FÍSEÁN: €50,000 ag teastáil ó Seo Linn dá dtogra Kickstarter

Bhain Seo Linn a gcáil dhomhanda amach thart ar dhá bhliain ó shin nuair a d’eisigh TG Lurgan ‘Avicci vs Lurgan’ – leagan Gaeilge den amhrán clúiteach ‘Wake Me Up’ le Avicci’. Ó shin i leith, tá an banna ag dul ó neart go neart ar bhonn amaitéarach ach anois tá sé i gceist acu ceol […]

Seo Linn
Seo Linn

Bhain Seo Linn a gcáil dhomhanda amach thart ar dhá bhliain ó shin nuair a d’eisigh TG Lurgan ‘Avicci vs Lurgan’ – leagan Gaeilge den amhrán clúiteach ‘Wake Me Up’ le Avicci’. Ó shin i leith, tá an banna ag dul ó neart go neart ar bhonn amaitéarach ach anois tá sé i gceist acu ceol a thaifeadadh ar bhonn gairmiúil chomh maith le ceardlanna ceoil agus Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna agus grúpaí eile timpeall na tíre. Chuige sin, tá feachtas Kickstarter tosaithe ag an mbanna agus í mar sprioc acu €50,000 a thiomsú faoi dheireadh na míosa seo. Labhair beirt bhall den bhanna, Keith Ó Briain agus Cathal Ó Ruaidh, le Tuairisc.ie faoin togra.