Gaiscígh na méarchlár agus foirne na gcoláistí

Uaireanta bíonn lucht na bhfóram CLG binbeach go maith agus ar bheagán céille, ach tá grúpa sách láidir ann atá i gcoinne cead a bheith ag na coláistí agus na foirne dúiche imirt sna craobhchomórtais

Gaiscígh na méarchlár agus foirne na gcoláistí

Foireann UCC. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy

Dar ndóigh bíonn fadhbanna ag síorchrá ghaiscígh na méarchlár. Tugann an t-idirlíon fóram poiblí do na daoine seo gan ainmneacha. Mura mbíonn aon topaic dháiríre le plé caithfidh duine éigin gránáid láimhe éigin isteach i bhfoirm ceist nó tuairim scannalach éigin. Is cosúil gur troill a ghlaoitear an speiceas coitianta seo.

Ansin tagann an ghráin amach .

Bíonn sé suimiúil, uaireanta, bheith ag léamh cuid des na díospóireachtaí seo agus an nimh atá ag cuid de na rannpháirtithe.

Anseo i gCorcaigh, mar is eol do chách, tá an-suim i spóirt de gach saghas. Bhí na fóraim dhíospóireachta seo thar a bheith gnóthach nuair a bhí na stailceanna éagsúla ar siúl ag iománaithe agus peileadóirí an chontae. Is iomaí duine a thuill cáil nó neamhcháil ar na fóraim seo agus atá fós ina shaoi ar na fóraim chéanna ó. Bíonn achrann faoi na stailceanna fós ann ó am go chéile ach bíonn go leor eile le plé nó mura mbíonn, ceaptar ábhar scoilte nó conspóide éigin.

Ábhar a thagann aníos go rialta ná cás na gcoláistí tríú leibhéal agus na bhfoirne dúiche agus an cead atá acu imirt i gcraobhchomórtais shinsir an chontae.

Le déanaí tharraing an fhadhb seo aird lucht na meán sóisialta arís. Agus is dócha chun a bheith fírinneach faoi go bhfuil grúpa láidir ann, atá sách ciúin, ach atá i gcoinne cead a bheith ag na coláistí agus na foirne dúiche imirt sna craobhchomórtais.

Is dócha gur tugadh cead dóibh imirt sna comórtais (am éigin roimh na seascaidí ) nuair nach mbíodh aon chluichí cáilithe ann agus nuair nach raibh an méid céanna clubanna sinsir sa chontae agus atá ann i láthair na huaire. An bunsmaoineamh a bhí leis ná gur thug sé deis d’imreoirí ó chlubanna sóisir agus idirmheánacha imirt sna sinsir. Smaoinigh freisin nach raibh ach céatadán an-bheag d’imreoirí ag freastal ar choláistí tríú leibhéal na laethanta sin.

Ach tá an scéal athraithe ar fad anois. Tá céatadán ollmhór d’imreoirí óga an chontae agus na tíre ag freastal ar choláiste éigin agus deis acu imirt sna comórtais atá ann dóibh. Tá comórtais ann do gach leibhéal.

Maidir leis na foirne dúiche sa chontae, tá sé soiléir le blianta nach bhfuil suim ag cuid mhór mhaith de na himreoirí imirt ar na foirne sin agus níl aon suim ag bainisteoirí na gclubanna na himreoirí is fearr a ligint ag traenáil leis an bhfoireann dúiche. Mar aon leis sin bíonn fadhbanna ag lucht riartha na gcluichí nuair a chuirtear stop le comórtais toisc imreoir amháin, b’fhéidir, a bheith ag imirt le foireann dúiche nó coláiste.

Ach is dócha an rud a chuireann an gomh ar fad ar dhaoine ná go gceadaítear d’imreoirí ó chontaetha eile seachas Corcaigh a bhíonn ar freastal ar an gcoláiste, imirt do na sinsir ina chontae dhúchais agus i gCorcaigh.

Ar feadh cúpla seachtain sular imríodar in aghaidh Mhainistir na Corann bhí mórán gearán faoi a láidre is atá foireann iomána UCC. Bhí níos mó gearán fós ann i ndiaidh an chluiche. Ní i dtaobh le gnáthimreoirí contae a bhí siad agus iad ag fáil an ceann is fearr ar Mhainistir na Corann. Réalta a bhí acu: Jamie Barron, Conor Gleeson agus Tom Devine Phort Láirge, Michael Breen Thiobraid Árann agus Colm Spillane, Mark Coleman agus Darragh FitzGibbon Chorcaí. Sa chéad chluiche eile a d’imríodar, bhí John Power Chill Chainnigh ag imirt dóibh i gcluiche a chríochnaigh ar comhscór i gcoinne na Sáirséalaach. Bhuel, ligeadh osna faoisimh nuair a bhuaigh na Sáirséalaigh an cluiche athimeartha seachtain ó shin. Is dócha go mbeidh ceilt ar an bhfadhb seo arís go dtí an chéad uair eile a mbeidh baol ann go mbuafaidh ceann de na coláistí nó na foirne dúiche an chraobh ar fad.

Ó, agus beidh an fhoireann dúiche Uí Mac Coille ag imirt i gcluiche leathcheannais amárach!