15 ainmniúchán do na Gradaim IFTA faighte ag TG4

Cláir faisnéise agus drámaí a craoladh ar an stáisiún Gaeilge curtha ar an ngearrliosta do na gradaim

IMG_2673
Dara Ó Cinnéide, GAA USA

Tá 15 ainmniúchán do na Gradaim IFTA faighte ag cláir a craoladh ar TG4, ina measc Bliain in Inis Mór atá san iomaíocht i rannóg na gclár faisnéise, Saol Faoi Shráid atá ainmnithe i rannóg na gclár do pháistí agus GAA USA atá ainmnithe i rannóg na gclár spóirt, áit a mbeidh sé á fhéachaint le clár eile a craoladh ar TG4, Arkle – The Legend Lives On.

I measc na gclár faisnéise ó TG4 a bheidh san iomaíocht i mbliana do na gradaim teilifíse, tá It Came From Connemara!!, Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide agus Áille an Uafáis/A Terrible Beauty.

Aille an Uafáis ainmnithe chomh maith sa rannóg ar leith atá ann do chláir Ghaeilge. Sa rannóg chéanna tá na drámaí An Bronntanas agus Corp is Anam agus na cláir faisnéise Ar Intinn Eile agus Katie.

Tá ainmniúchán faighte ag Woofáil California i rannóg na gclár réaltachta agus tá ainmniúcháin freisin faighte ag Ceoilchuairt (fuaim) agus Fleadh TV (ócáid bheo).

Fág freagra ar '15 ainmniúchán do na Gradaim IFTA faighte ag TG4'