617 cás nua deimhnithe, deichniúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris

Os cionn 7,000 duine atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime

617 cás nua deimhnithe, deichniúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris

Deichniúr eile a raibh an Covid-19 orthu atá básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 617 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

7,004 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,140 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,866 duine ó dheas di.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan tráthnóna go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas i gcónaí.

“Tá dea-bhail orainn toisc scaipeadh an víris a bheith laghdaithe go mór agus tá an clár vacsaínithe ag cosaint níos mó agus níos mó de na daoine is mó atá i mbaol ó dhrochiarmhairtí an COVID-19.

 “Má éiríonn linn cúrsaí a choinneáil mar atá faoi láthair, tá dóchas ann go mbeimid in ann maolú ceart a dhéanamh ar na srianta, ach tá sé chomh tábhachtach agus a bhí riamh nach gcuirfeadh muid an dul chun cinn i mbaol trína bheith róshiléigeach rósciobtha.”

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Choiste Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET go meastar go bhfuil an uimhir R an-ghar do 1.0. Tá líon na ngartheagmhálaithe gar do 2.6 i gcónaí – léiriú iontach ar a dhíograisí agus atá an pobal faoin scaipeadh sóisialta a chosc, arsa an tOllamh Nolan.

“Tá táscairí uilig an ghalair seasta nó ag laghdú go mall, cé go bhféadfadh go mbeadh ardú ar líon na gcásanna sna laethanta beaga seo romhainn. An scaipeadh sa phobal a chur faoi smacht an bealach le cúrsaí a choinneáil amhlaidh sna seachtainí seo romhainn agus ansin beimid ábalta tosú ag maolú na srianta.”

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Choiste Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET, gur cásanna i measc daoine idir 13-18 is mó is cúis leis an ardú ar líon na gcásanna le 48 uair an chloig.

Tá fianaise ann leis gur ardaigh líon na dteagmhálaithe sóisialta a bhíonn ag daoine thart ar an 12 Aibreáin ach meastar nach athrú buan atá ann.

Maidir leis na básanna is déanaí, seachtar a bhásaigh an mhí seo, bhain bás amháin le mí an Mhárta, bhain ceann eile le mí Feabhra agus bhásaigh duine amháin mí Eanáir.

176 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 48 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 878,823 duine agus an dara dáileog faighte ag 362,142 duine.

Bhain 84 den 617 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le Dún na nGall.

22 cás a bhain le contae na Mí, 21 cás a bhain le Gaillimh agus 18 cás a bhí i Maigh Eo. 14 cás a bhí i gCorcaigh, 12 cás a bhí i bPort Láirge agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí.

Meánráta 118 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 257 atá i nDún na nGall, an ráta is airde sa tír, agus tá an ráta i gcontae na Mí, 161, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 100 atá i Maigh Eo, 80 atá i nGaillimh agus 65 atá i bPort Láirge. Ráta 38 atá i gCiarraí agus 35 atá i gCorcaigh, an dara ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh triúr eile básaithe de dheasca an víris. 120 cás nua a deimhníodh.

62 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seachtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 883,913 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 311,850.

364,046 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 245,310 cás ó dheas den teorainn agus 119,471 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '617 cás nua deimhnithe, deichniúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris'