1,491 cás eile den víreas fógartha, an vacsaín ‘an bealach éalaithe’

Tá líon na ndaoine atá ag glacadh leis an vacsaín ‘an-ard go deo in Éirinn’ ach caithfear fanacht slán chomh maith, a deir an Príomhoifigeach Leighis

1,491 cás eile den víreas fógartha, an vacsaín ‘an bealach éalaithe’

Tá 1,491 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

193 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 28 acusan in aonad dianchúraim.

1,641 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 226 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 39 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte gurb é an vacsaín an “bealach éalaithe” atá againn as an bpaindéim.

“An dea-scéal ná go bhfuil líon na ndaoine atá ag glacadh leis an vacsaín an-ard go deo in Éirinn, rud a léiríonn go dtuigeann daoine na buntáistí dóibh féin agus don phobal a bhaineann leis an vacsaín a fháil,” arsa an Dr Holohan.

Dúirt sé go dtuigfí do dhaoine a bheith traochta ag an víreas ach nach dtraochann an víreas féin.

“Is cuma leis sinne a bheith bailithe leis, ní fheiceann sé ach an deis scaipeadh ó dhuine go duine nuair a ligfimid na maidí le sruth…”

“Oibríonn na vacsaíní, ach caithfear tacú leo trí muid féin a iompar ar bhealach chomh sábháilte agus is féidir.”

Níos túisce inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE gur “lá mór mórtais d’Éirinn” a bhí sa lá inniu agus sé mhilliún dáileog vacsaíne in aghaidh an Covid-19 tugtha amach.

Dúirt Paul Reid gur “cloch mhíle iontach” a bhí ann an méid sin dáileog a bheith faighte ag daoine.

“Lá mór mórtais é d’Éirinn, áit bainte amach ag Kellie Harrington sna cluichí Oilimpeacha agus sé mhilliún vacsaín bainte amach againn.”

Tá an chéad dáileog faighte ag 3.3 milliún duine agus an dara ceann faighte ag 2.8 milliún.

Tá 99% de dhaoine os cionn 80 bliain vacsaínithe agus is amhlaidh an scéal i gcás daoine idir 70-79. 96% de dhaoine idir 60-69 atá vacsaínithe, 94% atá i gceist i measc daoine idir 50-59 agus tá an tsnáthaid faighte ag 89% de dhaoine idir 40-49.

Tá an HSE ag súil 230,000 vacsaín a thabhairt amach an tseachtain seo agus 200,000 a thabhairt amach an tseachtain seo chugainn.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE gur baineadh siar astu nuair a chonacthas an méid daoine óga a d’fhreastail ar na hionaid vacsaíne siúil isteach ag an deireadh seachtaine. 30,000 duine a bhí i gceist agus bhí 65% acu faoi bhun 20 bliain d’aois. 85% a bhí faoi bhun 30.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, an Dr Colm Henry, nach raibh aon choinne acu le líon na ndaoine a bhí ag iarraidh an vacsaín a fháil.

“Mí an Mhárta seo caite níor shíleamar choíche ná go deo go mbeadh oiread sin daoine ag glacadh leis an vacsaín,” a dúirt an Dr Colm Henry.

Idir an 1 Aibreáin agus an 29 Iúil, cuireadh cúram in aonad dianchúraim ar 143 daoine a bhí buailte ag an ngalar agus nach raibh aon snáthaid faighte ag 80% acusan.

6% a bhí lánvacsaínithe. Bhí dáileog amháin ag 31 othar ICU agus bhí tinneas éigin eile ag cur as freisin do 27 acusan.

368 cás in aghaidh gach 100,000 duine an ráta coicíse atá faoi láthair ann, ardú 4% ón tseachtain seo caite. 795 an ráta i nDún na nGall, an contae is measa atá buailte sa stát. Sa Ghaillimh atá an tríú ráta is measa, taobh thiar de chontae Lú.

Ag ardú “go mall” atá líon na gcásanna den ghalar agus iad 2% níos airde ná mar a bhí seachtain ó shin.

Fág freagra ar '1,491 cás eile den víreas fógartha, an vacsaín ‘an bealach éalaithe’'