322 cás nua den choróinvíreas fógartha, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá le breis agus mí

Agus an líon is lú cásanna a fógraíodh in aon lá amháin le breis agus mí anuas deir an tAire Sláinte go bhfuil dul chun cinn maith déanta maidir le scaipeadh an ghalair a chur faoi chois

322 cás nua den choróinvíreas fógartha, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá le breis agus mí

Tá 322 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte. Is é seo an líon is lú cásanna a fógraíodh in aon lá amháin le breis agus mí anuas.

Cúigear eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go raibh “dul chun cinn maith” déanta chun an víreas a chur faoi chois.

Deimhníodh 4,337 cás nua le seachtain anuas i gcomparáid le 6,518 cás nua an tseachtain roimhe sin.

“A bhuíochas do na hiarrachtaí a rinne daoine ar fud na hÉireann, tá feabhas ar chúrsaí an COVID-19,” a dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan.

“Mar sin féin ní mór cuimhneamh gurb é an rud is tábhachtaí anois an titim seo ar líon na gcásanna a choinneáil slán. Tá an dul chun cinn seo ag brath ar an iompar sábháilte is cúis leis an bhfeabhas. Molaim do chuile dhuine leanúint leis an iarracht lena chinntiú go leanfaidh cúrsaí orthu ag feabhsú.”

Bhí 35 de chásanna an lae inniu i gcontae na Mí, 23 cás nua a bhí i gCorcaigh agus 16 cás a bhí i bPort Láirge.

15 cás nua a bhí i nDún na nGall, seacht gcás a bhí i gCiarraí, seacht gcás eile a bhí i bPort Láirge agus cúig chás a bhí i nGaillimh.

96 de chásanna an lae inniu a bhí i mBaile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite ó 248 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír inné go dtí 228 cás inniu. Tá an ráta tite 18% le seachtain anuas.

Ráta coicíse 380 atá i gcontae na Mí, 306 an ráta sin i nDún na nGall, 260 i gCorcaigh agus 257 atá i nGaillimh.

Tá an ráta coicíse anois ag 216 i Maigh Eo, 196 i bPort Láirge agus 186 i gCiarraí.

296 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu atá sna hospidéil agus tá 42 díobhsan in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 570 cás nua inniu agus fógraíodh go raibh seisear eile a raibh an víreas orthu básaithe.

413 othar a bhfuil an víreas orthu atá sna hospidéil ó thuaidh den teorainn inniu, ardú 34 duine ón lá inné. Tá 52 díobh in aonad dianchúraim.

2,652 duine a fuair bás de dheasca an Covid-19 in Éirinn go dtí seo, 730 duine ó thuaidh den teorainn agus 1,922 ó dheas di.

103,227 cás den ghalar atá deimhnithe sa tír go dtí seo, 63,048 ó dheas agus 40,179 ó thuaidh.

Fág freagra ar '322 cás nua den choróinvíreas fógartha, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá le breis agus mí'