5 Rud le déanamh ag an Oireachtas inniu: Faigh Teidí Tuairisc.ie, tabhair cuairt ar An Saol Ó Dheas agus…

Agus oiread sin comórtas, seoltaí agus imeachtaí eile ar siúl ag an Oireachtas bíonn sé deacair rogha a dhéanamh. Seo roinnt comhairle ó Tuairisc…

5 Rud le déanamh ag an Oireachtas inniu: Faigh Teidí Tuairisc.ie, tabhair cuairt ar An Saol Ó Dheas agus…

1. Tabhair cuairt ar An Saol Ó Dheas…

Téigh ag féachaint ar chlár raidió. Beidh go leor clár raidió, clár teilifíse agus podchraoltaí á gcraoladh beo ag Oireachtas na Samhna i mbliana. Beidh An Saol Ó Dheas á chraoladh beo ón lobaí sa Gleaneagle go gairid i ndiaidh meán lae inniu agus amárach. Choimeád an clár anamúil seo scéalta suimiúla agus caint bhríomhar linn i rith na paindéime, go háirithe leis na cláracha áille lán samhlaíochta a dheineadar lasmuigh den stiúideo agus laistigh de na srianta Covid. Más ceol agus caint den scoth atá uait, tabhair cuairt ar Helen Ní Shé agus a criú sa lobaí – ní ligfidh siad síos thú.

Beidh Adhmhaidin ag craoladh beo ó Ródaí RnaG chomh maith ar maidin agus beidh an podchraoladh aitheanta Beo ar Éigean ag craoladh beo ón Seomra Glas sa Gleneagle ag 1.30pm. Beidh taifeadadh beo á dhéanamh ar Céilí House RTÉ Raidió 1 ón láthair chéanna ag 3.45pm agus craolfar beo ó Leibhéal 1 an INEC anocht 7Lá, clár cúrsaí reatha TG4.

2. Faigh Teidí Tuairisc.ie ag Aonach an Oireachtais…

Inniu a chuirfear tús le hAonach an Oireachtais agus beidh Tuairisc i measc na gcomhlachtaí agus na n-eagraíochtaí a mbeidh seastán acu ann i mbliana. Tar luath agus b’fhéidir go mbeadh Teidí Tuairisc againn duit má bhíonn tú go deas linn.

Ní rudaí in aisce amháin a bhíonn ag an Aonach, áfach, agus bíonn, mar shampla, neart leabhar Gaeilge le díol. Faigh lán do phóca de phinn saor in aisce mar sin ach cuir cúpla euro chomh maith i bpóca scríbhneoirí na Gaeilge.

3. Téir ar ‘An Cosán Draíochta’ le Johnny Óg Connolly

Is minic muintir Chonamara ag cásamh meath an scene a bhíodh ar an Spidéal nuair a bhíodh na daoine áille as Teilifís na Gaeilge ag triall ar Thigh Hughes chun éisteacht le seisiún ceoil den scoth. Tá fáilte mhór curtha mar sin ag lucht an chultúir oíche i gConamara roimh Stiúideo Cuan a bhfuil splanc curtha arís aige i saol sóisialta an Spidéil. Beidh deis ag lucht an Oireachtais fáil amach cad chuige an t-ardmholadh ar fad do Stiúideo Cuan nuair a chuirfear ar stáitse anocht in Amharclann an Oireachtais an chéad choimisiún ceoil a rinne an t-ionad cultúir nua – An Cosán Draíochta le Johnny Óg Connolly. Ceol nua atá sa seó seo a chum Johnny Óg in ómós dá athair, an sárbhoscadóir Johnny Connolly, nó Johnny Phádraic Phíotair.

 

4. Tóg sos ó na comórtais sa Seomra Teaghlaigh agus ag Cuideachta an Oireachtais

Ní hé gach Gael óg a bhíonn sásta an lá a thabhairt ag éisteacht le lúibíní agus agallaimh bheirte agus is iomaí tuismitheoir a bhíonn buíoch as an Seomra Teaghlaigh a bhíonn ag Glór na nGael gach bliain. Beidh imeachtaí éagsúla ar siúl sa seomra a bheidh lán le bréagáin, cluichí boird, ábhar ealaíne agus leabhair. Beidh an Seomra Teaghlaigh ar oscailt ón 10am-5pm.

Ag 4pm tráthnóna i mBálseomra an Gleneagle a bheidh Cuideachta an Oireachtais ar siúl, teacht le chéile Thuismitheoirí na Gaeltachta do theaghlaigh Ghaeltachta chun an amhránaíocht, an ceol, an damhsa agus na traidisiúin bhéil a cheiliúradh. Nach smaoineamh iontach é ceiliúradh a dhéanamh ar an dúchas amach ó shúil aireach mholtóir an chomórtais?

5. Scaoil faoin mbaile ar chamchuairt caide…

Bíonn sé deas éalú ó fhothragadh agus gleo an Gleneagle agus cúpla uair an chloig a chaitheamh i mbaile Chill Airne féin. Níl aon easpa bialann ná tithe tábhairne deasa ann ach ó tharla tú i gCiarraí tá sé chomh maith agat comhrá faoi chúrsaí caide a bheith agat le muintir na háite. Ní bheidh aon easpa cainte i mbliana orthu, ag míniú duit conas a tugadh Sam ‘abhaile’ arís. Bíodh piúnt i dtábhairne iomráiteach Jimmy Brien ar Shráid an Choláiste agat mar a mbíonn lucht ceoil is amhráin ó Mhúscraí is ó Chorca Dhuibhne coitianta ar a scol. Cé nach mbíonn fear a tí, Jimmy Brien, i mbun na háite a thuilleadh, chífir fós ann an t-ómós atá don dtrí ‘c’ – ceol, caid agus comhluadar. Buail isteach chomh maith chuig an Tatler Jack ar Shráid Pluincéad mar a bhfuil iarchathaoirleach Bhord CLG Chiarraí ina úinéir agus mar a mbíodh Colm Cooper ina fhreastalaí beáir tráth.

Fág freagra ar '5 Rud le déanamh ag an Oireachtas inniu: Faigh Teidí Tuairisc.ie, tabhair cuairt ar An Saol Ó Dheas agus…'

  • Seanán Ó Coistín

    Bhain an focal aisteach aduain “lobaí” tuisle asam. Cé a chum an cacamas sin? Ní raibh le déanamh ach breathnú anseo – https://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/lobby

    hotel lobby forhalla óstáin