16 scannán i nGaeilge mar chuid de chlár Fhleadh Scannán na Gaillimhe 2025

Sé scannán déag Gaeilge a bheidh á dtaispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana idir scannáin dhátheangacha, gearrscannáin agus fadscannáin. Tá réimse seánraí san áireamh sna taispeántais, drámaí agus scannáin fhaisnéise ina measc

16 scannán i nGaeilge mar chuid de chlár Fhleadh Scannán na Gaillimhe 2025

Is dúbailt é seo ar líon na scannán i nGaeilge a bhí sa gclár anuraidh. Is scannáin Ghaeilge, nó Gaeilge agus Béarla, iad os cionn 10% de na scannáin a bheidh le feiceáil i rith na fleidhe a bheidh ar bun ó 8 go 13 Iúil i mbliana.

Beidh an chéad taispeáint den scannán Báite, an ceann is deireanaí ó scéim Cine4, a stiúir Ruán Magan agus a léirigh Siobhán Ní Ghadhra agus John Brady, le feiceáil i rith na fleidhe. Scríofa ag Sheena Lambert agus é suite sa mbliain 1975, scéinséir atá ann a dhíríonn ar scéal Pheggy Casey, bean ósta atá ag réiteach do dheireadh seachtaine mór iascaireachta ag tús an scéil agus í ag súil go mbeidh a teach tábhairne lán go doras.

Nuair a thagann beirt iascairí ar chorp sa loch bíonn an scéal ina ábhar mór cainte. Tagann an Bleachtaire Frank Ryan anuas as Baile Átha Cliath agus nuair a théann sé ag tochailt tagann scéal chun solais a iompaíonn saol Pheggy bunoscionn.

Scannán eile a bheidh ar taispeáint ná ceann a rinneadh sa mbliain 1975 agus a ndeirtear faoi gurb é an chéad scannán neamhspleách Gaeilge a rinneadh riamh Caoineadh Airt Uí Laoghaire, a stiúir Bob Quinn. Beidh an scannán á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ag Club Scannán Sailearna ar an Déardaoin 10 Iúil ag a 8:00 i.n.

Tá sé 50 bliain i mbliana ó rinneadh an scannán, a scríobh Bob Quinn, Máirtín Mac Donnacha agus Seosamh Ó Cuaig, agus beidh an léiriú speisialta seo á chur ar bun mar chomóradh ar an gcloch mhíle sin. Is iad Seán Bán Breathnach, John Arden agus Caitlín Ní Dhonchú atá sa gcliar. Cuireann an scannán grúpa spleodrach aisteoirí Gaeilge i láthair agus iad ag éirí amach in aghaidh an stiúrthóra agus é ag Béarlóireacht is iad ag cleachtadh do chóiriú de chaoineadh Eibhlín Dubh Ní Chonaill dá grá geal.

Scannán faisnéise dátheangach é Tumtha a insíonn scéal na gcoláistí ullmhúcháin, seacht scoil chónaithe a bunaíodh ar fud na hÉireann ag tús bhunú an stáit seo le tacú le hathbheochan na Gaeilge. Insíonn an ghlúin dheireanach a bhí ina cónaí sna scoileanna sin a scéalta féin. Tugtar léargas sna scéalta ar thurgnamh cultúrtha agus déantar machnamh ar na mothúcháin bhuana, chasta a spreagann an Gaeilge fós sa lá atá inniu ann. Beidh sé á thaispeáint sa bPálás ar an Déardaoin, 10 Iúil.

Saol oileáin atá mar ábhar sa scannán trítheangach, Gaeilge, Béarla agus Ísiltíris, Ag Lorg Hy-Brasil. Breathnaíonn an scannán ar rithimí an tsaoil ar oileán agus tugann sé suntas don chaidreamh atá idir muintir oileáin agus an domhan mórthimpeall orthu. Déanann sé machnamh ar an múnlú a dhéanann an t-amhábhar atá ar fáil don duine ar shaol na ndaoine. Breathnaíonn an scannán ar shaothar na n-ailtirí Peter Carroll, Mary Laheen, Peter Cody, Elizabeth Hatz agus Joseph Mackey agus déanann cur síos ar an bpróiseas cruthaitheachta agus na daoine seiftiúla a ghlac páirt ann.

Scannán dátheangach é Beo faoin bhFód a bhreathnaíonn ar scéalta faoi dhaoine a cuireadh faoin bhfód agus iad fós beo. Baineann an scannán atá scríofa ag Sadhbh Devlin, James O’Brien Moran, agus Daire Collins, úsáid as ábhar cartlainne le fíorscéalta a insint faoi dhaoine éagsúla. Duine acu sin ná Mick Meaney, fear a cuireadh i gcré na cille sa mbliain 1968 i Londain.

Tháinig na céadta amach go dtí a shochraid le slán a fhágáil aige, ach ní raibh sé básaithe, bhí sé ag glacadh páirt i gcuriarracht dhomhanda don seal is faide a chaith duine faoin bhfód agus é beo beathach. Tá a iníon ag caint sa gclár agus í ag dul i ngleic le hoidhreacht aisteach a hathar.

Insíonn an scannán lán-Ghaeilge Éire agus na Chéad Náisiúin scéal faoin gcaidreamh stairiúil idir muintir na hÉireann agus muintir na gcéad náisiún ar mhór-roinn Mheiriceá Thuaidh. Scríofa, stiúrtha agus léirithe ag Ronan McCloskey labhraíonn staraithe agus lucht léinn as Éirinn agus ó phobal na gcéad náisiúin faoin gcaidreamh casta agus faighimid dearcthaí éagsúla ar an stair sin.

Scannán tionscnamhach neamhfhicsin is ea Immrám a bhfuil sé d’aidhm aige iniúchadh a dhéanamh ar na nascanna doimhne atá ann idir an talamh, an teanga agus an athbheochan cultúrtha in Éirinn an lae inniu. Ag glacadh páirt sa scannán tá Siobhán de Paor, Diarmuid Lyng, a bpáistí agus an pobal mórthimpeall orthu.Tugann an scannán ar turas muid trí oilithreacht, cúrsaí spioradálta fiáine agus an gnáthshaol laethúil. Beidh sé le feiceáil ar an Satharn, 12 Iúil sa bPálás.

Tá clár Fhleadh Scannán na Gaillimhe ar fáil ag an nasc seo.

Fág freagra ar '16 scannán i nGaeilge mar chuid de chlár Fhleadh Scannán na Gaillimhe 2025'