100 bliain ó iompaíodh an chéad fhód in Ard na Croise, tá rudaí nua le  foghlaim faoi

Fuair ár gcolúnaí amach le déanaí gur beag eolas dáiríre a bhí aici faoi Scéim Ard na Croise féin agus chuir ar léigh sí fúithi iontas an domhain uirthi

100 bliain ó iompaíodh an chéad fhód in Ard na Croise, tá rudaí nua le  foghlaim faoi

Cén tionscadal mór infreastruchtúir a tógadh sa tír seo i mblianta tosaigh an stáit, a chuaigh i bhfeidhm go mór ar fhear a bheadh ina Uachtarán cinniúnach ar Stáit Aontaithe Mheiriceá – an fear is faide a bhí sa bpost riamh?

Agus gur ainmníodh an tionscadal céanna blianta ina dhiaidh sin mar bhuaiteoir gradam idirnáisiúnta a bhí ar comhchéim, dar leis na moltóirí, leis an spásárthach, an tóinteálaí spáis, an teilifíseán daite, Droichead an Gheata Órga, Canáil Phanama agus Túr Eiffel?

Bhí freagra na ceiste i nDánlann Ealaíne.

Bhí mé ar mo bhealach amach ó thaispeántas mór bliantúil an RHA, (an tAcadamh Ríoga Ibeirneach), le deireanas nuair a chonaic mé carnán mór catalóg ar an gcuntar agus iad ar díol ar phraghas íseal. Ní raibh siad ag gearradh ach cúig euro ar an gceann a bhain leis an ealaíontóir Seán Keating agus Bord Soláthair an Leictreachais.

Shíl mé gur mó an aird a bheadh agam ar an ealaíontóir mór le rá Keating ná mar a bheadh ar chúrsaí leictreachais. Nach seanscéal é sin, a dúirt mé liom féin. Nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile faoi ghiniúint an leictreachais ar an tSionainn? Agus nach bhfuil a fhios ag gach éinne gur tugadh coimisiún don ealaíontóir chun sraith pictiúr a phéinteáil an fhad is a bheadh an obair ar siúl ag Ard na Croise?

Ach bhí mé ag iarraidh na pictiúir chéanna a fheiceáil, agus mar sin chaith mé cúig euro ar an gcuntar agus chroch liom an chatalóg.

Mar a tharla, bhí mé mícheart ar chuile bhealach. Ní bhfuair Seán Keating aon choimisiún – chuaigh sé ann as a stuaim féin agus rinne sraith pictiúr den obair thógála atá anois ar ceann de na bailiúchán ealaíne dúchasaí is tábhachtaí sa stát.

Agus maidir le Scéim Ard na Croise féin – fuair mé amach gur beag eolas a bhí agam fúithi agus chuir gach a léigh mé iontas an domhain orm agus d’fhág ardmheas agam ar gach duine a bhí páirteach ina chur chun cinn agus a chur i gcrích.

Tá sé tráthúil súil siar a chaitheamh ar an tionscadal mór seo agus muid ag tarraingt ar chéad bliain ó tosaíodh ar an obair thógála – ar an 13 Lúnasa 1925 a iompaíodh an chéad fhód in Ard na Croise.

Ní raibh an dá bhliain caite ón uair a leag an t-innealtóir Thomas McLaughlin an smaoineamh os comhair an rialtais i 1923. Toisc go raibh sé tar éis tréimhse oibre a chur isteach leis an gcomhlacht Siemens sa nGearmáin, bhí a fhios aige gur saineolaithe iadsan san obair a bhain le scéim hidrileictreach. Thosaigh an rialtas ag caint leis an gcomhlacht go luath i 1924, rinneadh tuilleadh staidéir ar an bplean, agus chuir Siemens plean foirmeálta os comhair an rialtais i mí an Mheán Fhómhair 1924. Agus mar a deirim i Lúnasa na bliana 1925, tosaíodh ar an obair.

Níor léigh mé tada faoi chead pleanála. Níor léigh mé focal faoi rialacha ná rialachas. Ní heol dom gur cuireadh an scéim amach le haghaidh tairiscintí.

An t-aon díospóireacht a chonaic mé, agus bhí argóintí láidre ar chaon taobh, ná ar chóir an scéim a thógáil in aice le Baile Átha Cliath nó ar chóir é a thógáil thíos faoin tír, áit a mbeifí in ann an leictreachas a scaipeadh ar bhealach níb áisiúla. Roghnaíodh Ard na Croise ar deireadh – ach ar aon nós, níorbh fhada gur tógadh scéim ar an Life freisin chun freastal ar an gcathair agus ar an bpobal ansin.

Sa lá atá inniu ann, agus an tír ag streachailt le costais dho-chreidte ard tógála, le scéal gan deireadh an ospidéil do leanaí, agus le fadhb dho-réitithe na tithíochta sa tír trí chéile, chaithfeadh duine a rá gur míorúilt cheart a bhí sa scéim seo a thug leictreachas ar bhonn náisiúnta don tír sa mbliain 1929 nuair a cuireadh críoch leis an obair.

Ach ba léir gur cinneadh rialtais Chumann na nGaedhal, agus tacaíocht láidir an aire tionscail agus trádála Patrick McGilligan, a chinntigh go dtosnófaí ar an obair go luath agus go n-éireodh leis an scéim. Chuaigh an reachtaíocht trí Thithe an Oireachtais gan stró agus tháinig na Gearmánaigh agus a gcuid trealaimh i dtír in Inbhear na Sionainne.

Ní raibh siad ag dul sa tseans go mbeadh tada ar fáil in Éirinn le haghaidh na hoibre. Thugadar leo as an nGearmáin crainn tógála, traenacha, innill, traiceanna, trucailí, innill thochailte, meascthóirí coincréite, brúiteoirí cloch, agus gach rud eile a theastódh chun an t-innealra a choinneáil i gcaoi mhaith agus é a dheisiú dá mba gá. Thógadar líne traenach le go mbeidís in ann an t-ábhar agus na hinnill a iompar timpeall ar an láthair thógála.

Agus nuair a bhí an obair curtha i gcrích acu céard a rinne siad ach gach rud a chur ar ais arís sna coimeádáin agus iad a chur ar ais go dtí an Ghearmáin.

Tá sé deacair domsa a shamhlú cé chomh bocht is a bhí an tír le linn bhlianta tógála na scéime. Cuimhnigh nach raibh an stát i bhfad ann, sa gcéad áit.

Deirtear sa chatalóg gur chaith an rialtas 20% de bhuiséad an Stáit i 1925 ar an scéim. Chosain sé £5.2 milliún agus caitheadh £600,000 eile ar chúiteamh d’úinéirí talún.

Nach gcaithfeá a rá go raibh misneach agus fadbhreathnaitheacht ag na daoine a bhrúigh an scéim chun cinn? Chuidigh sé go mór leis an tír i mblianta tosaigh an stáit leis an bhforbairt eacnamaíoch agus leag sé an bhunsraith don Éirinn nua a bhí le teacht. Agus tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, nuair a forbraíodh an scéim leictreachais tuaithe, ba mhór an chéim a bhí tógtha ar dtús leis an scéim hidrileictreach in Ard na Croise.

Tamall gearr sular casadh air an soláthar leictreachais ón scéim i 1929, fuaireadar litir ó fhear darb ainm Franklin D Roosevelt. Bhí an-suim aige sa scéim agus i mbunú Bhord Soláthair an Leictreachais, agus d’iarr sé orthu cóipeanna de na páipéir ar fad a bhain leis a chur chuige.

Ceithre bliana ina dhiaidh sin in 1933, bhí sé ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus bhí go dtí gur bhásaigh sé i 1945. D’úsáid sé an t-eolas a bhí bailithe aige chun an ‘Tennessee Valley Project’ in oirdheisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur chun cinn mar chuid dá scéim féin, an ‘New Deal.’ Plean mór eile a leag bunsraith don Mheiriceá ‘nua’ a bhí le teacht.

Ar feadh roinnt seachtainí agus an obair mhór ar siúl sa tSionainn, thóg Seán Keating am saor óna chuid oibre chun sraith pictiúr a phéinteáil den chartadh, den réabadh, den sluaisteáil, den tógáil, agus de na fir oibre.  Agus ar deireadh cheannaigh Bord Soláthair an Leictreachais na pictiúir uaidh.

Tá an bailiúchán ag an mBhord ó shin. Nuair a cuireadh ar taispeáint iad san RHA sa mbliain 2012, scríobh an Dr Eimear O’Connor nóta eolais faoi stair na scéime agus faoin obair ealaíne. Tá nótaí eolais ón BSL sa chatalóg freisin. Is seoid eolais staire an leabhrán seo agus b’fhiú go mór na cúig euro a chaith mé uirthi!

Fág freagra ar '100 bliain ó iompaíodh an chéad fhód in Ard na Croise, tá rudaí nua le  foghlaim faoi'