4,570 cás nua fógartha, dhá scór othar breise sna hospidéil le lá anuas

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

4,570 cás nua fógartha, dhá scór othar breise sna hospidéil le lá anuas

4,570 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

622 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, dhá scór duine níos mó ná mar a bhí i gceist inné. Tá 117 díobhsan in aonad dianchúraim, aon duine dhéag níos mó ná mar a bhí ansin inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,457 cás nua a fógraíodh.

412 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 37 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Pléifidh fochoiste Covid-19 an Rialtais tráthnóna comhairle NPHET chun dul i ngleic leis an maidhm is déanaí den víreas san Eoraip.

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil an córas sláinte faoi bhrú mór mar gheall ar an ardú atá ar líon na gcásanna.

Dúirt an Taoiseach inné nach raibh sé i gceist filleadh ar shrianta dianghlasála agus go raibh cúrsaí athraithe go mór i gcomparáid leis an am seo anuraidh mar gheall ar an gclár vacsaínithe.

Mura mbeadh na vacsaíní bheadh sé ina dhianghlasáil arís againn, a dúirt Micheál Martin.

Mar sin féin, bhí cúrsaí “an-tromchúiseach” go háirithe agus brú ar an gcóras sláinte mar gheall ar líon na dtinneas riospráide eile atá á dtolgadh ag páistí faoi láthair

Dúirt an Taoiseach go mbeadh go leor ag brath ar dháileadh na teanndáileoige agus gur údar dóchais a bhí sa laghdú a bhí tagtha cheana féin ar líon na gcásanna i measc daoine os cionn 80, dream a bhfuil na teanndáileog faighte acu.

Fág freagra ar '4,570 cás nua fógartha, dhá scór othar breise sna hospidéil le lá anuas'