456 cás nua den Covid-19 deimhnithe, na ‘comharthaí dearfacha ina stad’

Ó thuaidh den teorainn deirtear ‘gur dóichí ná a mhalairt’ go mbeidh srianta breise i bhfeidhm roimh an Nollaig

456 cás nua den Covid-19 deimhnithe, na ‘comharthaí dearfacha ina stad’

Tá 456 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna agus tá cúigear eile básaithe de dheasca an ghalair.

43 cás a bhí i gCorcaigh inniu, 38 cás a bhí i gcontae na Mí, 21 cás a bhí i bPort Láirge agus 11 cás a bhí i nDún na nGall.

Deich gcás a bhí i nGaillimh, ocht gcás a bhí i gCiarraí agus sé chás a bhí i Maigh Eo.

105 cás a bhain le Baile Átha Cliath. 85 cás a bhí i Luimneach agus é deimhnithe ag NPHET go bhfuil ráigeanna in ospidéal agus i measc mic léinn sa chontae.

Tá 274 othar atá buailte ag Covid-19 sna hospidéil agus 33 díobhsan atá in aonad dianchúraim, laghdú ón lá inné.

Deir an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn nach bhfuil aon chúis ar leith leis an ardú ar líon na gcásanna le roinnt laethanta anuas ach go bhfuiltear “i bhfad” ón sprioc go mbeadh níos lú ná 100 cás in aghaidh an lae ann roimh thús na míosa seo chugainn.

Dúirt sé gurb é an rud is fearr a d’fhéadfaí a rá ná go bhfuil na “comharthaí dearfacha” faoin ngalar “ina stad”.

“Níl ach achar an-ghearr fágtha leis an ngalar a chur ar gcúl arís,” a deir an Dr Ronan Glynn.

Tá ráta coicíse an ghalair anois ag 120 cás in aghaidh gach 100,000 duine go náisiúnta.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall – 270 – agus is i bPort Láirge atá an tríú ráta is airde sa tír – 162.

Tá an ráta anois ag 140 i gcontae na Mí, 124 i gCiarraí agus 113 i Maigh Eo. Ráta 84 atá i gCorcaigh agus ráta 81 atá i gceist i nGaillimh.

Tuairiscítear go bhfuil an Rialtas ag caint ar dheochanna alcóil beir leat as tithe tábhairne a chosc de bharr roinnt eachtraí a tharla ar na sráideanna ag an deireadh seachtaine.

Bhí físeáin ar na meáin shóisialta ag an deireadh seachtaine de shluaite ag ól ar shráideanna lár na cathrach i mBaile Átha Cliath.

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Dúirt an Dr Ronan Glynn go gcuirfeadh na daoine a chruinnigh le chéile ag ól ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine lagmhisneach ar an móramh atá ag cloí leis an gcomhairle.

Faoi shrianta Leibhéal 5 an Covid-19, tá cead ag tithe ósta deochanna a dhíol le tabhairt leat ach iad a ól 100 méadar ón teach ósta.

Ní fhéadfadh an Roinn Sláinte aon rialacháin nua a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh sin ceadaithe ag an Rialtas ach tuairiscítear cuid mhaith den Rialtas a bheith ar a shon.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 14 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Is le lá anuas a bhásaigh deichniúr acusan.

Deimhníodh 331 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu, an líon is lú in aon lá amháin ó thús mhí Dheireadh Fómhair.

427 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 45 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 96% de na leapacha ansin lán inniu.

Tá sé ráite ag an Ollamh Ian Young, Príomh-Oifigeach Eolaíochta Thuaisceart Éireann, “gur dóichí ná a mhalairt” go mbeidh srianta breise i bhfeidhm ansin roimh an Nollaig. Dúirt an tOllamh Young go raibh moill bheag curtha ag na srianta reatha ar an víreas ach go raibh an laghdú sin ag moilliú faoi láthair.

Dúirt sé go raibh seans ann go mbeadh sé féin agus an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Michael McBride, ag cur comhairle ar an Rialtas go dteastaíonn srianta níos déine ach gur “cinntí deacra”  iad sin le déanamh.

“Caithfidh an Feidhmeannas an tionchar ar an ngeilleagar, na hiarmhairtí fadtréimhseacha a bheidh aige sin, chomh maith leis an tionchar a bheidh aige ar an tsochaí agus ar shláinte intinne a chur san áireamh,” a dúirt Young.

Rinneadh plé fada ar na srianta in Stormont le seachtain agus aighneas géar sa bhFeidhmeannas fúthu. 

Arlene Foster. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Agus í ag caint sa bhFeidhmeannas inniu, chosain an Chéad-Aire Arlene Foster an úsáid a bhain an DUP as an veto trasphobail agus iad ag diúltú do mholadh an Aire Sláinte Robin Swann tamall eile a chur leis na srianta a bhí i bhfeidhm.

Dúirt an Chéad-Aire go raibh cead sa dlí acu an veto a úsáid sa gcás sin agus gur “bréaga ar fad” a bheith ag tabhairt le fios nach bhféadfaí an veto sin a úsáid ach i gcásanna a bhain le ceisteanna náisiúnaithe nó aontachtaithe.

2,853 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 1,984 duine ó dheas den teorainn agus 869 duine ó thuaidh di.

115,518 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 68,356 cás ó dheas agus 47,162 ó thuaidh.

Fág freagra ar '456 cás nua den Covid-19 deimhnithe, na ‘comharthaí dearfacha ina stad’'