13 ainmniúchán faighte ag TG4 do ghradaim teilifíse IFTA

Trí cinn d’ainmniúcháin faighte ag Eipic agus Ros na Rún agus Vóta 2016 i measc na n-ainmniúchán eile atá ag an stáisiún Gaeilge

13 ainmniúchán faighte ag TG4 do ghradaim teilifíse IFTA

Tá 13 ainmniúchán faighte ag TG4 do ghradaim teilifíse IFTA.

Is í an tsraith drámaíochta Eipic (Magmamedia) is mó atá sa treis ar ghearrliosta IFTA a fógraíodh tráthnóna.

Trí cinn d’ainmniúcháin a fuair Eipic, an tsraith faoi ghrúpa daoine óga a bhunaíonn banna ceoil. Tá an tsraith ainmnithe sa rannóg ‘Páistí agus Daoine Óga’ agus sa rannóg do chláir ‘Gaeilge’. Tá stiúrthóir Eipic Louise Ní Fhiannachta ainmnithe sa rannóg ‘Sobaldráma agus Dráma Grinn’.

Beidh Ros na Rún TG4 á fhéachaint le Red Rock agus Fair City don ghradam don sobaldráma is fearr agus beidh Nuacht TG4 ag súil leis an gceann is fearr a fháil ar BBC, UTV, TV3 agus RTÉ i rannóg na nuachta mar a bhfuil an clár toghcháin Vóta 2016 ainmnithe.

Tá an seó Laochra (Tyrone Productions) a craoladh ar TG4 mar chomóradh ar 1916 ainmnithe sa rannóg don ‘Beochraoladh’ is fearr mar a mbeidh sé san iomaíocht le leithéidí Centenary agus The State Commemoration of the 1916 Rising ó RTÉ.

Bás nó Saoirse (Tile Films), clár faisnéise staire a craoladh ar TG4, ainmnithe i rannóg na gclár faisnéise.

I measc na gclár eile de chuid TG4 a bhain áit amach ar ghearrliosta IFTA na bliana seo, tá an clár faisnéise Crainn na hÉireann (Abú Media) agus na cláir cheoil Hup agus Deoch an Dorais atá ainmnithe do ghradam fuaime.

Á fhéachaint le Eipic sa rannóg ‘Gaeilge’, beidh An Klondike (Abú Media), Fleadh TV agus Ros na Rún.