Florida, Florida … the Redneck Riviera …’ a chas an sáramhránaí Vic Chesnutt, nach maireann, tráth.
Níor fhág an líne sin m’aigne le dhá lá anuas.
Cur síos cliste atá ann ar stát a bhfuil cáil air mar gheall ar a chuid tránna trópaiceacha agus a chuid dlíthe coimeádacha (cosc ar ábhair LADT+ sna scoileanna) araon – ach níl sé go baileach cruinn.
Stát dearg é Florida – stát ina mbíonn an lámh in uachtar ag an bPáirtí Poblachtánach – ach níl an stát ar fad chomh dearg sin ná muineálacha na ndaoine a raibh Chesnutt ag magadh fúibh ina amhrán.
I dtoghchán uachtaránachta na bliana 2000, nuair a bhí Florida sna ceannlínte ar feadh i bhfad mar gheall ar leagan amach amscaí an pháipéir bhallóide agus an t-athchomhaireamh fada a tharla dá bharr, ní raibh George W. Bush ach cúpla céad vóta chun cinn ar Al Gore.
Agus cé gur bhuaigh Donald Trump in Florida i dtoghchán 2016 agus arís in 2020, ní raibh sé ach 1-3 faoin gcéad chun cinn ar a chéilí comhraic, Hilary Clinton agus Joe Biden.
Is é an chaoi nach ag an bPáirtí Poblachtánach ach ag na Daonlathaigh a bhíonn an lámh in uachtar i mórcheantar Miami in oirdheisceart an stáit agus i mórcheantar Tampa san iarthar – ceantair uirbeacha fhairsinge ina bhfuil pobal láidir LGBT+, pobal mór Giúdach agus, gan dabht, daonra ollmhór inimirceach.
Le muintir Chúba agus Háítí a shamhlaítear mórcheantar Miami go hiondúil ach le fiche éigin bliain tá pobal eile tar éis nead a dhéanamh dóibh féin ar an Redneck Riviera: muintir na Brasaíle.
Thug mé aghaidh ar Deerfield Beach, baile mór taobh ó thuaidh de Miami agus bunáit na mBrasaíleach sna Stáit Aontaithe.
A luaithe agus a bhailigh cara de mo chuid ó stáisiún na traenach mé, bhí mo bhéal ar oscailt.
Sa bhácús, sna hollmhargaí, sna bialanna agus ar an trá, níor chuala mé i mo thimpeall ach Portaingéilis. Níos mó ná uair amháin bhí orm a mheabhrú dom féin go raibh mé fós i Meiriceá, agus rith sé liom gurbh fhéidir go mbíodh an Ghaeilge le cloisteáil chomh forleathan céanna, tráth, in áiteanna ar nós Dorchester i mBoston.
‘Tá sé go maith agus tá sé go dona,’ a dúirt mo chara, fear ar chuir mé aithne air nuair a bhí mé fós i mo chónaí sa Bhrasaíl, agus nach n-ainmneoidh mé toisc go bhfuil sé sna Stáit Aontaithe go mídhleathach.
‘Tá sé go maith toisc go n-éiríonn liom mo ghnó ar fad a dhéanamh i bPortaingéilis ach tá sé go dona toisc nach bhfaighim deis mo chuid Béarla a fheabhsú.’
Thaispeáin sé a árasán dom. Bhí an seomra suite roinnte ina dhá chuid le cuirtín agus bhí leaba mo chara ar thaobh amháin den chuirtín sin. Bhuel, leaba? Tocht ar an urlár.
‘Níl saol an inimircigh úrnua chomh dona agus a fheiceann tú ar an teilifís,’ a dúirt mo chara, idir mhagadh is dáiríre. ‘Níl orm árasán a roinnt le dháréag eile; níl anseo ach triúr, mé féin san áireamh, agus tá linn snámha ag an bhfoirgneamh seo.’
Ach oiread leis na milliúin inimirceach mídhleathach eile sna Stáit Aontaithe, cárta glas agus deis céile agus clann a thabhairt anall an aisling atá ag mo chara. Níl vóta ag na milliúin glantóirí, oibrithe siopa agus freastalaithe bialainne sin gan dabht, ach is cinnte go bhfuil toghchán an 5 Samhain ar a n-aigne go minic na laethanta seo.
‘Má bhíonn an bua ag Trump, beidh sé i bhfad níos deacra dom féin agus do mo leithéidí ár gcuid aislingí a fhíorú.’
Ní raibh dabht ar bith ar mo chara agus níl dabht ar bith ormsa ach gur ag Trump a bheidh an lá arís in Florida, agus seans maith le móramh níos mó ná in 2016 (1.2 faoin gcéad chun cinn ar Hilary Clinton) agus in 2020 (3.4 faoin gcéad chun cinn ar Joe Biden.)
Agus muid ag spaisteoireacht ar phromanáid Pompano Beach, ceann de na tránna is deise ar an Redneck Riviera, ainm Trump a bhí in airde ar na bratacha ar na carranna agus ar chaipíní agus T-léinte na ndaoine.
Ní raibh ainm Kamala Harris le feiceáil in áit ar bith.
Fág freagra ar 'An lámh in uachtar ag Trump fud fad an ‘Redneck Riviera’ '