25 bliain den tsíocháin agus den chodladh sámh

25 bliain ó shin, ar an 10 Aibreán 1998, a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Sa tsraith seo tugann daoine an tréimhse chinniúnach sin chun cuimhne

25 bliain den tsíocháin agus den chodladh sámh

‘Níor leag mé cos sa tuaisceart ariamh’ a dúradh liom ar mo chéad oíche airneáil ó dheas.

“Tá eagla orm roimh na buamaí.”

Nárbh iontach an rud é gur bhris na deora amach orm ar chloisteáil na bhfocal seo dom agus gur gháire agus ní gol ba chúis leo. D’inis mé don deisceartach saonta seo go raibh na laethanta fuilteacha sin chomh coimhthíoch domsa agus a bhí di féin, agus nár pléascadh buama ann le mo linnse, a bhuí le Comhaontú Aoine an Chéasta 1998.

Chaith mé an oíche ag caint faoin tsár-iarracht ar son na síochána a rinne leithéidí John Hume, David Trimble agus Mo Mowlam, ar mhaithe le mo ghlúinse. Mar gheall orthusan, níl mé beo faoi bhagairt bháis inchoiscthe, níl orm fulaingt faoi fhorlámhas Aontachtach, tá comhionannas cearta sibhialta agam, tá síocháin idir na haontachtaithe agus náisiúnaithe, tá cairde Protastúnacha agam, thig liom léine CLG nó rugbaí a chaitheamh, nó dul isteach sa PSNI, nó dul ó Dhoire go Dún na nGall gan baol ar bith go stopfar nó go n-ionsófar mé.

Labhair mé faoin bhunchloch stairiúil a leag an Comhaontú síos do reachtaíocht Ghaeilge, agus ‘gníomh diongbháilte’ geallta ag Rialtas na Breataine chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Cé nár thug an gealltanas féin aon chosaint don teanga, ba é an chéad uair i stair na Ríochta Aontaithe go raibh gníomh dearfach beartaithe ag Westminster i leith na Gaeilge.

Ach ar na mallaibh, rith sé liom gur ghar don bhéal bhán a bhí an insint seo.

Ar ndóigh, níl sé ach sé seachtaine ó scaoileadh póilín PSNI ar an Ómaigh, dhá bhliain ó chíréibeacha na ndílseoirí faoin phrótacal, ceithre bliana ó maraíodh an t-iriseoir Lyra McKee. Seo uilig, gan trácht ar an déabhlóid nach bhfuil ag feidhmiú ó thuaidh faoi láthair – seo an chúis a gcuirtear ‘an próiseas síochána’ ar an ré ‘úr’ seo ina bhfuil muid.

Cé go gcaithfear a aithint nach bhfuil an leibhéal foréigin ó síníodh an Comhaontú faoi scread asail de scála an uafáis a tharla le linn na dTrioblóidí, ní féidir a cheilt go bhfuil na mothúcháin agus na teannais shoiléire chéanna le sonrú sna sé chontae go fóill, i measc na bpolaiteoirí agus, níos scanrúla arís, i measc an dreama úd atá go fóill i bhfách leis an ghleic armáilte.

Mionlach, ach fós féin, go leor leis an phróiseas síochána a chur tóin san aer dá n-éireodh leo go leor achrainn a chruthú.

Tá an cultúr paraimíleata seo (ar an dá thaobh) á chaomhnú den chuid is mó i gceantracha díothacha nó lucht oibre, nach bhfuil mórán dáimhe acu leis na boic mhóra i Stormont. Mothaíonn siad tréigthe ag géilleadh an UUP agus an SDLP i 1998, agus mar a dúirt Bernadette McAliskey, “…mothaíonn na náisiúnaithe bochta nár ghnóthaigh siad faic ón streachailt cé gur thug siad an oiread sin, agus, braitheann na dílseoirí gur chaill siad”.

An baol is mó do Chomhaontú Aoine an Chéasta ná an coimpléasc ‘faoi ionsaí’ a bhíonn ag formhór na ndílseoirí agus aontachtaithe nuair a bhíonn comhionannas idir iad agus na náisiúnaithe, nó nuair a éiríonn le náisiúnaithe an lámh in uachtar a fháil go daonlathach – mar atá geallta sa Chomhaontú.

Le déanaí, tá roinnt buillí síceolaíocha troma i buailte ar na hAontachtaithe agus seo is cúis leis an bhorradh teannais, i mo thuairimse. Laistigh de chúpla bliain, tá tromlach Caitliceach i ‘stát Protastúnach do dhaoine Protastúnacha’ de réir an daonáirimh, tá ‘teorainn’ idir an Bhreatain agus na sé chontae, d’éirigh le Gaeilgeoirí reachtaíocht chosanta teanga a chur fríd Westminster agus toghadh Sinn Féin mar an páirtí is mó i Stormont. Ní nach ionadh gur tháinig stuaic ar an DUP nuair a thuig siad gur ag Michelle O’Neill a bheadh ról an Chéad-Aire, seachas ag Jeffrey Donaldson. A gcumhacht caillte acu faoi struchtúr nár aontaigh siad féin leis fiú.

Ag an am éiginnte seo, is ábhar dóchais ían obair thrasphobail uilig atá ag tarlú – 30 bliain ó shin, bheadh an oiread scoileanna imeasctha agus plé oscailte idir daoine óga doshamhlaithe. Gan an tsíocháin a chruthaigh an Comhaontú, ní bheadh iomrá ar leithéid Naíscoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste, mar shampla.

Is ábhar dóchais freisin é fás an pháirtí lárnaigh, Alliance, sa toghchán deireanach, ach tógann seo ceisteanna faoi struchtúr an Chomhaontaithe nach raibh ann riamh roimhe. Faoin chóras anois, má éiríonn le hAlliance a bheith ar an dara páirtí is mó, ní bheadh cead acu Leas-Chéad-Aire a ainmniú toisc nach bhfuil siad sonraithe mar pháirtí aontachtach nó náisiúnach.

Faraor, agus mé ag cur cloigeann le ceannadhairt anocht, ní bheidh mé ag machnamh air sin uilig. Gabhfaidh mé buíochas as an Chomhaontú, as 25 bliain de shíocháin agus codladh sámh… agus ní bheidh buamaí ar bith do mo mhúscailt le heagla!

Fág freagra ar '25 bliain den tsíocháin agus den chodladh sámh'