Fág Gleann na nGealt thoir ach tabhair aire ar an mbóthar!

Sa chonspóid faoin N86 tá dream amháin d'iarraidh faoiseamh áirithe ón iargúltacht, agus dream eile d'iarraidh an iargúltacht chéanna a chosaint

Bothar

Fág Gleann na nGealt thoir

Is a bhfuil d’aois seo ár dTiarna i d’fhuil

Dún d’intinn ar ar tharla

Ó buaileadh Cath Chionn tSáile

Is ón uair go bhfuil an t-ualach trom

Is an bóthar fada, bain ded mheabhair

Srathar shibhialtacht an Bhéarla

Shelley, Keats is Shakespeare….

Is dócha gur beag a cheap an Ríordánach agus a aistear meafarach ó Ghleann na nGealt á bhreacadh aige gur achrann agus aighneas a bheadh á spreagadh ag an gconair ón ngleann céanna siar go Corca Dhuibhne, an N86. Dála an bhóthair iomráitigh nach bhfuil ann fós ó Ghaillimh go Scríb i gConamara, tá an N86 tar éis aird an phobail, na bpolaiteoirí, na Comhairle Contae, An Bhoird Pleanála agus gan dabht An Taisce a tharraingt, agus na páirtithe leasmhara ag ithe agus ag gearradh a chéile fé thodhchaí an bhealaigh úd.

Ritheann an N86 ó imeall bhaile Trá Lí siar go baile An Daingin, trí ghleanntaibh is trí mhámanna is trí shráidbhailte an Choma agus Abhainn an Scáil. Bealach fíorálainn is ea é, a gheibheann trí cheantar lán d’oidhreacht tógtha agus d’oidhreacht nádúrtha, trí tahobh tíre atá ina bheathaigh le Cú Roí agus Diarmaid Ua Duibhne ag faire anuas air.

Ach ina theannta sin, is drochbhóthar cúng agus cam é i bpaistí. Maraíodh roinnt mhaith daoine ar an mbóthar seo le blianta beaga anuas. Tá 3 cinn de chúinní 180º ann idir Abhainn an Scáil agus Lios Póil. Is ar éigean go bhfuil spás ar chuid de chun go ngeobhadh dhá charr thairis a chéile, gan trácht ar na busanna agus ar na trucailí a bhíonn ann coitianta i rith an tsamhraidh (ní fhacthas aon radharc ar na horse-drawn caravans agus na Gearmánaigh fhéasógacha ghruagacha á ngiollaíocht, a bhíodh chomh hiomadúil sna 1980í, le blianta fada, agus is mó eascainí a béiceadh ina dtreo tráth de dheasca a gcuid siúil a bheith chomh sámhánta).  Anuas air sin, bíonn na mílte rothaí á úsáid, agus tranglam tráchta ar an mbóthar á mbarra. Nuair a chuimhnítear gurb é an N86 an príomhbhóthar a úsáidtear chun earraí agus daoine a bhreith chun iarthar na leithinse, agus gurb é seo an bóthar a gheibheann formhór mór de mhuintir na háite agus iad ag dul soir go Trá Lí, Cill Airne nó níos faide i gcéin, tuigfidh tú gur bóthar lárnach i saol agus sícé Chorca Dhuibhne é.

Bhí Comhairle Contae Chiarraí suite meáite ar cruth agus cuma a chur ar an mbóthar seo ón gCom go dtí Lios Póil. Bhí sé i gceist acu an bóthar a leathnú agus a dhíriú, maille le bealach rothaíochta ar chliathán an bhóthair. Laghdódh sé sin an dainséar do thiománaithe agus do rothaithe a úsáideann an bóthar, agus chiorródh sé an turas isteach agus amach don leithinis. Níos tábhachtaí ná aon cheann acusan, bheadh an t-otharcharr in ann teacht agus imeacht go dtí Ospidéal Ginearálta Thrá Lí níos gaiste ná mar atá fé láthair.

Tá formhór mór de phobal na háite i bhfábhar an togra. So far so good, mar a déarfadh an Sasanach.

Ach tá roinnt daoine, an grúpa ollrúnda An Taisce ina measc, le ceangal fé. Faoin bplean úr bheadh an bóthar róleathan agus ródhíreach, dar leo, agus dhéanfadh sé ana-dhíobháil don dtaobh tíre agus don dtimpeallacht. Tá An Taisce tar éis athbhreithniú breithiúnach a lorg chun an togra a stopadh, agus dar le Cathaoirleach An Taisce John Hartnett “The impact of this development proposal on this most scenic route into the world-renowned Dingle peninsula, so rich in its natural and built heritage is of concern to An Taisce”.

Beidh sé seo os comhair na hArd-Chúirte an mhí seo chugainn. Bhí an baol ann go gcaillfí an maoiniú a bhí curtha ar leataobh don gcéad scéim eile den uasghrádú de dheasca iarrachtaí An Taisce, ach dhearbhaigh an Teachta Dála Breandán Ó Grífín le laethanta beaga anuas go raibh an maoiniú sin fós ar fáil. Cé go bhfuil roinnt daoine atá ag cur fúthu ar an leithinis nó a thugann cuairt ar an áit ó am go ham i gcoinne an togra, tá gníomhaíocht An Taisce tar éis fearg agus gomh agus conach a spreagadh i gCorca Dhuibhne, agus mórshiúl agóide eagraithe don 7 Feabhra chun an fhearg sin a léiriú.

Tá an iomrascáil fealsúnachta idir mianta mhuintir na háite agus gníomhaíochtaí An Taisce, agus tuiscintí maidir le hiargúltacht ina chroí istigh. Do mhuintir na háite, faoiseamh áirithe ón iargúltacht a bheadh sa bhóthar nua. Bheadh faoiseamh fisiceach acu ós rud é go mbeidís níos giorra don gcuid eile den dtír, níos giorra do mhargaí agus d’fhostaíocht, do stáisiúin traenach agus don aerfort, agus níos giorra do chluichí caide agus ócáidí sóisialta eile. Bheadh aistear níos giorra abhaile ag a gcairde agus agus a ngaolta. Ach rud teibí is ea an iargúltacht chomh maith; braitheann daoine in áiteanna imeallacha go bhfuil dearúd déanta ag córas an Stáit ar na daoine back wesht, ós rud é gur beag infheistíochta a dheineann an Stát sna háiteanna úd. Siombail a bheadh sa bhóthar seo go bhfuil an Stát sásta freastal ar na pobail seo in ionad a bheith de shíor ag sodar i ndiaidh na bpobal uirbeacha. Tá an méid seo le brath is le mothú ar na meáin shóisialta ó cuireadh tús leis an bhfeachtas an bóthar seo a bhrú chun cinn.

Gan dabht meallann an iargúltacht scata chun cuairt a thabhairt ar Chorca Dhuibhne agus socraíonn a lán eile síos san áit de bharr an chiúnais a bhaineann leis an iargúltacht chéanna. B’fhearr leo san ná cuirfeadh faic isteach ar an Útóipe atá cruthaithe acu dóibh féin. Agus sin agaibh an chnámh spairne –pobal amháin d’iarraidh faoiseamh áirithe ón iargúltacht, agus pobal eile d’iarraidh an iargúltacht chéanna a chosaint.

Ach i ndeireadh na dála, ní mótarbhealach atá á mholadh agus ní hé go bhfuil sé i gceist uachtar tarraigh a chur ó Tráigh Inse go Tráigh Formaoileach. Ní hé go loitfear na radharcanna aoibhe ar pharóistí Chill Gobáin, Bhaile an Bhóthair, Bhaile na Cúirte, Na Minairde, Chinn Aird, Na Gairfeanaí agus An Daingin – b’fhéidir go mbeadh seans níos fearr ag daoine lán a súl a bhaint astu gan a gcairteacha a chur isteach thar claí. Agus ina theannta sin ní hé go bhfuil aon easpa bóithre áille orainn ar an leithinis áirithe seo – tá Mám Conrach ar an mbealach is deise agus is breátha sa tír, gan trácht ar mhórchuaird Chinn Sléibhe; deirtear gur thit an chéad thurasóir riamh a sheas ag Casadh na Gráige i laige toisc nach raibh a intinn in ann a leithéid d’áilleacht is a bhí os a chomhair a sheasamh.

Is cuma más chomh díreach le bairille gunna nó chomh cam le hadharc reithe a bheidh an N86, geobhaid faobhar na faille siar tráthnóna gréine go Corca Dhuibhne.

Fág freagra ar 'Fág Gleann na nGealt thoir ach tabhair aire ar an mbóthar!'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Tá an áilleacht taobh thiar den Daingean. b

  • Tomás L. Ó Murchú

    Ardphíosa scríbhneoireachta.

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Na cruite capaill a tugtaí riamh ar an cúinní luaite thuas. Leathanaíodh ábhar iad ach ní mór ná gurb iad na cruite céanna iad. An ceann age Garraí na dTor is dócha is géire acu. Ach a mbímíst a’ dul to Tráigh Lí fudó, agus b’annamh san, m’anam ‘on diabhal, ach nár mhór don dtiománaí neart capaill a bheith ann chun an roth stiúrach a chasadh a’ gabháil timpeall orthu. Gheall le roth tractoir roth mótair an uair sin.

    ‘An bóthar ó thuaidh,
    ‘s an bóthar aduaidh,
    an bóthar ó thuaidh
    chún Tráigh Lí,’

    a deireadh an seana-dhream. Ach ‘on diabhal, a’ ndéanfaidh san an gnó inniu. Éinne a chaitheann é chur de nach aon lá, tá Murchadh roimis. Mar sin, sáin a’ tsluasaid, is an priocóid, go raghad a’ leagadh chlaitheacha!!!