675 cás nua fógartha agus seisear básaithe, ráta coicíse an ghalair tite

2,576 duine a fuair bás de dheasca an Covid-19 in Éirinn go dtí seo, 680 duine ó thuaidh den teorainn agus 1,896 ó dheas di

675 cás nua fógartha agus seisear básaithe, ráta coicíse an ghalair tite

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis agus deimhníodh 675 cás nua den ghalar.

Tá líon na gcásanna ar an meán le seachtain anuas tite arís agus 865 atá anois ann.  

Dealraíonn sé mar sin go bhfuil fianaise áirithe ann go raibh ag éirí leis na srianta Leibhéal 3 a bhí i bhfeidhm go dtí an tseachtain seo caite líon na gcásanna den ghalar a laghdú nó a chur ar bhonn níos seasmhaí ar a laghad.

Bhain 104 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 67 cás nua a bhí i gcontae na Mí agus 20 cás a bhí i nDún na nGall.

17 cás a bhí i gCiarraí, 13 cás a bhí i nGaillimh agus bhí níos lú ná cúig chás i Maigh Eo agus i bPort Láirge.

199 de chásanna an lae inniu a bhain le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite faoi bhun 300 den chéad uair le tamall, ó 308 go dtí 299 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír.

Tá an ráta tite i ngach contae Gaeltachta inniu seachas i gCiarraí.

Ráta 598 atá i gcontae na Mí, 370 atá i nGaillimh, 333 atá i gCorcaigh, 312 atá i nDún na nGall, 258 atá i Maigh Eo agus 225 atá i bPort Láirge.

D’ardaigh an ráta coicíse i gCiarraí ó 280 inné go dtí 283 inniu.

Tá 328 othar atá buailte ag an Covid-19 sna hospidéil, sin laghdú ón 354 a bhí iontu inné. Tá 41 duine díobhsan in aonad dianchúraim, triúr sa bhreis ar an lá inné.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt gur bhásaigh naonúr eile de bharr an Covid-19. Ina measc bhí fear óg faoi bhun 20 bliain d’aois, an duine is óige a bhásaigh de dheasca an ghalair i dTuaisceart Éireann go dtí seo.

D’fhógair an Roinn Sláinte 840 cás breise den Covid-19 ansin inniu chomh maith.

FILE PHOTO Wet pubs in Dublin are set to remain closed under the Government’s medium term plan for Covid END 17/06/2020. Covid-19 Pandemic (Coronavirus), Ireland, Lockdown Day 83. Day 10 of Phase two. A man wearing a face mask passes by The Auld Dubliner pub in Temple bar in Dublin which is closed down due to Covid 19. Two-metre social distancing rule could be reduced to one metre for pubs and restaurants opening this month. Photo: Leah Farrell/RollingNews.ie

352 othar atá buailte ag an Covid-19 a bhí sna hospidéil ó thuaidh den teorainn tráthnóna agus 44 díobh atá in aonad dianchúraim.

2,576 duine a fuair bás de dheasca an Covid-19 in Éirinn go dtí seo, 680 duine ó thuaidh den teorainn agus 1,896 ó dheas di.

95,828 cás den ghalar atá deimhnithe go dtí seo, 59,434 ó dheas agus 36,394 ó thuaidh.

Beidh cruinniú ag Feidhmeannas Stormont amárach leis na hiarmhairtí atá ar na srianta atá i bhfeidhm ansin faoi láthair a phlé. Ní scaoilfear na srianta a cuireadh i bhfeidhm ar an 19 Deireadh Fómhair go ceann coicíse eile.

Ceaptar go n-athosclóidh na scoileanna ó thuaidh tar éis saoire Samhna níos faide a bheith acu.

Tá sé séanta ag feidhmeannaigh sláinte gur iarr siad ar a gcomhghleacaithe ar an taobh seo den teorainn cúram sláinte a chur ar fáil do chuid de na hothair Covid-19 ó thuaidh cheal leapacha a bheith acu féin.

Tá 103% de leapacha ospidéil ó thuaidh den teorainn lán faoi láthair ach deir lucht na seirbhíse sláinte gur féidir tuilleadh leapacha dianchúraim a sholáthar más gá.

D’ainneoin go bhfuil an Ghearmáin ar cheann de na tíortha san Eoraip is lú a bhfuil cásanna den choróinvíreas iontu faoi láthair, tuairiscítear go gcuirfear dianghlasáil theoranta i bhfeidhm ansin an mhí seo chugainn. Dúnfar gach teach tábhairne agus gach bialann sa tír ón dara lá de mhí na Samhna go dtí an 30 Samhain ach fágfar scoileanna agus siopaí ar oscailt.

Léiríonn na staitisticí is deireanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú gur 156 duine as gach 100,000 duine an ráta coicíse Covid-19 atá sa tír.

An Eastóin, an Fhionlainn, an Iorua, an Laitvia agus an Ghréig na cúig thír eile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ina bhfuil an ráta níos ísle ná sin.

Tá an ráta coicíse sin ag 1,400 in aghaidh gach 100,000 duine i bPoblacht na Seice agus sa Bheilg. Tá an líon céanna daoine in ospidéal sa Bheilg faoi láthair de bharr an víris agus a bhí ann nuair ba mheasa a bhí an ráig san earrach.

Maidir le tíortha eile san Aontas 660 an ráta sa bhFrainc, 470 sa Spáinn, 424 sa Ríocht Aontaithe agus 330 san Iodáil.

Tá 6.5 milliún cás den Covid-19 deimhnithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus sa Ríocht Aontaithe ó thús na paindéime agus tá 213,00 duine curtha den saol ag an víreas.

Fág freagra ar '675 cás nua fógartha agus seisear básaithe, ráta coicíse an ghalair tite'