10 gceist faoi neodracht na tíre a bhfuilimid i dteideal freagra a fháil ón Rialtas orthu 

Ní féidir polasaí slándála, cosanta agus neodrachta an stáit a phlé i gceart má choinnítear faisnéis bhunúsach faoi rún

10 gceist faoi neodracht na tíre a bhfuilimid i dteideal freagra a fháil ón Rialtas orthu 

Pléifear polasaí cosanta, slándála agus neodrachta an stáit ag ‘fóram comhairleach’ a bheidh á reáchtáil ag an rialtas an mhí seo chugainn. Ach tá baol ann nach dtabharfar láneolas oifigiúil faoin ábhar do chruinnithe an fhóraim i gCorcaigh, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath.

Níor shéan an Taoiseach ná an Tánaiste an tuairisc eisiach a scríobh Conor Gallagher san Irish Times faoi mheamram comhthuisceana idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe. Ceadaítear dá réir don RAF, aerfhórsa na Breataine, eitilt in aerspás na hÉireann chun eitleáin chogaidh naimhdeacha a stopadh nó b’fhéidir a dhíbirt.

Dúirt Micheál Martin go raibh an tuairisc míchruinn agus go raibh comhaontuithe uile an rialtais ag teacht le flaitheas agus le neodracht an stáit. Dhiúltaigh sé a thuilleadh a rá toisc cúrsaí slándála náisiúnta a bheith i gceist.

Sa Dáil, tar éis d’urlabhraí gnóthaí eachtracha Shinn Féin Matt Carthy a rá nár chóir go mbeadh spéir-shábháilteacht na hÉireann ag brath ar thír eile, dúirt Leo Varadkar go raibh “socruithe” i bhfeidhm chun sábháilteacht agus slándáil na tire a dheimhniú. Ní raibh sé toilteanach tuilleadh a rá ach oiread.

Ní rachaidh tost na beirte chun tairbhe don rialtas, ná don fhóram. Ní féidir polasaí slándála, cosanta agus neodrachta an stáit a phlé i gceart má choinnítear faisnéis bhunúsach faoi rún. Mura dtugtar breis eolais faoi choinníollacha an chead isteach atá ag eitleáin chogaidh ó bhallstát de chuid NATO in aerspás na hÉireann, ní plé dáiríre ach cur i gcéill maidir le hábhar díospóireachta amháin a bheidh i gcruinnithe an fhóraim. (fáilte roimh chách, tuilleadh eolais ar fáil anseo).

Dúirt an Teachta neamhspleách agus iaroifigeach airm Cathal Berry sa Dáil go raibh an socrú atá i bhfeidhm, chomh fada agus is eol dúinn, réasúnta. D’aontaigh sé leis an gcinneadh cabhair aerphóilíneachta a fháil ó thír eile “go dtí go mbeidh ár seirbhís féin ar bun i gceann cúpla bliain”.

Bhí sé míshásta freisin, áfach, leis an débhrí agus an doiléire a bhaineann leis an socrú, dar leis. B’fhearr leis go bpléifí an scéal go hoscailte agus go macánta in áit déileáil leis mar ábhar atá ar aon dul leis an tríú rún a bhaineann le Fatima.

Tá rud amháin ionann agus cinnte. Beidh an tost oifigiúil seo ina ábhar achrainn ag cruinnithe an fhóraim. Fiú má choinnítear sonraí áirithe faoi rún ar mhaithe le cúrsaí slándála, is léir deich gceist réasúnta ar a laghad a thuilleann freagraí ón rialtas:

  1. Cén fáth nach bhfuil an rialtas sásta a admháil go bhfuil socrú i bhfeidhm a bhaineann go dlúth le comhoibriú míleata leis an mBreatain?
  2. An ionann an socrú dáiríre agus conradh idirnáisiúnta a dteastaíonn tacaíocht an Oireachtais lena dhaingniú?
  3. Ar coinníodh an socrú faoi rún ar fhaitíos go rachfaí chun cúirte chun cur ina choinne ar an mbonn sin, mar atá an seanadóir neamhspleách Gerard Craughwell a dhéanamh?
  4. An bhfuil lántosaíocht á tabhairt do leas agus do neodracht na hÉireann agus an socrú seo á chur i bhfeidhm?
  5. An bhfuil quid pro quo nó tairiscint neamhfhoirmiúil idir an dá thír leagtha amach nó intuigthe sa chomhshocrú?
  6. Más socrú réasúnta a shásódh daoine réasúnta atá i bhfeidhm, cén fáth nach bhfuil an rialtas toilteanach cur síos air go poiblí – fiú más gá sonraí míleata áirithe a choimeád faoi rún?
  7. Nach ndéanfar ceap magaidh de chruinnithe an fhóraim a phléifidh polasaí cosanta agus neodrachta an stáit mura dtugtar faisnéis bhunúsach ina thaobh.
  8. Ar oir sé do gach rialtas comhthuiscint chomh dlúth leis an mBreatain a choimeád faoi rún ionas nach gcuirfí róchaidreamh le tír neamhiontaofa atá páirteach i NATO ina leith?
  9. Cén sórt polasaí cosanta agus neodrachta ab fhearr – polasaí nach bpléitear i gceart riamh, nó polasaí ar féidir a bheith cinnte nár bunaíodh é ar shocruithe rúnda?
  10. Más mian leis an rialtas an polasaí reatha a athrú, nárbh fhearr tabhairt faoi ar bhonn oscailte?

Léiríonn gach pobalbhreith ina gcuirtear ceist faoi chúrsaí neodrachta tacaíocht láidir don pholasaí atá i bhfeidhm le fada. Ní foláir áfach an leagan reatha den pholasaí a athbhreithniú ar a laghad, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin gan trácht ar athruithe eile ar an léargas idirnáisiúnta.

Tá scata ceisteanna nua le réiteach. Mar shampla maidir leis an bpolasaí a thugann veto don Rúis (mar bhall de chomhairle shlándála na Náisiún Aontaithe) ar sheoladh fórsaí míleata as Éirinn thar lear.

Ní bhaineann gach ceist agus ábhar amhrais leis an rialtas amháin. Dúirt Matt Carthy ó Shinn Féin sa Dáil gur cheil an rialtas infheistíocht ar na fórsaí cosanta a chuirfeadh ar a gcumas “ár bhfarraigí agus ár n-aerspás a chosaint”. Admhaíonn an rialtas go bhfuil caiteachas agus earcaíocht bhreise de dhíth, ach níl seans dá laghad ann go mbeadh Sinn Féin ná páirtí ar bith toilteanach dóthain airgid a chaitheamh leis an tír a lánchosaint.

Is cuma cén páirtí atá nó a bheidh freagrach as polasaí cosanta agus neodracht an stát. Ní muinín ach a mhalairt a chothaíonn tost agus áibhéil.

Fág freagra ar '10 gceist faoi neodracht na tíre a bhfuilimid i dteideal freagra a fháil ón Rialtas orthu '