Is fearr mo leabhar sínithe agus stampaí ná Instagram

Croíchuid den Camino de Santiago ná an sello, cruthúnas gur thaistil an t-oilithreach ó áit go háit

Is fearr mo leabhar sínithe agus stampaí ná Instagram

Tá na focla seo á scríobh agam agus mé ar mo sháimhín só ar bord na loinge Galicia (Brittany Ferries) a d’fhág calafort Ros Láir i bhfíor-oirdheisceart na tíre ag meán oíche aréir. Tá 214km curtha díom ó bhí mé i bPort Omna agus 308km déanta ó d’fhág mé na hAille maidin Dé Céadaoin.

Bilbao i dTír na mBascach ceann scríbe an Galicia, áit a dtiocfaidh muid i dtír maidin amárach ag a hocht a chlog am na mBascach. Is álainn an long í agus í i bhfad Éireann níos compordaí ná an trach meirgeach an Normandy a bhíodh ag Irish Ferries nuair a thugadh na tuismitheoirí ar laethanta saoire chun na Briotáine muid sna 2000idí.

Croíchuid de Camino de Santiago ná an sello (‘stampa’ sa Spáinnis ach úsáidtear an focal Spáinnise is cuma cén teanga atáthar a labhairt). Is éard is sello ann ná cruthúnas gur thaistil an peregrino, mar a thugtar ar oilithrigh an Camino (tá mé féin i mo bhicigrino an geábh seo), ó áit go háit. Ag deireadh na hoilithreachta, i gcathair naofa Santiago, grinnítear an credencial (pas oilithrigh) agus bronntar compostela (teastas) ar an perigrino.

Síneann cúpla conair éagsúil trasna na tíre: Camino del Norte (An Chonair Thuaidh), Camino Inglés (Conair na Sasanach), Camino Primitivo, agus Camino Portugés (Conair na bPortaingéalach) i measc eile. Ba í Camino Francés (Conair na bhFrancach) a shiúil mé in 2019 agus is ó dheas uirthise a bheidh mé ag tabhairt m’aghaidh nuair a thiocfaidh an Galicia i dtír.

Mar gheall ar an líon mór cosán seo, agus an taithí atá ag muintir na háite ar na peregrinos, is éasca an rud é sello a aimsiú i dtuaisceart na Spáinne. Ar ndóigh, bíonn ceann le fáil i ngach séipéal, mainistir, clochar, agus ardeaglais, ach is féidir ceann a fháil san albergues (brúnna óige oilithreach), sna caiféanna agus sna bialanna freisin. Go deimhin, tá an sello iompaithe ina chleas ag roinnt daoine cliste le peregrinos a mhealladh chun a ngnólachta – fuair mé féin ceann ó ghabha dubh a raibh ceárta ar thaobh an bhóthair aige (agus cheannaigh mé rud beag uaidh freisin!).

Is deacra i bhfad, áfach, an sello a aimsiú in Éirinn – áit nach bhfuil an cleachtadh céanna ag an ngnáthphobal ar an nós.

Bhí díomá orm nach raibh sagart an pharóiste istigh nuair a d’fhág mé Cois Fharraige ach d’fhág mé bosca ar an credencial folamh le stampa an Chnoic a chur ann nuair a thiocfaidh mé abhaile. Istigh in Ardeaglais na Gaillimhe bhí orthu dul ag tochailt le stampa a aimsiú dom. Fuarthas ceann sa deireadh ach ar fhaitíos na bhfaitíos rinne an rúnaí mar a dhéanann an Gael i gcéin ar a chuid litreacha agus scríobh IRELAND i gceannlitreacha faoin stampa ar fhaitíos nach dtuigfeadh an t-eachtrannach a bheadh ag plé leis cá bhfuil ‘Galway Cathedral’.

Bhí tóraíocht an sello in Éirinn ar cheann de na gnéithe is deise den turas. Ó tharla nach mbíonn sagairt agus rúnaithe oifige ina suí sna séipéil ó dhubh go dubh, b’éigean dom tarraingt ar fhiosracht an iriseora agus iarracht beagáinín níos mó a dhéanamh.

D’aimsigh mé uimhreacha fóin do chúpla sagart. Chuir mé téacs chuig fear Phort Omna agus d’fhreagair an rúnaí – bheadh sí ann ag a deich ar maidin dá bhfanfainn (d’fhan). Bhí an ceathrar déagóirí sa Honda Civic taobh amuigh de Shéipéal Cainnigh i mBuiríos Mór Osraí thar a bheith cabhrach agus cé nach raibh tuairim acu cá raibh oifig an pharóiste, threoraigh siad go teach an tsagairt sa mbaile sin. Bhí an sello ina theach aige siúd agus iontas air nach ag lorg déirce a bhí mé – “Are you sure that’s all you want? Most people who come knocking are looking for money.”

Tá siopa turasóirí in Ardeaglais Mhuire i gCill Chainnigh a bhí breá sásta a lorg a fhágáil ar an bpas, freisin. An t-aon údar díomá a bhí agam ná go raibh sagart an pharóiste i Ros Láir as baile (ar oilithreacht dá chuid féin go Cnoc Mhuire, mar a tharlaíonn sé) nuair a ghlaoigh mé air. Níor chuimhnigh mé ar bhualadh isteach go fáiltiú Kelly’s of Rosslare le ceann a fháil sular fhág mé an tír, ach bhí criú an Gailicia breá sásta an cúram a dhéanamh.

Tá mo credencial ó 2019 fós agam sa mbaile agus é lán sellos ó na háiteacha a dtug mé cuairt orthu – idir mhaith agus olc! Bealach deas é le cuimhní a chruinniú le chéile in aon leabhrán amháin, agus a chuir tús le nós pearsanta atá agam ó shin: stampaí agus sínithe a bhailiú ó áiteacha agus daoine nuair a bhíonn mé ag taisteal – is minice a léim tríd an leabhrán sin ná mar a bhreathnaím siar ar mo leathanach Instagram féin.

47.27ºN 4.83ºW – 308km (cá bhfios cé mhéad muirmhíle).

Fág freagra ar 'Is fearr mo leabhar sínithe agus stampaí ná Instagram'

  • JP

    Más áil leat do cheann scríbe a bhaint amach agus tú i Máirt a trí i gcónaí, beidh bia níos scamhardúla ná an cineál sin atá sa phictiúr de dhíth ort!