8,451 leanbh ag fanacht ar oibrí sóisialta – práinn mhór ag baint le 33% de chásanna

30% de leanaí a dteastaíonn oibrí sóisialta uathu fós ag fanacht. Fanacht os cionn trí mhí ar 1,774 leanbh a bhfuil práinn mhór ag baint lena gcásanna

(c)jonchallicom

Tá 8,451 leanbh ag fanacht ar oibrí sóisialta i láthair na huaire agus is cásanna a bhfuil ‘práinn mhór’ ag baint leo 2,844 acu sin, de réir figiúirí nua atá curtha ar fáil ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Faoi dheireadh na Samhna seo caite, bhí 28,439 cás aitheanta mar chásanna ar theastaigh cúram oibrí sóisialta chun déileáil leo, rud a fhágann go bhfuil 30% de na leanaí a bhfuil cúram ar leith ag teastáil uathu fós ag fanacht ar oibrí sóisialta.

De na 8,451 nach bhfuil oibrí sóisialta curtha ar fáil dóibh go fóill, tá 5,347 acu ag fanacht le breis agus trí mhí ar oibrí sóisialta.

Tá práinn mhór ag baint le cás 1,774 de na leanaí a bhfuil os cionn trí mhí caite acu ag fanacht ar chúram oibrí sóisialta.

San áireamh anseo tá idir chásanna nua a dteastaíonn tuilleadh measúnú uathu agus chásanna leanaí atá sa chóras cheana a bhfuil tacaíocht leanúnach de dhíth orthu.

Dúirt an tAire Leanaí, James Reilly sa Dáil inné gur dheimhnigh an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach dó go dtugtar aire gan mhoill do leanaí atá i gcontúirt láithreach agus go dtéitear i ngleic lena gcásanna siúd – cásanna éigeandála – ar an toirt.

Chumhdódh na cásanna seo leanaí atá tréigthe nó leanaí a bhfuil an baol ann go mbuailfí iad nó go ndéanfaí ionsaí gnéis orthu, a dúirt sé.

Faoi dheireadh mhí na Samhna 2014, bhí 1,403 oibrí sóisialta lánaimseartha fostaithe ag an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Is ionann an figiúr seo agus 40% dá bhfórsa oibre iomlán. Bhí 84 oibrí sóisialta ar shaoire máithreachais ag an am.

Thug an tAire Reilly le fios go ndéantar measúnú ar bhonn priacail ar fholúntais sna seirbhísí sóisialta nuair bhíonn fostaithe ar shaoire máithreachais lena chinntiú nach dtitfidh na huimhreacha chomh híseal sin agus nach bhféadfaí seirbhís iontaofa a chur ar fáil a chinnteodh go mbeadh leanaí slán sábháilte.

Thug an tAire le fios don Teachta Dála neamhspleách Catherine Murphy go raibh sraith céimeanna á dtabhairt ag an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach chun dul i ngleic le heaspa oibrithe sóisialta.

Ó bunaíodh í, tá 155 duine fostaithe mar oibrí sóisialta acu agus tá 193 post eile ann a bhfuil tús curtha le próiseas earcaíochta lena n-aghaidh, a dúirt an tAire Leanaí.

Dúirt sé gur tugadh scéim phíolótach isteach le gairid freisin, áit ar féidir conradh bliana a thairiscint do bhaill foirne shealadacha sa tslí is nach mbeidh easpa ann agus oibrithe eile ar shaoire máithreachais.

Dúirt an tAire O’Reilly go n-aithnítear go bhfuil dúshlán nach beag ag baint leis an réimse oibre seo agus dá réir sin go bhféachtar le hoiliúint mar is ceart a chur ar oibrithe nuacháilithe.

Dúirt an tAire freisin go bhfuil córas nua á thabhairt isteach chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar na cásanna ar shlí a chinntíonn go dtugtar tús áite do na cinn is measa.


 

Briseadh síos ar líon na leanaí a dteastaíonn cúram oibrí sóisialta uathu de réir na práinne a bhaineann lena gcásanna


 

Líon na gcásanna de réir práinne Oibrí sóisialta curtha ar fáil Ag fanacht ar oibrí sóisialta Iomlán
Práinn mhór 8,767 2,844 11,611
Práinn mheasartha 6,852 3,977 10,829
Práinn íseal 4,369 1,630 5,999
Iomlán 19,988 8,451 28,439

Fág freagra ar '8,451 leanbh ag fanacht ar oibrí sóisialta – práinn mhór ag baint le 33% de chásanna'