9 rud a d’fhéadfadh an Taoiseach nua a dhéanamh láithreach ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta

Labhair Tuairisc.ie le roinnt daoine atá gníomhach i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta faoin gcomhairle a chuirfeadh siad ar Leo Varadkar agus é ag tosú a théarma mar Thaoiseach

9 rud a d’fhéadfadh an Taoiseach nua a dhéanamh láithreach ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Alan Titley – Ollamh le Gaeilge

Ós rud é go raibh baint agam le hoiliúint mhúinteoirí i gcaitheamh fhormhór mo shaoil ghairmiúil, caithfear an méid seo a screadaíl os ard. Tá an Ghaeilge sa phobal go fairsing ag brath ar chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna. An méid sin simplí. Tá caighdeán na Gaeilge sna scoileanna ag brath go mór ar chumas Gaeilge na múinteoirí. Simplí chomh maith céanna. Ba iad na múinteoirí an ghairm ba líofa Gaeilge ó bhunú an stáit. Bhí cúis leis sin. Cuireadh chuige.

Tá an bonn sin anois bainte de chaighdeán Gaeilge na múinteoirí. Bhíodh sí i lár na gcuraclam sna coláistí oideachais, ach tá curtha ar imeall na slí le suim bheag de bhlianta anuas. Go fiú an té a mbeadh dúil mhallaithe sa Ghaeilge aici, ar éigean gurbh fhéidir léi an dúil sin a shásamh. Níl inti feasta ach bláth beag san fhuinneog sna coláistí oiliúna, a bhfuil coláistí traenála arís orthu. Cuirtear ar ais í le meas is le bláth is le honóir is le hiontas!

Peadar Ó Caomhánaigh – Comhbhunaitheoir an Pop Up Gaeltacht

Ba cheart don Taoiseach nua éisteacht leis an gcomhairle a chuireann na ceanneagrais air, agus beart a dhéanamh de réir a bhriathair maidir le gach aon ní. Ba cheart dó ceannaireacht a léiriú agus moltaí na Straitéise 20 Bliain a chur i bhfeidhm. Léiríonn ócáidí pobail cosúil leis an Pop Up Gaeltacht go bhfuil luach sóisialta, tráchtála, réalaíoch ar an nGaeilge. B’fhearr gan caitheamh léi ar nós gur rud teibí í, a bhaineann le miotais agus meanma amháin. Is teanga í.  Cuirtear i bhfeidhm na rudaí a oireann do theanga atá beo.

Áine Ní Bhreisleáin – Clár-Reachtaire le RnaG agus Stiúrthóir Aonach Tailteann

Thiocfadh leis an Taoiseach díriú ar thacaíocht láidir a thabhairt do scoltacha na Gaeltachta anois agus áiseanna agus múinteoirí breise a chur ar fáil don tumoideachas faoin bpolasaí nua oideachais lena chinntiú go mbeidh rath air, agus airgead a thabhairt do ghnóthaí agus d’imeachtaí óige trí mheán na Gaeilge.

Ba chóir aghaidh a thabhairt ar bhunfhadbanna tuaithe cosúil le infreastruchtúr agus an córas sláinte atá go bocht i gcontae Dhún na nGall go háirithe.

Ba cheart oibriú le hÚdarás na Gaeltachta agus Fiontar Éireann le postanna fiúntacha fadtéarmacha inmharthana a mhealladh chun na Gaeltachta le dhul i ngleic leis an imirce agus bánú na tuaithe.

B’fhiú dó úsáid a bhaint as an Ghaeilge cinnte, ach tá sé níos tábhachtaí seirbhísí agus cearta lucht labhartha na teanga a láidriú agus beart a dhéanamh in áit bheith ag gealladh gan gníomh a dhéanamh.

Éamonn Ó Dónaill – Stiúrthóir Ghaelchultúr

An rud is dearfaí a d’fhéadfadh an Taoiseach a dhéanamh ná admháil go bhfuil slánú na Gaeltachta ag brath ar straitéis cheart agus ar phleanáil cheart ag leibhéal an rialtais. Tá cúram na pleanála teanga leagtha ag na polaiteoirí ar dhreamanna sna ceantair Ghaeltachta nach bhfuil an saineolas acu leis an chineál sin oibre a dhéanamh – seachas an cúram sin a ghlacadh orthu féin. Measaim gur beart thar a bheith soiniciúil a bhí ansin. Ní mór do na polaiteoirí éirí as an chur i gcéill, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm i gceart agus díriú ar mheath na Gaeltachta sula mbíonn sé rómhall.

Dara Ó Cinnéide – Clár-Reachtaire le RTÉ RnaG agus láithreoir GAA Nua

D’fhéadfadh sé iarracht a dhéanamh an Ghaelainn a labhairt níos minice seachas an béalghrá a chloistear ó pholaiteoirí i bhfad rómhinic. D’fhéadfadh sé iarracht a dhéanamh stad den gcur i gcéill atá ins na ranna rialtais agus líon na státseirbhíseach le Gaelainn a mhéadú. Tá a fhios agam nach ndéanfar thar oíche é seo ach d’fhéadfaí a léiriú ó thús go rabhthas dáiríre fén gcúram.

D’fhéadfadh sé aitheantas a thabhairt dona leithéid de rud agus ‘Gaeltacht’ agus d’fhéadfadh sé an Straitéis 20 Bliain don nGaelainn a stracadh as a chéile agus tosnú ó bhonn arís.

Muireann Ní Mhóráin – Príomhfheidhmeannach COGG

Tá ár dTaoiseach tar éis a thiomantas don teanga a léiriú agus, fiú, a theideal féin a chosaint agus a mhíniú. Is cinnte go bhfuil Nua-Ghaeilgeoir eile tagtha amach! Ach tá a lán de na buachaillí agus cailíní córach fós gan ghuth. Conas go bhfuil an oiread sin dár dTeachtaí Dála, daoine éirimiúla a fuair togha an oideachais, nach féidir leo cúpla abairt Gaeilge a labhairt?

Tá cuid de bhunús na faidhbe aitheanta ag Príomhchigire na Roinne Oideachais agus Scileanna, ’sé sin easpa cumais Gaeilge líon ard de mhúinteoirí na tíre. Agus cad d’fhéadfadh an Taoiseach a dhéanamh faoi seo?

Creidim, mar thús, go bhfuil sé in am dó a threorú don Chomhairle Mhúinteoireachta caighdeán ard, bunaithe ar an gCreat Eorpach do Theangacha, a bheith riachtanach agus múinteoirí ag baint amach a gcéim mhúinteoireachta don bhunscolaíocht agus do theagasc na Gaeilge ag an dara leibhéal. Ní chosnóidh sé seo tada ar an stát má leagtar an fhreagracht ar na múinteoirí barr feabhais a chur ar a gcumas sa Ghaeilge. Bíonn an fhírinne searbh ach, ’sí an fhírinne í, mura bhfuil rud agat ní féidir é a thabhairt.

Pádraig Ó Céidigh – Seanadóir agus Fiontraí

Ba chóir don Taoiseach nua cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht láithreach lena léiriú don phobal go bhfuil a fhios aige cé hiad féin, ba cheart dó dul amach os comhair an phobail atá ina gcónaí sa nGaeltacht agus é féin a chur in aithne dóibh.

Is iontach an rud é go bhfeictear Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Bíonn sé ann chuile bhliain. Bheadh sé iontach dá ngabhfadh an Taoiseach ag Oireachtas na Gaeilge, fiú ar feadh oíche amháin lena léiriú go bhfuil a fhios aige cá bhfuil an Ghaeltacht, agus cainteoirí Gaeilge, agus go bhfuil suim aige iontu.

Julian de Spáinn – Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

Is féidir leis an Taoiseach gealltanas a thabhairt go maoineofar an plean infheistíochta, atá  aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, sna chéad trí bliana eile faoi mar atá leagtha amach sa phlean. Bheadh seo ag teacht leis an ngealltanas atá déanta aige chun maoiniú don spórt, don chultúr agus do na healaíona a dhúbailt (cé nach ionann an maoiniú atá á lorg sa phlean infheistíochta agus dúbailt ar an maoiniú reatha d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge). Chruthódh an plean breis is 1,100 post, lárionaid Ghaeilge i mbailte agus i gcathracha ar fud an oileáin. Tá an maoiniú seo riachtanach lena chinntiú go mbeidhpobail na Gaeltachta agus na Gaeilge in ann a bpleananna teanga a chur i bhfeidhm, agus go leor leor eile.

Éamon Ó Cuív – Teachta Dála

An Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm agus cistíocht cheart a chur ar fáil d’infreastruchtúr na Gaeltachta. Dá mbeadh an méid sin déanta ní beag a bheadh faighte againn. Ba cheart gach uile ní den straitéis a chur i bhfeidhm. Níl aon chuid di ar fiú caint air curtha i bhfeidhm, agus ba cheart gach uile ghné di a chur i bhfeidhm – idir chúrsaí cumarsáide, chúrsaí oideachais, chúrsaí pobail, chúrsaí Gaeltachta, chúrsaí maoinithe, agus na moltaí a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta. Caithfidh plean cuimsitheach do chur chun cinn na Gaeilge a bheith ann agus tá sé ann sa Straitéis ach níl sí á cur i bhfeidhm. Gan mhaoiniú ceart stáit ní féidir an plean a chur i bhfeidhm. Tá dhá rud ag teastáil – toil agus maoiniú. D’fhéadfadh an Taoiseach breathnú ina dhiaidh seo.

Fág freagra ar '9 rud a d’fhéadfadh an Taoiseach nua a dhéanamh láithreach ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta'

  • Mánus

    Uimhir 10. Siollabais Ghaeilge faoi leith ó leibhéil na bunscolaíochta go leibhéal na hArdteiste chun freastal ar dhaltaí sna Ghaelscoileanna / Ghaelcholâistí agus sna scoileanna sin sa “Ghaeltacht Oifigiúil” ina mbíonn an teagasc tré mheán na Gaeilge.
    Uimhir 11. An CÉIM B.A. sa Ghaeilge a fheabhsú. Ní cruthúnas níos mó é an BA sa Ghaeilge go bhfuil teanga na tíre idir labhairt agus scríobh ar do thoil agat. Sin an fáth go bhfuil TEG luaite ag COGGmar an cáilíocht Ghaeilge!

  • Seán Mac Gearailt

    Measaim go bhfuil a lán den cheart ag Alan Titley. Dá mbeadh caighdeán na nbunmhúinteoirí sách ard agus iad tiomanta do mhúineadh na Gaeilge rachadh sé go mór chun tairbhe don teanga. Ní ag fáil locht ar mhúinteoirí atá mé ; daoine iontacha iad den chuid is mó agus iad an-díograiseach i leith a ndualgaisí. Theip an córas oideachais orthusan freisin; na múinteoirí óga ach go h-áirithe. Muna bhfuil sí agat ní feidir í a thabhairt.

  • SÓC

    Go leor den fhírinne luaite ag Seán agus Manus thuas. Tá coláistí oiliúna ag tabhairt cáilíochtaí do dhaoine nach bhfuil caighdeán sách ard acu sa Ghaeilge. Cinnte, múinteoirí iontacha iad ach atá in ann laigeachtaí sa teanga a chur faoi cheilt le han-mharcanna i gcodanna eile dá gcéim, agus go fóill ag teacht amach le Céad Onóracha/2:1.

    Brú ar na coláistí daoine a cháiliú le freastal ar fhás na Gaelscolaíochta, ach tá an lámh in uachtar ag cáinníocht thar caighdeán mar thoradh air sin.

    Gaeil gan foighid is cúis leis ar bhealach.