503 cás nua fógartha, deireadh le ‘béile téagartha’ nuair a osclófar tithe tábhairne an mhí seo chugainn

Tá tuilleadh tíortha atá i ndea-chaoi ó thaobh na paindéime le cur ar an liosta tíortha a mbeadh cead ag a muintir cuairt neamhriachtanach a thabhairt ar an Aontas Eorpach

503 cás nua fógartha, deireadh le ‘béile téagartha’ nuair a osclófar tithe tábhairne an mhí seo chugainn

Tá 503 cás nua den Covid-19 deimhnithe an Roinn Sláinte tráthnóna.

101 othar atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 38 díobhsan in aonad dianchúraim.

Níl aon fhigiúirí le fáil inniu faoi bhásanna, faoi vacsaíní ná faoi líon na gcásanna sna contaetha éagsúla de bharr an chibirionsaithe a rinneadh ar an HSE an tseachtain seo caite.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 107 cás nua a deimhníodh.

37 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,004,070 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 575,059.

Ar a laghad 7,087 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,150 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

377,936 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 256,115 cás ó dheas den teorainn agus 121,821 cás ó thuaidh di.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar níos luaithe inniu nach gá do thábhairní bia “béile téagartha” a chur ar fáil do chustaiméirí nuair a bheidh cead seirbhís faoin aer ag tithe tábhairne agus bialanna ar an 7 Meitheamh.

Thug an Tánaiste le fios go bhfuil treoirlínte maidir leis an tseirbhís faoin aer á gcur le chéile i láthair na huaire ach dúirt sé go gcaithfeadh custaiméirí a bheith ina suí ag bord agus nach gceadófaí níos mó ná seisear ag aon bhord.

Dúirt sé freisin nach raibh an Rialtas chun teorainn a chur leis an am a d’fhéadfadh duine a chaitheamh i dtábhairne nó i mbialann.

Dúirt an Tánaiste go raibh súil aige go mbeadh cead oscailte ag soláthar bia faoi dhíon ag tús mhí Iúil.

Ag cruinniú a bhí ag ambasadóirí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil ar maidin aontaíodh go mbeadh cead ag paisinéirí nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad agus a bhfuil an cúrsa iomlán vacsaíne faighte acu dul ar saoire i dtíortha an Aontais an samhradh seo.

Socraíodh chomh maith go gcuirfí tuilleadh tíortha atá i ndea-chaoi ó thaobh na heipidéime ar an liosta tíortha a mbeadh cead ag a muintir cuairt neamhriachtanach a thabhairt ar an Aontas.

Déanfar cinneadh faoin liosta nua Dé hAoine. Níl ach ocht dtír ar an liosta sin faoi láthair – an Astráil agus an Nua-Shéalainn péire acusan.

I ráiteas ón gCoimisiún dúradh go mbeadh “coscán éigeandála” nua ann a ligfeadh do bhallstáit “gníomhú go gasta agus go comhordaithe” sa gcás go mbeadh an baol ann go dtiocfadh cineálacha nua den choróinvíreas isteach.

Soláthar vacsaíní don domhan atá i mbéal forbartha agus do dhaoine ar fud na cruinne atá ar an ngannchuid an t-ábhar eile a pléadh ar maidin.

Le sé mhí bhí rialtais na hAfraice Theas agus na hIndia ag éileamh gur chóir do thíortha na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO) na cearta maidir le maoin intleachtúil nó paitinn na vacsaíní a chur ar ceal. An tseachtain seo caite thacaigh Uachtarán Mheiriceá Joe Biden leis an moladh sin.

Dúirt Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Valdis Dombrovskis, inniu gur dóigh leis féin gur fearr a chuideodh moladh eile leis an soláthar a mhéadú agus vacsaíní a scaipeadh.

Dúirt sé go mbeadh an tAE sásta scrúdú a dhéanamh ar an moladh faoi na paitinní faoin gConradh maidir le Gnéithe Trádála Chearta Maoine Intleachtúla (TRIPS) ach gur dóigh leis féin gurbh éifeachtúla a bheadh sé an táirgeacht a mhéadú, vacsaíní a roinnt níos gasta agus níos saoire agus srian a chur le cosc easpórtála vacsaíne.

Dúirt an Leas-Uachtarán go n-easpórtáiltear leath de na vacsaíní a tháirgtear san Aontas Eorpach agus d’iarr sé ar na táirgeoirí geallúintí a dhéanamh go gcuirfí vacsaíní ar fáil ar chostas a dtáirgthe do thíortha atá ar an ngannchuid.

Mheabhraigh sé do na ballstáit chomh maith go gceadaíonn rialacha an WTO do thíortha “ceadúnas éigeandála” a thabhairt do dhéantúsóirí atá sásta vacsaíní a chur ar fáil ar chostphraghas agus nach mbeadh cead riachtanach chuige sin ón dream ar leo an phaitinn.     

Fág freagra ar '503 cás nua fógartha, deireadh le ‘béile téagartha’ nuair a osclófar tithe tábhairne an mhí seo chugainn'