Stailc na n-altraí ina dúshlán mór don Rialtas, ach an cuma leis an bpobal?

Níor chuir faitíos faoi thionchar an Bhreatimeachta aon srian ar an Rialtas cúpla mí ó shin nuair a d’íoc siad €240 milliún le cuid d’fhiacha an stáit a laghdú

Stailc na n-altraí ina dúshlán mór don Rialtas, ach an cuma leis an bpobal?

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá seasamh láidir á thógáil ag an Rialtas i dtaobh stailc na n-altraí agus iad ag rá nach ngéillfidh siad oiread is orlach. Ach an mbeidh siad in ann an fód a sheasamh má leanann na haltraí leis an tsraith stailceanna atá beartaithe?

Braitheann sé sin ar ndóigh ar mhéad na tacaíochta a fhaigheann siad sa deireadh ón bpobal.

I gcoitinne, bíonn an-fhabhar ag daoine le haltraí, mar is léir ach cuairt a thabhairt ar aon ospidéal go mbíonn siad ag obair go crua agus iad go mór faoi strus ag déanamh cúram do dhaoine a bhfuil cúram de dhíth orthu go géar.

Ach an ionann sin is a cheapadh go mbeidh ar an Rialtas géilleadh?

Bhí dúshlán eile roimh an Rialtas agus á gcuid comhghleacaithe i bhFianna Fáil, maidir le cúrsaí tithíochta mar shampla. Rinne na mílte agóid i gcásanna eile i gcoinne pholasaí (nó easpa polasaí) an rialtais. Ach ní bhíonn rian an mhíshásaimh sin le feiceáil sna pobalbhreitheanna ina mbíonn Fine Gael agus Fianna Fáil go mór chun tosaigh ar na páirtithe eile arís is arís eile.

Sea, i bhfianaise na bpobalbhreitheanna, ní bheadh aon athrú rialtais ann sa gcás go mbeadh toghchán againn agus is deacair a shamhlú go mbeadh aon athrú polasaí ann ach an oiread.

Tuigeann gach éinne ámh go bhfuil drochbhail ar an gcóras sláinte, agus airgead á chur amú ar altraí ó áisíneachtaí príobháideacha toisc nach bhfuil dóthain altraí fostaithe sa gcóras poiblí féin.

Agus deir Cumann na nAltraí go bhfuil ag teip ar iarrachtaí earcaíochta mar gheall ar an leibhéal pá.

Deir an Cumann gur thit líon na n-altraí 6% idir 2008 agus 2018, agus go bhfuil líon mór altraí a fuair a gcuid oiliúna in Éirinn ag obair thar lear anois, san Astráil is áiteanna eile.

Agus ceist ó Louise O’Reilly, urlabhraí sláinte Shinn Féin, á freagairt sa Dáil ag an Aire Sláinte Simon Harris, dúirt sé gur caitheadh os cionn €800,000 gach aon lá anuraidh ar altraí is dochtúirí ionaid a chuir áisíneachtaí ar fáil don chóras sláinte.

Dar le Sinn Féin gur ionann an t-airgead sin agus a dhá oiread an méad a caitheadh ar áisíneachtaí ó 2011.

Dar leis an gceardchumann, íoctar €10,000 ar an meán níos mó le haltraí áisíneachta (cé gur brabús do na háisíneachtaí féin cuid mhaith de sin). Agus deir siad gur mhó an tairbhe a dhéanfadh an t-airgead sin dá gcaithfí é ar altraí a fhostú sa gcóras.

Ach deir an Rialtas go gcosnódh sé an iomad glacadh le héileamh pá na n-altraí. €300 milliún chosnódh sé, a deir siad, cé nach nglacann Cumann na nAltraí leis an bhfigiúr sin.

Agus deir an Rialtas, i bhfianaise na héiginnteachta faoin mBreatimeacht, nach bhféadfaí dul sa seans agus an méad sin airgid a cheadú.

Ait go leor, níor chuir faitíos faoi thionchar an Bhreatimeachta aon srian ar an Rialtas cúpla mí ó shin nuair a d’íoc siad €240 milliún le cuid d’fhiacha an stáit a laghdú. An uair sin, dúirt siad go raibh farasbarr airgid acu nach rabhthas ag súil leis.

Ach ní hann don fharasbarr a thuilleadh, is cosúil, nuair is pá altraí i gceist.

Deir an Rialtas freisin go mbeadh éilimh á ndéanamh ag an gcuid eile den tseirbhís phoiblí dá ngéillfidís d’éilimh seo na n-altraí agus na múinteoirí.

Ach níl an easpa chéanna ann in áiteanna eile is atá i gcás na n-altraí agus na múinteoirí.

I gcás na múinteoirí, mar shampla, deirtear go gcaillfeadh múinteoir óg €350,000 ina saol oibre mar gheall ar an éagothroime sa ráta pá do dhaoine a tháinig isteach sa tseirbhís i ndiaidh 2011.

Tá an Rialtas ag bagairt, má leantar leis an stailc, go gcuirfear ar ceal na céimeanna atá tógtha cheana le deireadh a chur leis na rátaí difriúla agus na harduithe teoranta pá atá curtha ar fáil go dtí seo.

Ach in ainneoin na mbagairtí sin, vótáil altraí dul ar stailc toisc, a deir siad, go bhfuil an tseirbhís chomh truaillithe sin de bharr easpa foirne.

Is cosúil freisin go bhfuil faitíos ar roinnt polaiteoirí, cuid acu i bhFine Gael, roimh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an aighneas seo ar thacaíocht na bpáirtithe sa bpobal.

Má thiteann tacaíocht an phobail don Rialtas go mór sna pobalbhreitheanna tá seans maith ann nach mbeidh aon rogha acu ach a n-intinn a athrú.

Ach braitheann sé sin ar dhearcadh an phobail, is tógfaidh sé tamall sula mbeidh eolas soiléir againn faoi sin.

Is cosúil mar sin go mairfidh an tsraith stailceanna píosa fada sula mbeidh an Rialtas sásta géilleadh, is cuma an Breatimeacht ann nó as.

Fág freagra ar 'Stailc na n-altraí ina dúshlán mór don Rialtas, ach an cuma leis an bpobal?'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Masla cruthanta is ea é seo maidir le droch-chaitheamh na n-altraí – b’fhéidir go bhfuil an drochrud céanna ar siúl anseo i nAlbainn, agus tá súil agam go bhfuil an pobal lán-eolta faoi mar atá. Meas ar na daoine maithe a ba cheart a bheith ar siúl againn uilig!