467 cás nua fógartha, gan aon bhás le fógairt ó thuaidh don deichiú lá as a chéile

99 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ó dheas ar maidin agus bhí 38 acusan in aonad dianchúraim

467 cás nua fógartha, gan aon bhás le fógairt ó thuaidh don deichiú lá as a chéile

Tá 467 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

99 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 38 acusan in aonad dianchúraim.

Níl raibh aon fhigiúirí le fáil inniu faoi bhásanna, faoi vacsaíní ná faoi líon na gcásanna sna contaetha éagsúla mar gheall ar an gcibirionsaí a rinneadh ar an HSE an mhí seo.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris, an deichiú lá as a chéile nach raibh aon bhás nua le fógairt. 75 cás nua a deimhníodh.

28 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,037,892 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 648,518.

Ar a laghad 7,089 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,152 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

381,694 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 259,187 cás ó dheas den teorainn agus 122,507 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '467 cás nua fógartha, gan aon bhás le fógairt ó thuaidh don deichiú lá as a chéile'