50 aisteoir ar 14 ardán amuigh faoin aer i gConamara – seó nua de chuid Fíbín

Cogadh na Saoirse mar théama ag an léiriú a bheidh mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.

50 aisteoir ar 14 ardán amuigh faoin aer i gConamara – seó nua de chuid Fíbín

Seamus Hughes, Rod Goodall, Siobhán O'Kelly, Morgan Cooke agus Isaac Ó Cathasaigh

Tá taispeántas amharclannaíochta faoin teideal Cogadh na Saoirse le léiriú i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara ar feadh seacht n-oíche ag an gcompántas Fíbín sa Taibhdhearc mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.

Beidh 50 aisteoir páirteach sa taispeántas amuigh faoin aeir ar 14 ardán éagsúil ar shuíomh ceithre acra ag lárionad Fíbín ar an Tulaigh. Beidh banna ceoil seachtair páirteach ann chomh maith.

Deir lucht an chompántais drámaíochta gur ‘léiriú spleodrach’ a bheidh ann ina mbeidh seánraí go leor – greann, ilsiamsa, méaldráma, balbhscannán, nuachtscannáin, puipéadóireacht, drumadóireacht, ceol agus damhsa traidisiúnta, ceoldráma agus go leor eile.

Beidh scéal an cholúin reatha, na Dúchrónaigh, an teach mór agus an teach tuaithe i gceist ann agus léargas ann “ó chrá croí na coimhlinte go hidirbheartaíocht an chonartha i Londain” a deir lucht an chompántais aisteoireachta.

An scríbhneoir agus stiúrthóir Philip Doherty a chruthaigh an taispeántas amharclainne do Fíbín agus deirtear go dtabharfar an lucht féachana ar ais céad bliain chuig tréimhse achrannach i stair na hÉireann “ar bhealach a rachaidh go croí iontu”.

Ar an gcliar aisteoirí tá Siobhán O’Kelly, Séamus Hughes, Isaac Ó Cathasaigh, Rod Goodall agus Morgan Cooke.

Ón 27-29 Lúnasa agus ón 2-5 Meán Fómhair a bheidh an taispeántas ar siúl, ag tosú gach oíche ag 9.30pm.

Fág freagra ar '50 aisteoir ar 14 ardán amuigh faoin aer i gConamara – seó nua de chuid Fíbín'

  • Seanín Conamara.

    s’maith iad. An-spéisiúil ar fad. Is deas iad na cultacha!.

  • Rossa Ó Snodaigh

    Céim stairiúl i ndrámaíocht na Gaeilge agus drámaíocht na hÉireann a bheidh sa léiriú seo.
    Ní hamháin go mbeidh gnáth-ard chaighdeán splódarach Fíbín ar taispeáint ach é á léiriú ar bhealach iomlán úr.
    Mholfainnse d’éinnse a dtaithníonn drámaíocht, stair na drámaíochta nó fiú an stair féin freastal ar an ngaisce seo.