Leithscéal gafa ag Three as moladh do chustaiméir ‘leagan Béarla’ dá hainm a úsáid

D’fhiafraigh Caoimhe Ní Chathail de Three cén fáth nach raibh an córas a bhí acu in ann déileáil leis an síneadh fada ina sloinne agus moladh di a sloinne a chur isteach i mBéarla

 Three Mobile

conspóid ar bun ar líne faoin scéala gur iarr an comhlacht fóin Three ar chustaiméir dá gcuid sloinne Béarla a úsáid ar an suíomh idirlín atá acu agus leithscéal gafa tráthnóna ag an gcomhlacht leis an té a rinne gearán.

Sheol Caoimhe Ní Chathail, as Contae Dhún na nGall, giolc chuig cuntas oifigiúil an chomhlachta ag fiafraí díobh cén fáth nach raibh an córas a bhí acu in ann déileáil leis an síneadh fada ina sloinne.

 

sásta a bhí Chathail, ná go leor úsáideoirí Twitter eile, nuair a mhol ‘Joolz’, a bhí ar an stiúir ar chuntas Twitter Three ar maidin, go gcuirfeadh a sloinne i mBéarla isteach.

 

Dúirt Ní Chathail le Tuairisc.ie go bhfuil sí fós corraithe faoin bhfreagra a fuair sí ón gcomhlacht fóin ach go bhfuil pobal Twitter tar éis a gcuid tacaíochta a léiriú di agus go bhfuil sí sásta gur “sheas sí an fód” inniu.

“Chuaigh mé isteach ag cruinniú díreach i ndiaidh dom an giolc sin a sheoladh, agus níor bhreathnaigh mé ar an bhfón. Nuair a tháinig mé amach arís chonaic mé go raibh os cionn 50 fógra ó Twitter ann agus bhí mearbhall orm ar feadh nóiméid ach ansin thuig mé céard a bhí tar éis tarlú.

“Tá tar éis glaoch a fháil ó Today FM agus beidh mé ag caint le Cormac Ó hEadhra [Láithreoir Cormac ag a Cúig ar RnaG] faoi freisin inniu. Bím ag obair ar an gclár sin. Is léir nach raibh tuairim ag Joolz céard a bhí ráite aici, ach tháinig sí ar ais agam ó shin le rá gur thuig sí go raibh mé maslaithe aici agus go raibh Three ag obair chun an córas a réiteach,” a dúirt sí.

Ba é alt le Rosita Boland faoi cheist na Gaeilge, a foilsíodh ar The Irish Times ar maidin, a spreag Ní Chathail chun a gearán le Three a dhéanamh. Dúirt Ní Chathail go dtarlaíonn sé go minic nach mbíonn suíomhanna idirlín in ann ag sínte fada agus go raibh sí spréachta ar maidin cheana féin nuair a tháinig an teachtaireacht ó shuíomh Three nach raibh a sloinne ‘bailí’.

“Achan mí bíonn orm creidmheas a cheannach agus achan mí bíonn orm mo chuid sonraí a chur isteach. Bíonn an fhadhb chéanna ann i gcónaí ach ar maidin bhí drochspin orm tar éis an t-alt sin le Boland a léamh sa Times. Tarlaíonn sé achan mí ach bhí ar buile ar maidin nuair a tharla sé arís agus bhí ag iarraidh an fód a sheasamh,” a dúirt sí.

Dúirt sí nach raibh Three i dteagmháil léi ó shin taobh amuigh de Twitter ach gurb é a tuiscint ar an scéal ná go bhfuil siad “chun triail a bhaint as” an córas ríomhaireachta atá acu a leasú chun go mbeifear in ann glacadh le sínte fada amach anseo.

 

Dúirt sí gur údar iontais di nach raibh comhlacht atá ag feidhmiú in Éirinn in ann ag ainmneacha agus sloinnte atá coitianta go maith sa tír.

“Is suíomh idirlín é atá lonnaithe anseo agus ba cheart go mbeadh siad in ann an síneadh fada a dhéanamh. Tá suíomhanna eile ann atá in ann é a dhéanamh agus níor cheart go mbeadh aon fhadhb ann do Three,” a dúirt sí.

Thug urlabhraí de chuid Three le fios do Tuairisc.ie gur botún a bhí sa mhéid a scríobhadh agus go bhfuil aiféala ar an gcomhlacht as an méid a tharla.

“We sincerely apologise for the response given to one of our customers on twitter today.  It was a mistake and we do of course understand that it caused offence, for which we are truly sorry. 

“Our customer care team in Limerick has apologised to the customer and our technical team is looking in to getting this part of our website updated,” a dúirt an t-urlabhraí.

Tugadh le fios freisin gur bhain an fhadhb leis an gcuid sin den suíomh a úsáidtear le creidmheas a cheannach agus leis sin amháin agus go rabhthas ag obair ar an bhfadhb sin a réiteach. Dheimhnigh an t-urlabhraí do Tuairisc.ie go nglacann an suíomh idirlín leis an síneadh fada, chomh maith le gach carachtar eile, nach mór, ar leathanaigh eile an tsuímh agus nach raibh sé mar pholasaí ag an gcomhlacht ainmneacha Béarla a iarraidh ar a gcuid custaiméirí.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag Three as moladh do chustaiméir ‘leagan Béarla’ dá hainm a úsáid'

  • padraig

    nil aon tracht agaibh thar ambasadoir Cheanada i mbun leirseooir siochanta a ghabhail i reilig Ghlas Naion. B’fhiu leithsceal a lorg ar an mbuadanach sin freisin…na tuigeann se go bhfuil se de cheart againne leirsiu siochanta a dheanamh ansoe I bPoblacht na hEireann!

  • Veronica Mulkeen-Branagan

    Is é sin náireach! Seo í Éire, labhraimid Gaeilge, úsáidimid ainmneacha Gaeilge. Tá sé am thuig siad bunriachtanais a chustaiméara, ar nós éagsúlachtaí féideartha a n-ainmneacha. Níl sé eolaíocht roicéad!

  • Tash

    Tá líonraí 3 ann sa Danmhairg agus an tSualainn, cad a dhéanann siad ann le ainmneacha leis na litreacha æ, ø agus å atá úsáidtear go minic i nDanmhairgis?

  • AnRógaire

    Ní scéal nua é seo. Ní ghlacann suíomhanna ar nós Ryanair, Aer Lingus agus go leor eile leis na sínte fada, gan trácht ar leagan gaeilge dá gcuid suíomhanna a chur ar fáil.

  • An Fiach Liath

    Nuair a chonaic mé an teachtaireacht faoi seo i ríomh-litir ó Thuairisc.ie labhair mé ar an bhfón leo agus d’ith mé gan salann iad. Dúirt mé leo i measc rudaí eile go raibh a ngníomhartha cinníoch. Dúirt an bainisteoir lenar labhair mé nár chuala sí faoin bhfadhb seo don chéad uair ach uair an chloig roimhe sin. D’admhaigh sí nárbh mise an t-aon duine a ghearán an scéal seo lei an lá sin. Tá sé that a bheith in ám cinníochas a thabhairt ar an t-slí ina gcaitear le gaeilgeoirí, an fód a sheasamh agus ár gcearta a éileamh siochas iad a iarradh ar ghlúin feachta.