Stop curtha le húsáid na Gaeilge ag agóid ar son na Palaistíne in Berlin

Tugadh le fios do ghrúpa a bhí ag caint agus ag ceol as Gaeilge in Berlin nach ceadmhach ach Béarla nó Gearmáinis a úsáid le linn agóidí

Stop curtha le húsáid na Gaeilge ag agóid ar son na Palaistíne in Berlin

Ba “náireach” agus “éagórach” an beart é ag póilíní na Gearmáine cosc a chur ar úsáid na Gaeilge ag campa agóide ar son na Palaistíne taobh leis an Reichstag i mBeirlín.

Bhí timpeall 40 duine i láthair ag an ócáid a ndúirt lucht a heagraithe gur oíche cheoil agus comhrá i nGaeilge a bhí ann.

Dúirt na póilíní leis an ngrúpa go raibh cosc ar labhairt agus canadh as Gaeilge ag an gcampa mar nach raibh aistritheoir cláraithe i láthair chun a chinntiú nach gríosú chun fuatha nó foréigin a bhí ar bun.

Cuireadh in iúl dóibh chomh maith go raibh cosc ar bhratach a raibh ‘Saoirse don Phalaistín – Beirlín’ breactha uirthi.

Tuairiscítear go ndúradh leis an ngrúpa go ngabhfaí iad mura bhfágaidís an áit agus gur chuir na póilíní scaipeadh na mionéan orthu.

Tugadh le fios don ghrúpa nach ceadmhach ach Béarla nó Gearmáinis a úsáid le linn agóidí.

Ceadaítear Araibis chomh maith i gcásanna áirithe ach ní foláir ateangaire réamhchláraithe a bheith i láthair ag agóid chun aistriúchán ar chúrsaí a chur ar fáil do na póilíní.

Dúirt lucht eagraithe na hócáide Gaeilge – Irish Bloc Berlin agus Besetzung gegen Besatzung [Forghabháil in aghaidh na Forghabhála] – gurb í an aidhm a bhí acu ná aird a tharraingt ar an tslí go mbíonn na póilíní níos déine ar ghrúpaí cainteoirí Araibise ná mar a bheidís ar ghrúpa cainteoirí Gaeilge ar daoine geala a bhformhór.

Deir an lucht eagraithe go raibh an cosc ar labhairt na Gaeilge “éagórach agus míbhunreachtúil”.

Tá cáineadh á dhéanamh le tamall ar údaráis na Gearmáine as dul ródhian ar ar dhaoine a bhíonn ag agóid in aghaidh an rialtais agus ar son na Palaistíne agus maítear go mbítear níos déine fós ar lucht labhartha na hAraibise.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge agus go raibh sé “náireach” go gcuirfeadh póilíní na Gearmáine cosc ar a húsáid.

Dúirt Irish Bloc Berlin gurb í an chúis a tugadh dóibh as cinneadh na bpóilíní cur isteach orthu ná nach raibh ateangaire cláraithe ar an láthair. Cuireadh cosc ar an nGaeilge “in ainneoin go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil de chuid an AE”, a dúradh.

“Cuireann an gníomh seo isteach ar ár gcearta bunúsacha mar shaoránaigh de chuid na hEorpa cruinniú le chéile agus ár dteanga dhúchais a labhairt. Is sárú soiléir chomh maith é ar dhlí na Gearmáine agus an AE.”

Deir na póilíní gur sárú a bhí san agóid Dé hAoine seo caite ar an Acht um Shaoirse Cruinnithe atá i bhfeidhm i mBeirlín.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn “gur iompar náireach ag póilíní na Gearmáine” a bhí i gceist.

“Feictear dúinn nach bhfuil aon chúis ann go gcuirfí iachall ar dhaoine Gearmáinis nó Béarla amháin a labhairt ag agóid ar son na Palaistíne sa Ghearmáin.

“Sa chás seo, cuireadh in iúl dúinn go ndúradh le roinnt cainteoirí Gaeilge a bhí ag freastal ar an agóid nach raibh cead acu Gaeilge a úsáid, teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

“Dar linne, iompar náireach é seo ag póilíní na Gearmáine ar chóir dóibh, dar linne, seasamh le cearta teanga shaoránaigh an AE seachas na cearta teanga a shéanadh orthu.

“Is é tuairim Chonradh na Gaeilge gur chóir sos comhraic buan a chur i bhfeidhm láithreach sa Phalaistín agus feictear dúinn nach bhfuil aon chúis nach mbeadh daoine in ann tacú leis sin as Gaeilge.”

Fág freagra ar 'Stop curtha le húsáid na Gaeilge ag agóid ar son na Palaistíne in Berlin'

  • Conall Ó hIfearnáin

    “Is é tuairim Chonradh na Gaeilge gur chóir sos comhraic buan a chur i bhfeidhm láithreach sa Phalaistín agus feictear dúinn nach bhfuil aon chúis nach mbeadh daoine in ann tacú leis sin as Gaeilge”, arsa Julian de Spáinn.

    B’fhéidir gur cheart do Chonradh na Gaeilge díriú ar an bpríomhchuspóir atá aige (Gaeilge a athbheochan) seachas a bheith ag cur a ladair i bpolaitíocht an Mheánoirthir. D’fhéadfadh Julian de Spáinn féachaint chuige go mbeadh an Siopa Leabhar ar oscailt uair nó dhó níos faide san iarnóin, cuir i gcás, seachas é a bheith dúnta ag 5.00, nuair nach mbíonn daoine ach ag fágáil na hoibre. Nó b’fhéidir gur mhaith le Julian a bheith cinnte go mbeidh an t-am ag oibrithe an tsiopa freastal ar léirsithe chun an Phalaistín ‘a shaoradh’ i ndiaidh na hoibre?

  • Máire

    Náireach agus saghas scanrúil i bhfianaise stair na Gearmáine.

  • An Sasanach

    Ba cheart go nglaofaí ar ambasadóir na Gearmáine chun dualgaisí a thíre fé Chonradh Liospóin a chur i gcuimhneamh dó, cé ná beinn ag tnúth le go seasfadh an rialtas so an fód ar son na teangan mar sin 😮‍💨

  • Seanán Mac Aodh Bhuí

    Táim ag teacht le Conall – tá Julian de Spáinn ag éirí an-chorraithe faoi cheist na Palaistíne, de réir dealraimh, ach cén t-údarás atá aige labhairt faoin gceist thar ceann phobal na Gaeilge? Tagaim le Conall freisin gur cheart uaireanta oscailte an tSiopa a fhadú – ní fhágaimse an oifig i lár na cathrach go dtí 5.00 ar a luaithe agus bíonn an Siopa Leabhar dúnta faoin am sin. B’fhearr don Siopa a bheith ar oscailt ó 12.00 – 7.00, cuir i gcás, seachas ó 10.00 – 5.00, nuair a bhíonn an formhór againn ag an obair. Agus ní bhíonn an Siopa ar oscailt ar chor ar bith ar an Domhnach, an t-aon uair eile a bhíonn deis agam roinnt siopadóireachta a dhéanamh (bímse gafa le cúrsaí teaghlaigh ar an Satharn).

  • Daithi Mac Carthaigh

    AIRTEAGAL 10
    Saoirse chun tuairimí a nochtadh
    1. Tá ag gach uile dhuine an ceart ar shaoirse chun tuairimí a
    nochtadh. Folóidh an ceart sin saoirse chun tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus gan beann ar theorainneacha.

    An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine

  • Gearmáinis Amháin

    Bíodh agóidí sa Ghearmáin i nGearmáinis amháin, ní thuigim cad chuige go gceadóidís Béarla go fiú. Ní féidir leis na húdaráis déileáil le Túr Babel ag agóidí nó an ea nárbh pointe na hagóide tuairimí a chur in iúl, cérbh iad an lucht éisteacht a bhí i gceist acu, muidne in Éirinn? a leithéid d’amaidí. Cá bhfios do na póilíní nach raibh a gcuid ráiteas agus amhránaíochta ag tacú le Hamas nó antoiscigh Ioslamacha eile a chuirfeadh laincisí ar leath an domhain agus an leath eile a mharú ach an neart a bheith acu. Leag na Gearmáinigh rialacha síos don champa agóide sin agus iad céilí agus cothrom go leor. Cuirigí na tuairimí pearsanta faoin gcogaíocht agus faoi na coireanna cogaidh i nGasa ar leataobh, ní bhaineann siad leis an bhfadhb a bhí ag na póilíní. Má tá duine ag iarraidh rud a chur in iúl do dhuine eile lig dóibh teanga an duine sin a úsáid nó ateangaire/aistritheoir a fháil mar chúnamh, nach é sin bunús na gceart teanga a bhíonn á éileamh againn i gcónaí i gcás na Gaeilge? Ní hé go raibh na póilíní ag cur isteach ar Ghaeilgeoirí agus iad ag siúl thart i mbun a ngnó féin, bhíodar i láthair ag agóid pholaitiúil.

  • Gearóid

    feicim go bhfuil roinnt mhaith dream tacaìochta “Ireland is Full” le mar dhea ainmneacha Gaeilge acu ag trácht ar an alt seo – ar ais go dtí an cloch ar tháinig sibh amach as- mo náire sibh bhúr easpa tuiscint agus macántacht faoi stair na tíre seo a d’fhulaing colínachas agus gunnaí na impireachta le linn na gcéadta.