147 cás nua fógartha agus comhairle tugtha ag NPHET faoi athoscailt na scoileanna

Bhain 73 den 147 cás nua a fógraíodh inniu le Baile Átha Cliath agus dúirt an Dr Ronan Glynn go raibh NPHET ag coinneáil súil ar an ardú atá tagtha ar líon na gcásanna sa chontae

147 cás nua fógartha agus comhairle tugtha ag NPHET faoi athoscailt na scoileanna

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh 147 cás nua den Covid-19 deimhnithe acu.

Is é seo an cúigiú lá le deich lá anuas go raibh os cionn 100 cás nua le fógairt.

Níor fógraíodh aon bhás eile de dheasca an ghalair.

Bhain 73 den 147 cás nua inniu le Baile Átha Cliath. Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, nach raibh aon bhaol ann fós go go gcuirfí srianta nua i bhfeidhm ar an ardchathair ach go raibh súil ghéar á coinneáil ar líon na gcásanna sa chontae.

Bhain cás amháin as gach trí chás i mBaile Átha Cliath le gartheagmháil le duine a bhí buailte ag an gcoróinvíreas. Cás amháin as gach cúig chás é an ráta sa chuid eile den tír.

Bhain 17 cás nua eile inniu le Cill Dara, bhain 12 cás le hUíbh Fhailí, 11 le Cill Mhantáin agus naoi gcás a bhí i Luimneach. Bhain an 25 cás eile le 11 contae éagsúla, an Ghaillimh agus Dún na nGall ina measc.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 60 den 147 cás nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu. Bhain 14 de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 71% de na daoine a bhí i gceist faoi bhun 45 bliain d’aois.

Ag trácht dó ar athoscailt na scoileanna, dúirt an Dr Glynn go raibh sé sábháilte ag páistí filleadh.

“Is í an fhianaise is déanaí ón ECDC agus ó thíortha eile nach gnách le leanaí Covid-19 a thabhairt do ghasúir eile ná do dhaoine fásta ar scoil. Tá scoileanna athoscailte ar fud an domhain agus sna tíortha sin, ní scoileanna is mó is siocair le scaipeadh an ghalair sa bpobal.

“Tá ról againn ar fad lena chinntiú nach scaipfear an víreas seo go rábach – agus sin an chosaint a bheidh ag an gcóras oideachais sna seachtainí seo romhainn.”

Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúram Comhtháite an HSE, go dtarlóidh sé go dtolgfaidh gasúir an Covid-19 agus iad ar scoil ach gurb é an rud is tábhachtaí ná nach scaipfidh an víreas.

“Beidh leanaí ann a tholgfaidh an víreas seo mar a bhí ó thús na paindéime. Nuair a bheidh cás i scoil, beidh an fhoireann sláinte phoiblí ansin lena chinntiú nach scaipfidh sé – mar a rinne siad ó tháinig an víreas seo.”

Dúirt an Dr. Mary Favier, Uachtarán Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh na hÉireann, gur cheart do thuismitheoirí a bpáistí a choinneáil ón scoil má bhíonn siomptóim ar bith acu.

“Ba chóir do thuismitheoirí a bheith ar an airdeall agus a bpáistí a choinneáil sa mbaile ón scoil má bhíonn aon chomharthaí sóirt le haithint orthu – fiabhras, casacht, giorra anála, comharthaí fliú, nó blas nó boladh a bheith caillte acu,” a dúirt an Dr Favier.

“Ba chóir do thuismitheoirí a bheith ar a n-aire chomh maith go bhféadfadh an víreas a bheith ar pháistí agus gan aon chomharthaí sóirt le haithint orthu. Má tá aon duine a bhfuil a sláinte leochaileach sa teaghlach, cloíodh gach duine go docht leis an scaradh sóisialta agus múin do pháistí na lámha a níochán go maith agus go minic.”

Inniu an chéad lá ar ais ar scoil ag páistí ó thuaidh den teorainn ó mhí an Mhárta nuair a dúnadh na scoileanna mar gheall ar an gcoróinvíreas.

Daltaí as bliain a 7, a 12 agus a 14 a d’fhill inniu agus beidh na daltaí eile ag filleadh an tseachtain seo chugainn.

Tá £42 milliún caite ó thuaidh lena chinntiú go mbeidh scoileanna sábháilte ach cuireadh in iúl do scoileanna nach gá an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm má chloítear leis na rialacha sláinteachais eile – ní na lámh agus sraothartach shábháilte. Níl clúdaigh aghaidhe éigeantach do pháistí.

 

An tAire Oideachais Peter Weir

Dúirt an tAire Oideachais Peter Weir go raibh sé tábhachtach do shláinte intinne na ndaoine óga go bhfillfidís go lánaimseartha ar an scoil agus go raibh sé le tuiscint ón eolaíocht nach siocair mhór Covid-19 an scoil.

“Tá fianaise chinnte againn gur lú seans atá ann go dtolgfaidh daltaí Covid-19 agus má fhaigheann siad é nach ngoillfidh sé go mór orthu agus go ndéanfaidh a bhformhór téarnamh iomlán uaidh.

“Baol an-bheag go deo atá ann go mbeadh an galar go dona ar leanaí agus is lú seans atá ann go scaipfidh siadsan an víreas,” a dúirt an tAire Weir.

 

Phil Hogan Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Idir an dá linn, níl scéal Dhinnéar Chumann Gailf an Oireachtais sa gClochán an tseachtain seo caite thart fós mar go bhfuil soiléiriú breise á lorg ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen ar Phil Hogan faoina chuid taistil.

Bhí tuairiscí ann inné gur stop na Gardaí an Coimisinéir Eorpach i gCill Dara toisc é a bheith ar an bhfón agus é ag tiomáint go dtí an ócáid ghailf chonspóideach sa Chlochán. Tá srianta taistil i bhfeidhm i gcontae Chill Dara faoi láthair, ach dúirt urlabhraí thar ceann Phil Hogan go mb’éigean dó ‘cáipéisí riachtanacha’ a bhain lena chuid oibre agus earraí pearsanta a bhailiú i gCill Dara.

Thug Hogan tuairisc do Ursula von der Leyen aréir ach go bhfuil tuilleadh eolais á lorg aici.

Bhí sé ráite ag Hogan roimhe sin gur thaistil sé díreach as Cill Chainnigh go dtí an Clochán ach deir sé anois gur stop sé ag a árasán i gCill Dara ar a bhealach siar.

D’éirigh Dara Calleary, as a phost mar Aire Airgeadais agus as leascheannaireacht Fhianna Fáil de bharr an dinnéir agus d’éirigh an t-iarTheachta Dála agus iarSheanadóir Donie Cassidy as leas-uachtaránacht an pháirtí sin.

Fógraíodh chomh maith inniu go raibh ‘aontaithe’ ag RTÉ agus an craoltóir Seán O’Rourke, duine eile a d’fhreastail ar an dinnéar,  nach mbeifear “ag dul ar aghaidh” leis na socruithe a bhí déanta acu maidir “le tograí eile amach anseo”.

Tuairiscíodh chomh maith go raibh an t-iarPhríomh-Bhreitheamh Susan Denham ceaptha chun athbhreithniú a dhéanamh ar chás Seamus Woulfe, an Breitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí a d’fhreastail ar an ócáid ghailf chonspóideach.

Fág freagra ar '147 cás nua fógartha agus comhairle tugtha ag NPHET faoi athoscailt na scoileanna'