206 cás nua fógartha ag an Roinn Sláinte agus os cionn 3,000 duine básaithe in Éirinn

Tá ráta scaipthe an Covid-19 tite faoi bhun 100 go náisiúnta den chéad uair ó dheireadh mhí Mheán Fómhair agus plean athoscailte an stáit aontaithe ag an Rialtas inniu

206 cás nua fógartha ag an Roinn Sláinte agus os cionn 3,000 duine básaithe in Éirinn

Tá 206 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Seachtar eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

Fágann sin go bhfuil os cionn 3,000 duine ar fad básaithe in Éirinn de bharr an víris agus é deimhnithe ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh 12 duine eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 391 cás eile den ghalar a deimhníodh sa Tuaisceart.

3,017 duine atá básaithe go dtí seo in Éirinn de dheasca na paindéime, 2,043 duine ó dheas den teorainn agus 974 duine ó thuaidh di.

123,208 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 71699 cás ó dheas agus 51,509 ó thuaidh.

Bhain 20 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, 18 cás a bhí i gCorcaigh agus 14 cás a bhí i gcontae na Mí.

Sé chás a bhí i bPort Láirge, cúig chás a bhí i nGaillimh, cúig chás eile a bhí i gCiarraí agus níos lú ná cúig chás a bhí i gceist i Maigh Eo.

Is i mBaile Átha Cliath a bhí 64 den 206 cás nua.

248 othar Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 35 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá ráta scaipthe an Covid-19 tite faoi bhun 100 go náisiúnta den chéad uair ó dheireadh mhí Mheáin Fómhair. 98.2 cás in aghaidh gach 100,000 sa tír atá ann faoi láthair.

Is i nDún na nGall atá an ráta is airde go fóill, 216. Ráta 118 atá i bPort Láirge agus 101 atá i gcontae na Mí.

Tá na contaetha Gaeltachta eile uile faoi bhun an ráta náisiúnta. 84 atá i Maigh Eo, 77 atá i gCorcaigh, 51 atá i nGaillimh agus 51 atá i gCiarraí.

D’aontaigh an Rialtas tráthnóna plean athoscailte an stáit.

Cuirfear tús le scaoileadh na srianta Leibhéal 5 Dé Máirt seo chugainn nuair a bheidh cead oscailte ag siopaí, gruagairí, leabharlanna agus ionaid aclaíochta.

425 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 37 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), bhásaigh 100 duine sna hospidéil ó thuaidh de dheasca an Covid-19 an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar '206 cás nua fógartha ag an Roinn Sláinte agus os cionn 3,000 duine básaithe in Éirinn'