43 duine eile sa Stát básaithe de thoradh na paindéime

1,579 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,232 duine ó dheas den teorainn agus 347 duine ó thuaidh di

43 duine eile sa Stát básaithe de thoradh na paindéime

An tOllamh Philip Nolan agus Dr Tony Holohan. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí tráthnóna gur bhásaigh 43 duine eile de thoradh na paindéime.

Tuairiscíodh níos luaithe gur naonúr duine eile le Covid-19 a bhásaigh sa Tuaisceart.

1,579 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,232 duine ó dheas den teorainn agus 347 duine ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go raibh 359 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, rud a fhágann go bhfuil 24,148 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn, 20,612 cás ó dheas agus 3,536 cás ó thuaidh.

Den 359 cás nua a fógraíodh tráthnóna, bhain 227 acu le tithe altranais nó le hionaid chúraim eile.

Den 1,581 bás a fógraíodh go dtí seo, bhain 735 acu leis na hionaid chúraim.

Faoi mheán oíche Dé Máirt bhain 28% den 20,111 cás a bhí ann an uair sin le hoibrithe sláinte.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, go raibh ráta fáis an ghalair sa phobal gar do 0%. Bhí ráta atáirgthe an ghalair idir 0.5-0.8.

Mar sin féin, dúirt sé go raibh líon na gcásanna nua den ghalar agus líon na gcásanna a bhfuiltear ag déileáil leo sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim fós ró-ard i gcomparáid leis an dtréimhse sular tugadh isteach na beartais dianghlasála.

Dúirt Nolan gur thart ar 900 duine a bhí sna hospidéil an uair ba mheasa an scéal agus gur 730 atá anois ann. Ag buaic na heipidéime bhí 100 duine á chur sna hosipidéil gach lá agus faoi bhun 40 duine atá i gceist anois.

160 othar a bhí sna haonaid dianchúraim nuair ba mheasa a bhí an scéal agus beagán le cois 100 atá anois iontu. Dúirt an tOllamh Nolan go raibh dóchas aige go dtiocfadh a thuilleadh feabhais ar chúrsaí sa tréimhse amach romhainn.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas bunaithe ar na slata tomhais ar fad, ach nach raibh dóthain dul chun cinn go fóill chun go molfadh sé don Rialtas na srianta dianghlasála a scaoileadh.

An tAire Sláinte, Simon Harris

Dúirt an tAire Sláinte, Simon Harris, níos túisce inniu gur léirigh meastacháin na Roinne go mbeadh 4,800 duine le Covid-19 básaithe faoin lá inniu d’uireasa na mbeartas a tugadh isteach leis an ngalar a chur faoi chois.

Dúirt sé go raibh beatha 3,500 duine sábháilte de thoradh iarrachtaí mhuintir na hÉireann.

Thug an Taoiseach le fios go mbeadh an plean chun na srianta a mhaolú á chur faoi bhráid an Rialtais amárach.

De réir a chéile a dhéanfaí aon athruithe agus dhéanfaí na hathruithe sin gach 2-4 seachtaine. Chuirfí srianta i bhfeidhm arís sa chás go gceapfaí go raibh an galar ag éirí níos coitianta i measc an phobail nó dá dtiocfadh brú ar an gcóras sláinte. 

Dúirt an Taoiseach go mbeadh scaoileadh na srianta ag brath ar chúig chritéar:

  • Scaipeadh an ghalair a bheith sách íseal
  • An córas sláinte a bheith in acmhainn déileáil leis an ngalar
  • Córas tástála agus cuardaigh sásúil a bheith ann
  • An córas a bheith in acmhainn cosaint a thabhairt do na daoine is leochailí
  • An baol go gcaillfí daoine mar gheall ar na srianta féin

Dúirt an Taoiseach gur sábháladh beatha go leor daoine cheana féin ach go gcaithfí coinneáil leis an iarracht a bhí ar bun an galar a choimeád faoi chois.

Ní raibh an tír “ó bhaol go fóill” ach ba faoin Rialtas é dóchas a thabhairt anois do dhaoine go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí.

Rinneadh cáineadh láidir sa Dáil inniu ar an Rialtas maidir le gnéithe dá gcur chuige i leith an fheachtais i gcoinne an choróinvíris.

Mhaígh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go raibh imní ar dhaoine mar gheall ar an easpa “soiléireachta” faoi cathain agus conas a scaoilfear na srianta a tugadh isteach le dul i ngleic le scaipeadh an Covid-19.

“Aon staidéar le dealramh a deineadh riamh faoi ghéarchéimeanna móra, léiríonn sé go bhfuil an mhuinín ag brath ar an trédhearcacht,” arsa Martin. 

Mhaígh Martin gur tugadh le fios do cheannairí pháirtithe an fhreasúra nach raibh tábhacht leis an tástáil fad is a bhain sé le scaoileadh na srianta dianghlasála ach nach léir gurb amhlaidh an scéal. 

Mary Lou McDonald TD . Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go mbeadh sé “an-chontúirteach” tosú ar na srianta a mhaolú gan córas do tástáil chuimsitheach a bheith in áit. 

Údar imní ab ea é, a dúirt McDonald, go rabhthas ar tí straitéis éalaithe a fhógairt tráth nach raibh dóthain “uaillmhéine” á léiriú ag an Taoiseach i dtaobh na tástála. 

Mhol ceannaire Shinn Féin an plean a tugadh isteach chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair, ach dúirt sí gur trua an chaint san aer gan aon chur leis a bhí ar bun, dar léi, ag baill den Rialtas agus iad ag trácht ar mhaolú na srianta ar an 5 Bealtaine.

Chuir an chaint sin mearbhall ar dhaoine agus tugadh le tuiscint do dhaoine gurb í an Mháirt seo chugainn “lá na cinniúna”, a dúirt sí. 

Chuir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Alan Kelly, i leith an Rialtais gur leag siad sprioc tástála síos don HSE gan dul i gcomhairle leo roimh ré.

Mhaígh Kelly gur scríobh Príomhfheidhmeannach agus Cathaoirleach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte litir chuig an Aire Sláinte inar léiríodh an imní a bhí orthu faoin tslí a raibh an scéal á láimhseáil ag an Rialtas. 

Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan, gur léir gur theip ar an Rialtas a spriocanna tástála a bhaint amach agus gur cheart an méid sin a admháil.

Dúirt Róisín Shortall, ceannaire de chuid na nDaonlathach Sóisialta, go dtiocfadh fás athuair ar líon na ndaoine le Covid-19 sna haonaid dianchúraim mura mbeadh córas olltástála agus cuardaigh ceart ann.

Dúirt Shortall nár éirigh leis an Rialtas “dul gar” don sprioc tástála a leag siad síos trí mhí ó shin – 15,000 tástáil in aghaidh an lae.

Fág freagra ar '43 duine eile sa Stát básaithe de thoradh na paindéime'