‘Tá a lán daoine sa státchóras nach bhfuil a fhios acu faoin sprioc maidir le Gaeilgeoirí a earcú’ – Aire Stáit na Gaeltachta

In ainneoin an aineolais atá sa tseirbhís phoiblí maidir le sprioc earcaíochta, deir Thomas Byrne go bhfuil sé ‘an-dóchasach’ faoi chás na teanga

‘Tá a lán daoine sa státchóras nach bhfuil a fhios acu faoin sprioc maidir le Gaeilgeoirí a earcú’ – Aire Stáit na Gaeltachta

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil obair mhór le déanamh go fóill chun ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí a chur ar an eolas maidir leis na dualgais a bheidh orthu Gaeilgeoirí a earcú amach anseo.

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go bhfuil “a lán daoine” sa státchóras agus sa tseirbhís phoiblí fós dall ar an tionchar a bheidh ag an reachtaíocht teanga ar chúrsaí earcaíochta agus go gcaithfear a chur ina luí orthu go bhfuil spriocanna daingnithe maidir le fostú Gaeilgeoirí.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh ag deireadh 2021, tá sé mar sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.

“Caithfidh mé a rá, níl a fhios ag a lán daoine faoin sprioc earcaíochta seo sa státchóras, an 20% faoi 2030,” a dúirt an tAire Stáit Byrne le gairid agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais. “Tá a lán oibre le déanamh againn chun [an scéal a scaipeadh] go forleathan.”

Tá sé ráite cheana féin ag iar-aire Gaeltachta go bhfuil sé “soiléir” nach mbainfear amach an sprioc earcaíochta faoin mbliain 2030. Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív nach bhfuil dóthain cúrsaí tríú leibhéal á gcur ar fáil trí Ghaeilge chun na folúntais a bheidh ann a líonadh ach deir an tAire Stáit go bhfuil obair le déanamh chun na fostóirí a chur ar an eolas chomh maith.

D’eagraigh oifig an Choimisinéara Teanga sraith seimineár in 2022 chun comhlachtaí poiblí a chur ar an eolas maidir leis na dualgais nua a bheadh orthu faoin reachtaíocht teanga.

An mhí seo chugainn a chuirfear an Plean Náisiúnta Earcaíochta, an plean chun an sprioc 20% a bhaint amach, faoi bhráid an Aire Stáit ach ní fhoilseofar go dtí an fómhar é. Is cosúil go nglacfar sa phlean sin leis an mbrí nua atá á baint ag an rialtas as an reachtaíocht agus leis an maíomh nach earcaigh nua amháin atá i gceist leis an sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na daoine a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí amach anseo.

In ainneoin an aineolais atá ann sa tseirbhís phoiblí maidir leis an sprioc earcaíochta, dúirt Byrne go raibh sé “an-dóchasach” faoi chás na teanga sa todhchaí.

“Beidh athruithe ag teacht. Beidh níos mó daoine le Gaeilge, beidh níos mó éilimh ar dhaoine le Gaeilge agus nuair atá an [plean] seo foilsithe, beidh ar an státchóras go léir féachaint ar an straitéis seo agus machnamh a dhéanamh agus athruithe a dhéanamh sa chóras earcaíochta atá acu,” a dúirt Byrne.

“Cuirfidh [an sprioc 20%] brú ar an gcóras anseo agus ar an rialtas agus ar na polaiteoirí níos mó acmhainní a chur fáil don Ghaeilge mar ní shroichfidh muid na spriocanna sin ar chor ar bith mura bhfuil níos mó oideachais trí mheán na Gaeilge agus mura ndéanann muid iarracht níos mó áiseanna a chur ar fáil don Ghaeilge agus i ndáiríre níos mó airgid a chaitheamh, níl muid chun na spriocanna sin a bhaint amach.

“Tá mise ag iarraidh na spriocanna sin a bhaint amach agus an chuid eile den rialtas agus an státchóras a chur ar an eolas go bhfuil dúshlán mór acu é seo a bhaint amach. Caithfidh siad é seo a bhaint amach ach tá jab le déanamh chun é a bhaint amach agus [tá] airgead le caitheamh air.”

Dúirt Byrne go mbeidh níos mó maoinithe ar fáil don Ghaeilge faoi 2030 agus go mbeidh dearcadh “iomlán difriúil” sa státchóras maidir leis an teanga.

“Tá a lán daoine [sa státseirbhís] atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus tá a fhios acu freisin, agus tá mé in ann na daoine seo a fheiceáil, tá daoine sa státseirbhís anois ag foghlaim na Gaeilge mar tá a fhios acu go bhfuil buntáiste acu má bhíonn an Ghaeilge acu,” a dúirt Byrne.

Fág freagra ar '‘Tá a lán daoine sa státchóras nach bhfuil a fhios acu faoin sprioc maidir le Gaeilgeoirí a earcú’ – Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Seán ÓM

    Nach mbeadh córas na bpointí d’earcaigh – le roinnt mhaith pointí sa bhreis do dhaoine a bhfuil teastas TEG B2, C1 nó C2 (nach bhfuil ró-shean) acu – níos éifeachtaí go fadtéarmach ná aon chuóta 10% nó 20% nó 50%?

    Bheadh Gaeilge ina buntáiste d’iarrthóirí agus iad in iomaíocht le chéile mar sin.

  • Colette

    An-mhaith a Aire Byrne nuair a dúirt tú nach “shroichfidh muid na spriocanna sin ar chor ar bith mura bhfuil níos mó oideachais trí mheán na Gaeilge”.
    An-mhaith freisin a Theachta Ó Cuív nuair a dúirt tú “nach bhfuil dóthain cúrsaí tríú leibhéal á gcur ar fáil trí Ghaeilge chun na folúntais a bheidh ann a líonadh” tá an ceart ar fad agat.
    Anois an bhfuil fhios ag Mícheál Martin faoi sin? An bhfuil fhios ag Simon Harris faoi seo. Céard go díreach a dhéanfaidh an bheirt agaibh faoi seo?

    An imní atá orm maidir leis an 20% ná an drochstaid ina bhfuil an Ghaeilge mar ábhar sna scoileanna fiú sna Gaelscoileanna.
    Chuir an alt ‘Múinteoirí na Gaeilge is diúltaí faoina n-ábhar – taighde nua’ i Tuairisc an-eagla orm.
    “Deirtear sa tuarascáil go raibh difríocht mhór ó thaobh an sásamh a bhain oidí éagsúla as a gcuid oibre ag an tSraith Shóisearach, agus gurbh iad múinteoirí na Gaeilge agus na Matamaitice ba lú a bhain sásamh as a gcuid oibre.”
    https://tuairisc.ie/muinteoiri-na-gaeilge-is-diultai-faoina-n-abhar/
    Má tá múinteoirí na Gaeilge comh diúltach sin caithfidh go mbíonn sé an-dheacair dóibh na daltaí a spreagadh agus tá baol ann go mbeidh frustrachas mór ag glún eile maidir leis an teanga náisiúnta nach mbíonn siad in ann a labhairt ná a thuiscint tar éis cúig bhliain déag a bheith caite acu ag “foghlaim” na Gaeilge ar scoil.
    Cén áit a mbeidh fáil ar an 20% sin ma leanann an ísle brí atá ar tromlach na múinteoirí Gaeilge ?