a chinn agus a ghutha:

‘Ordaím le fórsa filleadh thar n-ais agus lóistín a thógaint i dtigh Mhuiris Mhic Craith

Tá poillín i gcomhra {cófra} ann is deinid de bhran

Is más lón daoibh feoil ithigí a bhean.’

Ar an Dúinín a thugadar aghaidh agus de réir dealraimh chuadar ar bord loinge ann mar ní fhacthas ó shin an oiread sin de fhrancaigh.

John Keohane, Béalad Thoir, Contae Chorcaí, a bhí ar scoil i gCloich na Caoilte a d’eachtraigh.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Na filí a dhíbir na francaigh as reiligí iarthar Chorcaí…'