3.3 milliún vacsaín bhreise i ndán d’Éirinn

Tá margadh déanta ag an Aontas Eorpach le Pfizer agus BioNTech  go gceannófar 300 milliún dáileog eile dá vacsaín

3.3 milliún vacsaín bhreise i ndán d’Éirinn

Tá 3.3 milliún dáileog den vacsaín Pfizer/BioNTech  i ndán d’Éirinn agus margadh déanta ag an Aontas Eorpach leis an dá chomhlacht go gceannófar 300 milliún ceann eile.

Fágann an margadh go mbeidh 600 milliún den vacsaín ag an AE le dáileadh ar an 27 ballstát.

Dúirt cathaoirleach thascfhórsa vacsaíní an Stáit an tOllamh Brian Mac Craith le RTÉ go gciallaíonn an margadh seo “go mbeidh 3.3 milliún vacsaín sa bhreis ar an méid atá ag teacht cheana féin”.

Dúirt an tOllamh Mac Craith dá mbeadh teacht ar roinnt cineálacha eile vacsaíní go mbeadh an tsnáthaid faighte “ag líon mór daoine” faoin am go mbeidh sé ina shamhradh.

Dúirt sé, áfach, gurb é an t-aon rud a d’fhéadfaí talamh slán a dhéanamh de faoi láthair ná go bhfaighfí 40,000 dáileog sa tseachtain.

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen go gcuirfí tús le dáileadh na vacsaíní breise ag tús an dara ráithe den bhliain.

Fuair an stát an chéad bhaisc den vacsaín Pfizer/BioNTech Lá Fhéile Stiofáin agus tá sí á tabhairt faoi láthair do dhaoine in ospidéil agus i dtithe altranais.

Dúirt ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, inné go raibh 81,900 dáileog den vacsaín faighte agus go raibh a gcéad dáileog di faighte ag 15,314 duine.

Dúirt sé go mbeadh an tsnáthaid faighte ag 35,000 duine faoi dheireadh na seachtaine.

Deir an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, an EMA, gur dócha gur an tseachtain seo chugainn a lorgófar a mbeannacht d’úsáid vacsaín AstraZeneca. Bheadh vacsaín AstraZeneca ar an tríú vacsaín a bheadh ar fáil anseo, in éineacht le ceann Pfizer/BioNTech agus ceann Moderna.

Dúirt an EMA go m’fhéidir go mbeadh cinneadh déanta acu faoi vacsaín AstraZeneca roimh dheireadh na míosa.

Idir an dá linn, tá níos mó ná 100 duine a bhfuil Covid-19 orthu in aonaid dianchúraim na n-ospidéal faoi láthair. 1,151 othar Covid-19 atá sna hospidéil, níos mó ná aon lá eile le linn na paindéime, agus tá 101 díobhsan in ICU.

Fág freagra ar '3.3 milliún vacsaín bhreise i ndán d’Éirinn'