Ciarraí, Dún na nGall, Corcaigh agus Maigh Eo ag cur tús lena bhfeachtais craoibhe

Is é an cluiche idir Dún na nGall agus Doire cluiche mór an deireadh seachtaine ach tá Corcaigh agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus tá Gaillimh, Maigh Eo agus Port Láirge ag dul chun páirce freisin

Ciarraí, Dún na nGall, Corcaigh agus Maigh Eo ag cur tús lena bhfeachtais craoibhe

Beidh sé cinn de na contaetha Gaeltachta ag dul chun páirce i gcraobhacha sinsir peile na gcúigí an deireadh seachtaine seo agus coimhlintí móra roimh a bhformhór

Craobh na Mumhan

Is í cuairt Chorcaí ar Chill Airne an chéad chluiche mór ag an deireadh seachtaine, cé gurb iad an fhoireann baile rogha láidir na coitiantachta sa cheann seo. Is é an cluiche siúd le linn séasúr Covid 2020, nuair a bhuail Mark Keane an buille scoir ar Chiarraí, an t-aon chluiche craoibhe atá buaite ag Corcaigh in aghaidh Chiarraí le breis is deich mbliana agus rómhinic níor leag na Corcaígh an lámh féin ar a gcomharsana.

Cé gur chuir Corcaigh drochthús leis an tsraith, d’fheabhsaigh cúrsaí dóibh i Roinn 2 ina dhiaidh sin. Rinneadar teacht aniar chun Fear Manach a shárú i mbabhta a trí agus d’fhág an dhá bhua eile a bhí acu ar Chill Dara agus ar chontae na Mí, chomh maith le cluiche comhscóir in aghaidh Ard Mhacha, gur chríochnaíodar i lár an tábla faoi dheireadh an fheachtais. Tabharfaidh an bua a bhí acu ar Luimneach i gCraobh na Mumhan coicís ó shin, 3-13 in aghaidh 0-11, tuilleadh muiníne d’fhoireann John Cleary.

Chruthaigh Corcaigh an-chuid deiseanna ar chúil sa chluiche sin in aghaidh Luimnigh agus cé nár aimsigh siad ach trí cinn, tá líne lántosaithe chumasach ag Corcaigh. Agus Ciarraí d’uireasa Jason Foley, beidh Corcaigh ag iarraidh an liathróid a chur i dtreo Conor Corbett, Chris Óg Jones agus Brian Hurley chomh minic agus is féidir.

Beirt iad Ian Maguire agus Colm O’Callaghan atá mór agus láidir i lár na páirce agus feicfimid cén chaoi a n-éiríonn leo i gcoinne Dhiarmuid O’Connor agus Joe O’Connor, a bhí buailte ag gortú le roinnt seachtainí.

Níl aon amhras ann mar sin féin ach gur cheart go mbeadh Ciarraí fós cuid mhaith níos fearr ná a gcomharsana. Ní fhéadfá a rá gur bhain Ciarraí barr a maitheasa amach ag pointe ar bith le linn na sraithe ach fós chríochnaíodar sa tríú háit i Roinn 1, gan ach difríocht na scór idir iad agus áit sa chluiche ceannais.

Caithfidh tú dul siar go dtí 1995 don uair dheireanach gur éirigh le Corcaigh Ciarraí a shárú i Staid an Ghearaltaigh sa chraobh agus ní déarfá go n-athródh sin inniu.

Rachaidh buaiteoirí an chluiche seo chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar Phort Láirge nó contae an Chláir, atá ag imirt sa chluiche leathcheannais eile tráthnóna.

Tar éis cúpla bliain an-chrua, bhí bua stairiúil ag Port Láirge cúpla seachtain ó shin nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Thiobraid Árann sna babhtaí ceathrú ceannais. Tá deis anois acu cluiche ceannais na Mumhan a bhaint amach den chéad uair ó 1960.

Ba é Tom O’Connell laoch na nDéise in aghaidh Thiobraid Árann agus dhá chúl scóráilte déanach sa chluiche chun é a bhuachan ach cuirfear tástáil níos déine orthu inniu in aghaidh an Chláir, a bhfuil jab maith déanta ag Mark Fitzgerald leo ó tháinig sé i gcomharbacht ar Colm Collins ag tús na bliana.

Craobh Uladh

Is cinnte gurb é an cluiche deireanach tráthnóna ceann mór an lae agus Doire agus Dún na nGall ag tabhairt aghaidh ar chéile in Ulaidh.

Bhí ceapacháin Mickey Harte agus Jim McGuinness ar an dá scéal ba mhó sa pheil sa mbriseadh idir deireadh na craoibhe anuraidh agus tús na sraithe i mbliana agus tá tionchar na beirte go mór le feiceáil in imirt a gcuid foirne go dtí seo.

Choinnigh Doire leis an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas agus tar éis dóibh Áth Cliath a chloí i gcluiche ceannais na sraithe, tá siad áirithe anois i measc roghanna na coitiantachta chun Craobh na hÉireann a bhaint.

Tá Doire tar éis cur leis an bhfoireann a bhuaigh Craobh Uladh le dhá bhliain anuas agus Lachlan Murray ag déanamh go maith i measc na dtosaithe agus Donncha GIlmore agus Cormac Murphy ag cur leis an neart atá acu ar an mbinse. Bhí Doire d’uireasa Gareth McKinless do chuid mhaith den tsraith ach tá cruthaithe ar fheabhas ar fad ag Eoin McEvoy ó bogadh é go lár na cosanta agus bhí Diarmuid Baker, a thóg áit McEvoy sa chúinne agus atá chun a chéad chluiche craoibhe a imirt tráthnóna, ar cheann de na cosantóirí ab fhearr sa tír sa tsraith.

Bhí lucht tacaíochta Dhún na nGall thar a bheith sásta leis an méid a chonaic siad go dtí seo i mbliana chomh maith. Níor chaill na Conallaigh aon chluiche i Roinn 2 agus tháinig siad amach chun tosaigh sa chluiche ceannais in aghaidh Ard Mhacha tar éis críoch dhrámatúil.

Bhí drochbhliain cheart ag an bhfoireann anuraidh ach tá an díocas agus an díograis le feiceáil arís in imirt Dhún na nGall le filleadh McGuinness. Beidh an díocas oibre sin ag teastáil tráthnóna, go háirithe nuair a bheidh seilbh ag Doire ar an liathróid.

Bhí Dún na nGall iontach i gCraobh Uladh le linn chéad ré McGuinness agus d’fhéadfadh siad an bua a fháil inniu ach tá cúpla bliain oibre déanta ag Doire faoin tráth seo agus ba cheart go ndéanfadh siad an beart tráthnóna.

Craobh Chonnacht

Níor cheart go mbeadh aon deacracht ag Gaillimh Sligeach a bhualadh tráthnóna ach is é an scéal mór go bhfuil Shane Walsh ainmnithe ar an bhfoireann agus Damien Comer ar ais i measc na n-ionadaithe. Bhí Gaillimh lag go maith i rith na sraithe ach má éiríonn leo na himreoirí is fearr atá acu a chur chun páirce, déanfaidh sé difríocht mhór.

Ba cheart go mbeadh coimhlint níos géire ann amárach nuair a chasfaidh Ros Comáin ar Mhaigh Eo. Bhuaigh Ros Comáin an cluiche idir na foirne sa chraobh anuraidh ach bhí Ros Comáin sách dona le linn na sraithe agus iad díbeartha as Roinn 1. Ba cheart go músclódh cluiche craoibhe in aghaidh Mhaigh Eo i bPáirc de hÍde iad ach an mbeidh a ndóthain ansin?

Dé Sathairn, 20 Aibreán

Craobh Shinsir Peile Chonnacht
Sligeach v Gaillimh – Páirc Markievicz, 3.30in

Craobh Shinsir Peile na Mumhan
Ciarraí v Corcaigh – Staid an Ghearaltaigh, 4.00in (Beo ar GAAGo)
Port Láirge v An Clár – Páirc Uí Fhearchair, 6.00in

Craobh Shinsir Peile Uladh

Doire v Dún na nGall – Páirc na gCeilt, 6.15in (Beo ar RTÉ 2)
Dé Domhnaigh, 21 Aibreán

Craobh Shinsir Peile Chonnacht

Ros Comáin v Maigh Eo – Páirc de hÍde, 4.00in (Beo ar RTÉ 2)

Craobh Shinsir Peile Uladh

An Cabhán v Tír Eoghain – Páirc Breffni, 4.00in (Beo ar BBC 2)

Fág freagra ar 'Ciarraí, Dún na nGall, Corcaigh agus Maigh Eo ag cur tús lena bhfeachtais craoibhe'