Éirigí as an tósta abhacáid go beo, agus ní fada go mbeidh bhur dtithe beaga féin agaibh!

De réir Teoiric Abhacáid na hEacnamaíochta tá gaol contrátha idir líon na n-abhacád atá á n-ithe agus an ráta ag a bhfuil tithe nua á gceannach

Éirigí as an tósta abhacáid go beo, agus ní fada go mbeidh bhur dtithe beaga féin agaibh!

Tharraing milliúnaí as an Astráil, Tim Gurner, aird an domhain air féin le cúpla lá anuas nuair a dúirt sé in agallamh leis an eagrán Astrálach den chlár 60 Minutes go mbeadh glúin na mílaoiseach breá in ann tithe a cheannach ach éirí as a bheith ag ceannach tósta abhacáid i gcaiféanna hiopstairí.

Tá daoine ag tabhairt amach faoi ar fud an domhain, ach ar chuimhnigh éinne go mb’fhéidir gur teoiric nua eacnamaíochta atá á cur chun cinn aige a athróidh an saol ó bhun aníos?

Teoiric Abhacáid na hEacnamaíochta a bheidh againn feasta agus cuirfidh sé an ruaig ar an mbladar sin a deir go bhfuil deacrachtaí ag mílaoisigh tithe a cheannach mar gheall go bhfuil an ghlúin a chuaigh rompu báite i bhfiacha ó thit an tóin as cúrsaí eacnamaíochta domhanda in 2008.

An bhféadfadh nach bhfuil aon bhaint ag an ráta íseal úinéireachta i measc lucht na mílaoise leis an easpa tithe nua, easpa creidmheasa, ualach fiacha agus easpa fáis ar chúrsaí pá? An bhféadfadh go bhfuil an milleán uilig ag dul ar an abhacád?

Is dócha gur cheart dom a admháil go bhfuil ‘stair’ agam féin agus an t-abhacád. Níl a fhios agam ar ith mé ceann iomlán acu riamh, ach cheannaigh mé go minic iad.

Is san ollmhargadh a thosaíonn mo scéalsa, nuair a fheicim go bhfuil abhacáid ar mhargadh speisialta.

‘Nár léigh mé in áit éicint go bhfuil siad sin go maith duit?’ a déarfaidh mé liom féin, “ceapaim go bhfuil ola oiméige nó vitimín C, nó b’fhéidir E, iontu.”

Socróidh mé gur cheart dom ceann acu a cheannach. Cuirfidh mé sa gciseán é, íocfaidh mé as agus tabharfaidh mé liom abhaile é.  

Má cheannaigh tú abhacád riamh beidh a fhios agat go mbíonn siad chomh crua le cloch nuair a cheannaíonn tú sa siopa iad.

‘Bhrisfeadh sé sin do ghiall,’ a déarfaidh mé liom féin nuair a thagaim abhaile ón siopa, ‘b’fhearr dom é a fhágáil go ceann cúpla lá go mbeidh sé sách aibí’. Cuirfidh mé sa mbabhla torthaí é agus sin é an uair a dtosaíonn an trioblóid.

B’fhéidir gur cheart dúinn éisteacht le Gurner, nach bhfuil sé tar éis na milliúin a charnadh dó féin in achar an-ghearr. Níl sé ach 35 bliain d’aois agus is féidir linn a thuiscint óna agallamh nár cheannaigh sé tósta abhacád riamh ina shaol, ná latté ach an oiread.

Éirigí as an tósta abhacáid go beo, a chairde uaisle agus ní fada go mbeidh bhur dtithe beaga féin agaibh. Agus, más fíor do Gurner, na milliúin euro eile lena chois sin. An bhféadfadh go raibh sé chomh simplí sin i ngan fhios do na milliúin duine ar fud an domhain?

Cé nach bhfuil na mionsonraí foilsithe fós, samhlaím, de réir Teoiric Abhacáid na hEacnamaíochta, go bhfuil  caidreamh contrátha idir líon na n-abhacád atá á n-ithe agus an ráta ag a gceannaítear tithe nua. I bhfocail eile, dá mhéid abhacáid a itear, is ea is lú tithe a cheannaíonn mílaoisigh.  

Théis seachtaine, tagaim ar an abhacád a cheannaigh mé agus é ag bun an bhabhla torthaí in éineacht le hionga gairleoige, oráiste seargtha agus craiceann banana. Tá sé fós chomh crua le cloch.

‘Bhfuil a fhios a’d céard ba cheart dom a dhéanamh ach an t-abhacád sin a chur sa gcuisneoir in aice leis an mbainne agus an chaoi sin, ní dhéanfaidh mé dearmad é a ithe.’

Imeoidh seachtain eile. Athróidh mé an t-abhacád suas ar an tseilf ar an doras amach as an mbealach sa gcuisneoir san áit a bhfuil na coirnéil cháise atá triomaithe, leath-thiúb taos trátaí agus an buidéal Jif Lemon atá ann ó lá na bpancógaí 2003.

Cé mhéad abhacád atá ina luí i gcuisneoirí ar fud an domhain gan aird ag duine ná Dia orthu? An bhféadfadh, mar a mhaíonn Gurner, go bhfuil dlúthbhaint acu leis an ngéarchéim tithíochta?

Ní chuirfeadh sé aon iontas orm.