Tá cúig bhád pléisiúir ag déanamh ar Dhún na nGall – is deacair gan smaoineamh ar an timpeallacht

Is iontach an gnó a leanann na báid phléisiúir ach is údar mór imní tionchar na mbád sin ar an dtimpeallacht

Tá cúig bhád pléisiúir ag déanamh ar Dhún na nGall – is deacair gan smaoineamh ar an timpeallacht

Chuala mé mír nuachta ar RTÉ RnaG a chuir ag smaoineamh mé. ‘Cúig cinn de bháid phléisiúir le cuairt a tabhairt ar na Cealla Beaga le linn mí Meán Fómhair na bliana seo’…..

Cúig cinn? Ní fhéadfadh sé sin a bheith fíor, an bhféadfadh?

Ach dheimhnigh mé é ar an suíomh idirlíon. Anuraidh tháinig 15 de bháid phléisiúir le cé ann. Gnó mór agus gnó atá ag méadú, is cosúil.

Agus mé ar mo bhealach go Gleann Cholm Cille i rith an tsamhraidh, chuaigh mé trí na Cealla Beaga. Ní raibh aon eolas agam faoi ghnó na mbád pléisiúir, ach chuir mé suim ins an réimse acmhainní agus seirbhísí a bhí ann d’iascairí. Siopaí móra earraí loinge, gnóthaí le longa agus innill a dheisiú, oifigí agus seirbhísí iascaireachta agus loingseoireachta.

Ag an am, bhí mé ag smaoineamh ar chalafort Ros an Mhíl agus ar thionscal na hiascaireachta. An uair dheireanach a chonaic mé an calafort agus mé ar mo bhealach go hInis Meáin, ní mórán a bhí ar siúl ann ar chor ar bith, seachas gnó na mbád fartha go hÁrainn. Bhí sórt cuimhne agam i bhfad siar ar Ros an Mhíl agus na Cealla Beaga a bheith luaite in aon abairt amháin, mar lárionaid iascaireachta. Bhí caint ar fhorbairtí móra.

Ach ba léir gur sna Cealla Beaga a rinneadh na forbairtí móra. Ní haon iontas go dtugann iascairí a gcuid éisc i dtír ann, cheap mé, agus an méid sin bonneagair dírithe orthu, thart ar an mbaile.

Ach rud ar leith é gnó na mbád pléisiúir. Meallann an ché fhada dhomhain, 300 méadar, iad. Is féidir leo fáiltiú roimh bháid ar nós an Queen Victoria, atá 294 méadar ar fhad. Sin dhá oiread an taobhlíne i bPáirc an Chrócaigh. Bíonn suas le 2,000 paisinéir uirthi agus 900 de chriú. Ar chuairt lae, tagann a bhformhór i dtír agus tugann aghaidh ar iontais Dhún na nGall. Bíonn rogha acu – turas bus thart ar an Atlantach Fiáin, nó turas eile go Páirc Ghleann Bheithe, nó siúlóidí lúibe, thart ar an mbaile féin.

Níl a fhios cé mhéad gnó, beag agus mór, a chothaíonn na báid phléisiúir sna Cealla Beaga ach i measc rudaí eile  is cuidiú mór iad do lucht na dturas bus, d’oifigí turasóireachta, do lucht ceardaíochta, tithe ósta agus bialanna. An lá a dtagann bád mór ar nós an Queen Victoria le cé ann, tagann muintir na háite amach ina sluaite. Fiú amháin iadsan, caitheann siad airgead go háitiúil dá bharr.

Bheadh sé deacair locht a fháil ar an ngnó seo ar fad, nach mbeadh?

Deirtear go mbeidh suas le 27.2 milliún duine ar bord loinge am éigin i mbliana ar cheann de na longa sin. D’fhás an gnó domhanda 5% i mbliana agus gach cosúlacht ar an scéal go leanfaidh sé sin.

Ach smaoinigh air seo: úsáideann siad 40-50 galún an duine d’uisce in aghaidh an lae. Smaoinigh ar an méid uisce dramhaíola a sceitheann as na longa (agus an méid sin le dúbailt faoi 2035) agus an tionchar a bhíonn aige seo ar fad ar an bhfiadhúlra.

Tá an-imní ar dhaoine faoi na timpeallachtaí is glaine agus is luachmhaire ar domhan – an tArtach agus an tAntartach. Léirigh tuarascáil ón WWF (World Wildlife Fund) i gCeanada le gairid go bhfuil an-imní orthu siúd faoi thionchar na mbád pléisiúir ar a dtimpeallacht féin. Tá rialacha ann cinnte faoi sceitheadh uisce agus dramhaíola – ach nuair atá bád mór amuigh ar an bhfarraige mhór – cé atá ag coinneáil súil uirthi?

Tugtar uisce liath nó ‘grey water’ ar an uisce a thagann amach as folcadáin, cithfholcadáin, innill níocháin etc. Táirgeann na longa an t-uafás ‘uisce liath’ ar gach turas agus caithfidh sé dul áit éigin. Bíonn caighdeáin arda athchúrsála agus cóiriú dramhaíola ar bord na longa is nua-aimseartha ach tá imní fós ann faoi chur i bhfeidhm na gcaighdeán.

Tá lucht na Inuit i gCeanada fíor-imníoch faoin tionchar a bheas aige seo ar fad ar na bráití iascaireachta, ar ghnáthóga míolta móra, agus ar na bealaí imirce atá ag na héisc dhúchasacha. Bhí tráth ann agus d’oibrigh an leac oighir féin mar sórt sconsa cosanta in aghaidh na mbagairtí seo.

Ar feadh i bhfad, níorbh fhéidir le longa a mbealach a dhéanamh timpeall ar thuaisceart Ceanada – Bealach an Iarthuaiscirt nó an ‘Northwest Passage,’ a tugadh ar an mbealach a chuardaigh taiscéalaithe agus mairnéalaigh ar feadh na mblianta. Chuir an t-oighear cosc orthu go dtí le gairid.

Anois, le hathrú aeráide, tá bealach aimsithe atá réasúnta saor ó oighear. Ní fada go mbeidh longa pléisiúir in ann dul soir agus siar an bealach seo ag baint sult as na radharcanna Artacha. Níl a fhios cén tionchar a bheas aige sin ar fad ar an timpeallacht álainn sin.

An tseachtain seo, agus stoirm ‘Florence’ ar an mbealach go cósta thoir theas Mheiriceá, cuireadh longa pléisiúir ansin ar chúrsa eile. Seachas an turas timpeall ar an Muir Chairib, mar a bhí beartaithe, bhíodar anois le dul ar thuras ó thuaidh go cósta Cheanada. Chonacthas na sluaite ag déanamh ar na siopaí sular fhágadar an calafort, agus iad ag ceannach geansaithe troma. Go n-éirí a dturas leo.

Fág freagra ar 'Tá cúig bhád pléisiúir ag déanamh ar Dhún na nGall – is deacair gan smaoineamh ar an timpeallacht'

  • wtf

    Díosal ramhar a dhónn siad. Búirthé dubh deataigh ag éirí amach astu go síoraí seasta. Gheofá an boladh lofa míle ó bhaile. Gach duine ina phruais siongáin ‘pléisiúir’ féin agus giollaí ag lútáil orthu de ló is d’oíche. Gach uile scroid airneáin agus maidine ina phacáiste plaisteach déanta féin. Míle míle acu in aghaidh an lae. Gach deic, gach dromchla, gach mac rud á sciomradh is á sciúradh ar dalladh le ceimiceáin. Agus an brocamas go léir á scaoileadh le sruth. Milleadh orthu mar longa pléisiúir.