Saighdiúir Farraige – ócáid chuimhneacháin agus cheiliúrtha ar shaol agus ar shaothar Danny Sheehy
Músaem na Mara
Féile Litríochta IMRAM
Ócáid dhraíochtúil nach ndéanfaidh an slua a bhí i láthair dearmad go deo uirthi a bhí san ócáid chuimhneacháin do Dhomhnall Mac Síthigh – Danny Sheehy – a bhí ar siúl i nDún Laoghaire aréir mar chuid d’fhéile liteartha IMRAM.
Baineadh craitheadh as pobal Chorca Dhuibhne agus as an bpobal Gaelach trí chéile nuair a cailleadh Danny go tragóideach ar chósta na Portaingéile an samhradh seo caite. Ní hiontas ar bith, más ea, go raibh Músaem na Mara lán go barra nuair a chuir lucht litríochta agus ceoil dánta agus sleachta próis óna chuid scríbhinní Súil Seilge (2007) agus Iomramh Bhréanainn (2013), chomh maith le caointe agus dréachtaí eile a bhí cumtha acu féin ina ómós, i láthair. Cé gur ‘Saighdiúir Farraige’ an teideal a bhí ar an ócáid, agus cé go raibh an-bhéim ar thábhacht na farraige agus ar bheatha Danny mar iomramh saoil, ba é mórchroí agus ildánacht an fhir na teachtaireachtaí ba mhó a cuireadh abhaile i gcaitheamh na hoíche.
Ar na dea-thréithe iomadúla a luadh leis, bhí a fhéile, a spéis ina chomhdhuine, a shúil ghéar ceardaí, a ómós don dúlra, an aird a bhíodh aige ar na nithe beo agus neamhbheo timpeall air agus a chumas neamhchoitianta friotal cruinn a chur orthu. Léigh Ceaití Ní Bheildiúin, Simon Ó Faoláin, Bríd Ní Mhóráin agus Dairena Ní Chinnéide dánta leis a léirigh an pléisiúr agus an sólás a fuair sé ón timpeallacht nádúrtha agus an caidreamh dlúth a bhí aige le tírdhreach Chorca Dhuibhne. Luaigh Simon Ó Faoláin a thuiscint ar thimthriall na beatha, agus an ghné láidir spioradálta a bhain lena dhearcadh ar an saol agus ar an ealaín. Go deimhin, snáth a rith tríd an gcaint ar fad ab ea an tuiscint a bhí ag Danny ar ionad na healaíne i mbeatha an duine.
Luaigh an ceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich an chaoi a ndúirt sé go gcaithfeadh foireann an bháid a bhí le tabhairt faoin gCamino farraige ina theannta a bheith ina scríbhneoirí nó ina n-ealaíontóirí. Ba ealaín gach ceird a chleacht sé féin, agus luaigh an file Paddy Bushe an meas a bhí aige ar an tsaoirseacht chloiche, rud a léiríodh sa téacs a chum sé le cur le léaráidí Dominique Lieb sa leabhar álainn lámhchlóite Allagar na gCloch (2006).
Dar le Peadar Ó hUallaigh, ba é reacaire na muintire é, a labhair le glór an dúchais, ach a raibh spéis aige i ngach uile ghné den saol. Luaigh Tadhg Ó Dúshláine an chaoi a raibh Danny ina dhroichead go minic idir an sean agus an nua, idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht, idir íseal agus uasal, idir muintir Chorca Dhuibhne agus an domhan mór. Ba oilithreach é ar thábhachtach leis an turas agus an caidreamh le cultúir agus le pobail eile, ach ba in Iarthar Duibhneach agus sa chultúr Gaelach lenar tógadh é a mhair a anam.
Léirigh cuid de na sleachta a léadh agus na scéilíní a insíodh an greann agus an rógaireacht a bhain le Danny freisin. Chuir a dheartháir céile Fionn Ó Gráda an slua sna tríthí lena aithris bhríomhar ar an dán ‘Margaí Falsa’, léamh an ghnáthdhuine, ar leor dó an tine agus ‘rud le n-ithe’, ar an gcóras eacnamaíochta ina mairimid. Léirigh na cainteanna ar fad an meon oscailte dearfach a bhí aige, é ag breathnú amach roimhe agus ag ullmhú don chéad eachtra eile in aistear an tsaoil.
Cé gur ócáid shólásach a bhí i gceist, bhí sí brónach freisin, go háirithe do bhean ionúin Danny, Máire. Ba dheacair srian a chur leis na deora, go háirithe nuair a bhí foinn mhalla á gcasadh go binn ag na ceoltóirí, agus cairde Danny, Fearghal Mac Amhlaoibh, Peadar Ó hUallaigh agus Breanndán Ó Beaglaoich. Ba chorraitheach go deo na dánta faoi bhás Danny a léigh Breanndán, a bhí ina theannta nuair a cailleadh é, agus Seán Mac an tSíthigh, mac a dhearthár, a choinnigh comhluadar leis oíche a thórraimh.
Tá an-mholadh ag dul do gach aon duine a bhí rannpháirteach, agus do Chathal Póirtéir, a chóirigh agus a stiúraigh an ócáid. Chinntigh an t-ábhar físe, a d’ullmhaigh Margaret Lonergan leis an ngairmiúlacht is dual di, go raibh an cur i láthair rí-ealaíonta ó thús deireadh.
Na nithe sin a fuair Danny go flúirseach fáilteach óna mhuintir féin – ‘Croí agus muintearas agus éisteacht bhuan’ – creidim go bhfuair sé arís aréir iad. Is í a oidhreacht bhuan an tuiscint a thug sé dúinn ar a dtábhacht.
– Beidh IMRAM, Féile Litríochta na Gaeilge, ar siúl i mBaile Átha Cliath go dtí an 20 Deireadh Fómhair
Cluain Sceach
Ana-bhreá, a Mháirín. Sé mo sheacht trua nárbh fhéidir dom bheith i láthair. Súil agam gur dhein duine éigin taifead dena raibh le clos.
Pól Ó Duibhir
Sár phíosa. Tuarascáil fhoirfe ar chomóradh fhoirfe.
Taifeadadh ag Raidió na Gaeltachta.