Tháinig 16% níos lú imirceach go hÉirinn sa dá mhí dhéag roimh mí Aibreáin i mbliana.
Léiríonn na figiúirí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur tháinig ardú 96% ar na daoine a tháinig as na Stáit Aontaithe le cónaí in Éirinn, 9,600 ar fad.
Sa dá mhí dhéag chéanna, tháinig 125,300 chugainn agus rún acu cónaí sa stát seo, de réir na bhfigiúirí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh.
Ba í sin an ceathrú bliain as a chéile gur tháinig breis is 100,000 chun cónaithe sa tír seo.
Den chéad uair ón mbliain 2020 tháinig laghdú ar an líon daoine a chuaigh ar imirce ón tír seo agus rún acu cónaí thar lear, 65,600 duine ar fad.
Nuair a fhéachaimid ar na daoine a d’fhág an tír seo agus na daoine a tháinig chugainn, is léir gur 59,700 an inimirce ghlan chun na tíre, beagnach 20,000 duine de laghdú ón dá mhí dhéag roimhe sin.
Na hinimircigh sin saoránaigh de chuid na hÉireann ab ea 31,500 díobh, bhí saoránacht san Aontas Eorpach ag 25,300 agus san Ríocht Aontaithe ag 4,900 eile díobh. As tíortha go leor eile a tháinig an chuid eile, 63,600.
Áiríonn an Phríomhoifig Staidrimh gur tháinig ardú 78,300 ar an daonra sa tír seo sa dá mhí dhéag sin agus go bhfuil daonra 5,458,600 sa stát faoi láthair.
D’fhág 13,500 duine an tír le dul ag cónaí san Astráil, 27% níos mó ná d’imigh sall ansin ón mbliain 2013. Thug 6,100 a n-aghaidh ar na Stáit Aontaithe, ardú 22%.
Fág freagra ar '16% níos lú imirceach tagtha go hÉirinn'