Is mithid ceiliúradh a dhéanamh ar Phádraig Ó Snodaigh, fathach i saol na Gaeilge agus an náisiúin Ghaelaigh

Beidh ócáid ar siúl i mBaile Átha Cliath amárach in ómós do dhuine d’fhathaigh mhóra na Gaeilge, Pádraig Ó Snodaigh

Is mithid ceiliúradh a dhéanamh ar Phádraig Ó Snodaigh, fathach i saol na Gaeilge agus an náisiúin Ghaelaigh

Tiocfaidh slua mór de chairde, de chomhscríbhneoirí, de chomhChonraitheoirí, de lucht na gluaiseachta agus díobh siúd a chreideann sa Náisiún Éireannach Gaelach le chéile i Siopa Leabhar  Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, tráthnóna amárach Dé Sathairn ar a 4.00pm chun a meas, a n-ómós agus a mbuíochas a chur in iúl do dhuine d’fhathaigh mhóra na Gaeilge, as a bhfuil déanta aige ar son na Gaeilge i gcaitheamh a shaoil.

Níl Pádraig tinn, ní chuige sin an ceiliúradh seo! Tá sé ag treabhadh leis i gcónaí, ag foilsiú leabhar nua, ag mealladh scríbhneoirí nua, ag spreagadh scríbhneoirí eile chun dul i mbun pinn arís, ag eagrú seoltaí leabhar, ag freastal ar imeachtaí Gaeilge, ag glacadh páirt in agóidí agus ag leanúint dá chuid scríbhneoireachta féin. Agus creid nó ná creid é, tá sé 83 bliain d’aois.

Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar a bhfuil déanta agus bainte amach ag Pádraig mar gur duine chomh hilghnéitheach sin é. Thógfadh sé tráchtas Ollscoile nó a mhacasamhail chun go mbeadh an cur síos iomlán.

Cuimhníonn go leor daoine air mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, post (deonach) a bhí aige ó 1974 go dtí 1979. Chuir sé leis an obair mhór a bhí déanta ag Maolsheachlainn Ó Caollaí roimhe, chun craobhacha nua a bhunú ar fud na tíre, níos mó daoine óga radacúla den chuid is mó a thabhairt isteach sa ghluaiseacht agus iad a oiliúint, ní hamháin i gceist na Gaeilge féin, ach i gceist na Gaeilge mar bhunchloch don náisiún Gaelach a bhíothas ag iarraidh a bhaint amach.

Dhá rud ar leith a luafainn, áfach, a bhaineann le hUachtaránacht Phádraig  ar Chonradh na Gaeilge, agus nach dtuigeann cuid mhór daoine, gur bhunaigh sé an Siopa Leabhar i gCeannáras an Chonartha i 1975 agus gur choinnigh sé súil choimhdheachta ar an Siopa ó shin. Is tráthúil mar sin, gur sa Siopa, a bheidh an ócáid ómóis seo do Phádraig ar siúl.

An dara rud, gurbh é Pádraig (i gcomhar le hArd-Rúnaí nuacheaptha an Chonartha, Seán Mac Mathúna), a chuir Bille Cearta don Ghaeilge chun cinn i 1976. Ghlac Ard-Fheis 1973 le Forógra an Daingin – 5 Bhuncheart don Ghaeilge. Ach thug Pádraig an feachtas chuig leibhéal eile ar fad nuair a fuair sé dréachtóir parlaiminte chun Bille Cearta a dhréachtú, mar a bheadh Bille ceart Dála ann. B’in tús an fheachtais fhada as ar tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Bhí spéis ar leith ag Pádraig i gcónaí i gcúrsaí na Sé Chontae. D’fhoilsigh Clódhanna Teo. (Conradh na Gaeilge) a leabhar tábhachtach The Hidden Ulster i 1973 faoi chúlra Gaeilge na bProtastúnach sna sé chontae. Thacaigh sé le príosúnaigh a bhí ag lorg cearta teanga sna príosúin, thug sé ar a laghad cuairt amháin ar phríosúnach a bhí ag éileamh cearta Gaeilge. Thacaigh sé lena n-éileamh mar phríosúnaigh pholaitiúla freisin.

Thug sé cuairt ar na Sé Chontae go minic, go háirithe ar Bhéal Feirste, áit a mbeidh sé i mbun oibre roimh ócáid an tSathairn i mBaile Átha Cliath. Reáchtáil agus reáchtálann sé seoltaí leabhar go fóill ar fud na sé chontae. Is Poblachtánach go smior é, a thuigeann saoirse sa chiall is leithne den fhocal – saoirse eacnamaíochta, polaitíochta, sóisialta agus cultúrtha.

Mar staraí, tá saineolas ar leith aige ar thréimhse 1916, ar ar tháinig roimhe agus a lean é. Smaoinímid go háirithe ar a leabhar mór Comhghuaillithe na Réabhlóide 1913-1916  (1966/ athchló 2016) sa chomhthéacs sin. In 2016, d’fhoilsigh sé sraith iomlán, 22 leabhar, faoin Éirí Amach, dar teideal Macallaí na Cásca, sraith iontach tábhachtach agus saothar ollmhór foilsitheoireachta nach bhfuair a cheart riamh.

Sna hochtóidí, i gcomhar le hArthur Mitchell, chuir sé amach an dá imleabhar Irish Political Documents 1869-1916 agus 1916-1949. Scríobh sé faoi 1798, faoi na hÉireannaigh Aontaithe, faoi Chogadh na Saoirse, Cogadh na gCarad agus go leor eile i leabhair, i bpaimfléidí agus in altanna.

Scriobh sé leabhair filíochta – Cumha agus Cumann (1985), Ó Pharnell go Queenie (1991) agus Ag Druidim le 80 (2017) a sheolfaidh Pádraig Mac Fhearghusa, Eagarthóir Feasta, den chéad uair amárach, Dé Sathairn ag an ócáid i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge. Scríobh sé agus d’aistrigh sé úrscéalta  Rex (1981), Mal, Linda (1987) agus Veinéiseach Éigin le Giuseppe Berto (1983).

Chuir sé i gcoinne athscríobh na staire ag polaiteoirí, ‘smaointeoirí’ agus staraithe. Scríobh sé agus ghníomhaigh sé i gcoinne Éire a bheith ag dul isteach sa Chomhphobal Eorpach, ag scríobh, i measc saothar eile,  An Cómhargadh (1971) agus The Common Market: A second Act of Union (1972).

De bhreis air sin go léir agus tuilleadh, bhunaigh sé a chomhlacht foilsitheoireachta féin Coiscéim i 1980 agus tá sé ag foilsiú leis ó shin. Tá timpeall 1,350 leabhar foilsithe aige, le scríbhneoirí cáilithe seanbhunaithe agus le scríbhneoirí nua ar thug Pádraig spreagadh agus uchtach ar leith dóibh dul i mbun pinn.

Agus dóibh siúd a bhfuil aithne mhaith acu air, is cara gnaíúil groí é. Is comhluadar iontach é agus bailíonn cuid dá sheanchairde agus dá chomhscríbhneoirí ina chomhluadar fós gach oíche Luain sa chúinne i gClub Chonradh na Gaeilge, an áit ar a dtugann sé a oifig.

Gura fada buan é.

Fág freagra ar 'Is mithid ceiliúradh a dhéanamh ar Phádraig Ó Snodaigh, fathach i saol na Gaeilge agus an náisiúin Ghaelaigh'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Obair na gcapall deanta ag Padraig. Go mba fada buan é.

  • Micheal de Mordha

    Rí na foilsitheoireachta Gaeilge….fear uasal íseal, mar a deireadh muintir a’ Bhlascaoid. Sinn go léir, mar scríbhneoirí, faoi chomaoin mhór aige. Thug sé misneach agus spreagadh thar cuimse dúinn. Murach é ní bheadh cuid de na leabhair Gaeilge is fearr atá ann foilsithe in aon chor.
    Faraor, níl ar mo chumas bheith ag ócáid na hoíche anocht….ach is cinnte go mbeidh oíche go trí mhaidin ann sa Chlub is ansa linn ar fad.
    Beir bua agus beannacht a Phádraig Uasail, Foilsitheoir Éireann!

  • Liam

    Beannachtai croiúil huig Padraig ó Ghleann Cholm Cille!

  • Liam

    Beannachtai croíúil chuig Padraig ó Ghleann Cholm Cille!

  • Pádhraic ó Láimhín

    Gach buíochas a Phádraig ó Phádhraic role agus Maigh Do uilig
    Go mba fada buan thú
    P Ó Láimhín