16 duine aimsithe ina mbeatha i leantóir leoraí ar long farantóireacht ar a bealach go hÉirinn

Bail mhaith ar na daoine a mheastar gurbh as an Áise ó thús iad

16 duine aimsithe ina mbeatha i leantóir leoraí ar long farantóireacht ar a bealach go hÉirinn

Tá suas le 16 duine aimsithe ina mbeatha i gcúl leantóir leoraí ar long farantóireacht atá ar a bealach go Ros Láir i gcontae Loch Garman.

Ar long de chuid Stena Line atá ar a gnáth-thuras rialta ón Fhrainc a thángthas ar na daoine, agus meastar gurbh ón Áise ó thús iad, cé nach bhfuil an tír nó na tíortha gurbh as dóibh deimhnithe go dtí seo.

Tuairiscítear bail mhaith a bheith ar na daoine a tugadh chuig tolglann ar bhord na loinge.

Thart ar a 3pm inniu a bhainfidh an long calafort Ros Láir amach.

Beidh Gardaí agus seirbhísí éigeandála eile ag an gcalafort ag fanacht leis an long agus leo siúd a bhí i bhfolach sa leantóir leoraí ar bord.

Fág freagra ar '16 duine aimsithe ina mbeatha i leantóir leoraí ar long farantóireacht ar a bealach go hÉirinn'