259 cás nua, an dara ráta scaipthe is airde i nDún na nGall

Deimhníodh 282 cás nua den víreas i nDún na nGall idir an 25 Bealtaine agus an 7 Meitheamh, rud a d’fhág go raibh ráta 177 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa chontae le linn na tréimhse sin

259 cás nua, an dara ráta scaipthe is airde i nDún na nGall

Tá 259 cás nua den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

76 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil agus 27 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

De réir na tuarascála is déanaí ón Ionad Faireacháin Cosanta Sláinte (HPSC) bhí an dara ráta scaipthe is airde den Covid-19 i nDún na nGall le coicís anuas.

Deimhníodh 282 cás nua den víreas i nDún na nGall idir an 25 Bealtaine agus an 7 Meitheamh, rud a d’fhág go raibh ráta 177 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa chontae le linn na tréimhse sin.

Is i Luimneach a bhí an ráta is airde, 449, agus 875 cás a deimhníodh sa chontae le coicís anuas.

Bhí na rátaí sna contaetha Gaeltachta eile níos ísle ná an meánráta náisiúnta (118). Ráta 106 a bhí i bPort Láirge, 100 a bhí i Maigh Eo, 93 a bhí i gCorcaigh, 73 a bhí i gcontae na Mí, 48 a bhí i nGaillimh agus 39 a bhí i gCiarraí.

Ráta 140 a bhí i gceist i mBaile Átha Cliath.

Den 5,618 cás a deimhníodh ar fud na tíre idir an 25 Bealtaine agus an 7 Meitheamh, bhain 3.3% le taisteal, 70.1% a bhain le gartheagmháil le duine a raibh an Covid-19 orthu agus bhain 20.2% le scaipeadh sa phobal. Níor tholg ach 17 duine (0.3%) an víreas in ionad sláinte.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 105 cás nua a deimhníodh.

18 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,098,614 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 728,000.

7,091 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,154 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

386,742 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 263,370 cás ó dheas den teorainn agus 123,372 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '259 cás nua, an dara ráta scaipthe is airde i nDún na nGall'