411 cás nua den Covid-19 fógartha, dhá mhí againn ‘leis an gceathrú maidhm a sheachaint’

Deir NPHET go bhfuil na hocht seachtaine seo romhainn an-tábhachtach mar go bhféadfadh ardú ar líon na ngartheagmhálaithe sa tréimhse sin an ceathrú maidhm a tharraingt inár mullach

411 cás nua den Covid-19 fógartha, dhá mhí againn ‘leis an gceathrú maidhm a sheachaint’

Tá seisear eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

411 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

Tá líon na n-othar in ospidéil a bhfuil an Covid-19 orthu tite faoi bhun 300 den chéad uair i mbliana.

297 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 67 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh 16 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dúirt lucht na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí tráthnóna gur as seo go ceann ocht seachtainí a shocrófar an seachnófar an ceathrú maidhm den Covid-19.

Dúradh gur maidhm cásanna chomh holc le maidhm na bliana nua an toradh a bheadh ar aon ardú suntasach ar líon na ndaoine a bhíonn ag bualadh le daoine eile sa dá mhí amach romhainn.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte gur tráth dóchais agus faichille a bhí ann.

“Tá na hocht seachtaine seo romhainn an-tábhachtach mar má ardaíonn líon na ngartheagmhálaithe go suntasach sa tréimhse sin, d’fhéadfadh sé an ceathrú maidhm a tharraingt inár mullach a bheadh chomh dona leis an gceann a bhí againn in Eanáir na bliana seo.  

“Ba cheart dúinn agus is féidir linn dóchas a bheith againn go mbeidh samhradh pléisiúrtha againn ach idir an dá linn caithfimid leanúint orainn ag obair as lámha a chéile chun brúisc eile víris a sheachaint fad is atá dlús á chur againn leis an gclár vacsaínithe sa phobal agus na seirbhísí leighis i mbun a gcúraim.”

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis go mbeadh tamall ann sula bhfeicfí lorg na vacsaíní ar an líon othar a chuirfidh an galar san ospidéal agus in ionaid cúram criticiúil.

“I dteannta na ngnáthbhearta sláinte phoiblí a bhfuil muid ina gcleachtadh anois, laghdóidh an vacsaíniú an baol ón Covid-19 go mór in achar sách gearr. 

“Laghdóidh sé go mór freisin an líon daoine os cionn 70 a chuirfidh an Covid-19 den saol ach is lú ná sin an tionchar a bheidh ag an vacsaíniú ar an líon othar a chuirfidh an galar san ospidéal agus in ionaid cúram criticiúil go mbeidh an tsnáthaid faighte ag an mórphobal fásta, go háirithe daoine atá idir 50-69 agus daoine atá i mbaol ar leith ón víreas.”

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET, gur údar imní i gcónaí é nach bhfuil aon bhogadh ag teacht ar líon na gcásanna gach lá. 

Dúirt sé go gcaithfí aon ardú ar ócáidí agus coinní sóisialta a chur siar nó go mbeadh an tsnáthaid faighte ag cuid mhór den phobal faoi cheann dhá mhí.

Dúirt sé, áfach, go raibh tionchar na vacsaíní soiléir cheana féin agus go raibh “tús curtha le briseadh an naisc idir líon na gcásanna agus líon na mbásanna”.

“Cuideoidh an vacsaíniú go mór chun na srianta a scaoileadh sna míonna seo romhainn. Mar sin féin caithfimid gach ar féidir linn a dhéanamh chun scaipeadh an ghalair a choinneáil chomh beag agus is féidir ionas go mbeifear in ann an tsnáthaid a thabhairt do dhaoine agus go n-oibreoidh sí.”

Dúirt an tOllamh Pete Lunn ó Aonad Taighde Iompair an ESRI go raibh an chuid is mó den phobal ag cloí leis an srianta ach go raibh “iompar an mhionlaigh ag cur leis an gcontúirt ina bhfuil muid ar fad”. 

“Fiú an mionlach sin déanann siad iarracht cloí leis an gcuid is mó de na srianta ach mar sin féin, téann siad ag cuartaíocht i dtithe eile. B’fhearr go mór dá bhféadfadh daoine bualadh le chéile amuigh faoin aer agus fanacht dhá mhéadar óna chéile.” 

Dé Domhnaigh seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 580,857 duine agus an dara dáileog faighte ag 225,684 duine.

Bhain 31 den 411 cás den Covid-19 a fógraíodh inniu le Dún na nGall.

20 cás a bhí i gcontae na Mí, 19 cás a bhí i gCorcaigh, 19 cás eile a bhí i nGaillimh agus 14 cás a bhí i Maigh Eo. Níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirge agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí.

Meánráta 161 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an dara ráta is airde sa stát i nDún na nGall (278) go fóill agus tá an ráta i gcontae na Mí (211) níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 114 atá i bPort Láirge, 113 atá i nGaillimh agus 76 atá i Maigh Eo. Ráta 43 atá i gCorcaigh agus 27 atá i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

Ní raibh aon bhás eile de dheasca an Covid-19 le fógairt ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann tráthnóna.

123 cás nua den ghalar a deimhníodh i measc an 2,159 duine ar cuireadh tástáil orthu. 118 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 17 acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 749,112 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 138,486.

6,802 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,115 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,687 duine ó dheas di.

353,143 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 235,854 cás ó dheas den teorainn agus 117,289 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '411 cás nua den Covid-19 fógartha, dhá mhí againn ‘leis an gceathrú maidhm a sheachaint’'