Tá an sean-nós, ceol tíre Chonamara agus Kneecap againn – seo chugainn an t-amhrán ealaíne Gaeilge

An grá agus an ghruaim, an t-aoibhneas agus an t-aicsean – tá rogha do chách i dtionscadal uaillmhianach nua na n-amhrán ealaíne Gaeilge

Tá an sean-nós, ceol tíre Chonamara agus Kneecap againn – seo chugainn an t-amhrán ealaíne Gaeilge

Daire Halpin agus Aifric Mac Aodha ag seoladh an tionscadail nua. Pictiúr: Mark Stedman

Nuair a thug a fear céile John Hess faoi ndeara nach raibh teacht ar mhórán Amhrán Ealaíne as Gaeilge, shocraigh Dáirine Ní Mheadhra tabhairt faoin mbearna sin a líonadh. Fuair sí deontas faoin scéim ‘Gairm Oscailte’ de chuid na Comhairle Ealaíona, scéim atá dírithe ar ‘thionscadail uaillmhianacha’. Agus tá an tionscadal seo, a seoladh le déanaí sa Cheol-Acadamh Ríoga i mBaile Átha Cliath, thar a bheith uaillmhianach.

Is amhlaidh gur choimisiúnaigh Ní Mheadhra 50 amhrán ealaíne ó réimse cumadóirí ceoil comhaimseartha clasaiceach as Éirinn agus tíortha eile.

Amhránaí clasaiceach agus pianódóir a chuireann an t-amhrán ealaíne i láthair, cineál amhráin ar a dtugtar lied sa Ghearmáinis agus mélodie sa Fhraincis. 

Tá cáil agus iomrá ar an amhrán ealaíne a bhuíochas do chumadóirí clúiteacha fearacht Schubert, Wolf agus Schumann.

Rinne lucht an tionscadail cóiriú ar théacsanna éagsúla Gaeilge, cuid acu a théann siar chomh fada leis na meánaoiseanna agus cuid acu a bhaineann leis an lá atá inniu ann. Liosta le háireamh na filí ar baineadh úsáid as a saothar – Caitríona Ní Chléirchín, Eoghan Ó Tuairisc, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Michael Hartnett, Doireann Ní Ghríofa, Maghnas Ó Domhnaill, Pearse Hutchinson, Cathal Ó Searcaigh, Mairtín Ó Direáin, Myles na gCopaleen, Aifric Mac Aodha, Nuala Ní Chonchúir, Michael Davitt, Colm Breathnach, Micheál Ó Cuaig, Nuala Ní Dhomhnaill agus Eibhlín Dubh Ní Chonaill. Rinne Alan Titley cóiriú ar roinnt téacsanna ársa agus cuireadh ceol le sleachta an An Béal Bocht le Myles na gCopaleen fiú.

Réimse leathan ábhair agus stíle mar sin. An grá agus an ghruaim, an t-aoibhneas agus an t-aicsean – tá rogha anseo do chách.

Is rud neamhghnách an t-amhrán ealaíne don té a bhfuil cleachtadh aige ar, abair, amhráin sean nóis. San amhrán ealaíne bíonn caidreamh ar leith idir na focail, an guth agus an ceol. Bíonn sollúntacht neamhghnách sa reacaireacht, agus sa tslí a ndéantar siollaí á aclú mar a bheidís ag rince leis an gceol.

Sin ráite, seans maith go bhfuil an stíl seo gar go maith do reacaireacht fhilí uaisle na nGael agus b’fhéidir gur mar seo a chualathas leithéidí ‘Dar liom, is galar é an grá’ le  Maghnas Ó Domhnaill  san 15ú haois féin.

Saothar thar a bheith cuimsitheach atá anseo. Cuirtear an scór agus an téacs ar fáil do gach amhrán chomh maith le taifead ar ardchaighdeán d’amhránaithe mór le rá agus na hamhráin á rá acu.

Caitheadh go leor dua leis an tionscadal agus seo agus tá ardchaighdeán ag baint le gach gné de. Ag an seoladh mhínigh Bríd Ní Ghruagáin gur chinntigh siad go mbeadh réimse leathan guthanna ann  mar nach ann don ‘HochGhaeilge’ agus go bhfuil a ceart dlite ag gach canúint.

Beidh toradh an tsaothair á chur ar fáil saor in aisce d’úsáid neamhthráchtála amháin anseo.

Síolchur atá anseo agus tá Dáirine Ní Mheadhra ag súil go spreagfar cumadóirí agus oirfidigh le cur leis. Go deimhin, chuaigh filíocht Mhichíl Uí hAirtnéide i bhfeidhm chomh mór sin ar an gcumadóir ón Iaráin, Ashkan Behzadi, go bhfuil tionscadal dá chuid féin tosaithe aige.

Tá cleachtadh againn ar Ghaeilge a chlos á canadh i réimsí éagsúla seachas an sean-nós, ó cheol tíre Chonamara go geabaireacht sráide Kneecap. Tá súil agam go mbainfidh na hAmhráin Ealaíne áit amach i gceoldreach na Gaeilge chomh maith. Bhain mé féin oiread taitneamh as an géarú goile a thug Gavan Ring agus Daire Halpin dúinn ag an seoladh gur chaith mé an turas abhaile ag éisteacht le taifid ón suíomh.

Beidh deis ann san earrach an tsraith iomlán a chlos sa Cheoláras Náisiúnta.

Fág freagra ar 'Tá an sean-nós, ceol tíre Chonamara agus Kneecap againn – seo chugainn an t-amhrán ealaíne Gaeilge'