Cabhair mhór í pearsantacht dhúghafach don scríbhneoir – ach uaireanta dris chosáin í

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: is iontach an chabhair iad díograis agus dúthracht má bhíonn scríbhneoir i mbun pinn, ach pian sa tóin iad má thagann togra éigin eile idir é agus an scríbhneoireacht 

Cabhair mhór í pearsantacht dhúghafach don scríbhneoir – ach uaireanta dris chosáin í

Deir mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, go mbíonn sé in éad liom.

‘Bíonn tusa in ann díriú céad faoin gcéad ar a mbíonn idir lámha agat.’

Tuigim a chás. Tá NEA (Neamhord Easnaimh Airde, ADHD an Bhéarla) ag cur as do mo chara ó bhí sé óg agus más fíor dó féin, céasadh ceart a bhíonn i ngach ceann de na colúin a scríobhann sé. Ach tar éis blianta fada ag streachailt lena easnamh airde, tá réiteach aimsithe aige ar an bhfadhb: bíonn air tuirse an domhain a chur air féin i rith an lae – ag surfáil agus ag cleachtadh iliomad spórt eile – sula mbíonn ar a chumas fanacht ina shuí ar feadh tamall sách fada chun colún a scríobh san oíche.

A mhalairt a tharlaíonn i mo chás-sa. Ní thugaim cead dom féin tabhairt faoi spórt nó faoi aon chaitheamh aimsire eile – nó fiú amháin cead sult a bhaint as rud ar bith beo – sula mbíonn obair scríbhneoireachta an lae curtha díom agam.

Ní haon dóithín é an Neamhord Easnaimh Airde, ach níl a mhalairt éasca ach oiread.

Deir mo chara, arb í an teiripe chaidrimh a shainréimse oibre, gurb é mo ‘neamhord díograise’, ceal téarma níos fearr, ba chúis leis gur dhírigh mé m’aird ar feadh an chuid is mó de mo chuid daichidí ar fhear nach raibh an aird chéanna aige ormsa.

Agus cé gur cabhair mhór í an phearsantacht dhúghafach don scríbhneoir nuair a bhíonn togra scríbhneoireachta idir lámha, dris chosáin a bhíonn ina leithéid nuair a mheallann togra éigin eile a aird.

Faoi láthair, mar shampla, tá barr feabhais le cur agam ar úrscéal a scríobh mé ach nár ghlac aon fhoilsitheoir leis go fóill, ach le dhá mhí anuas níl mé in ann díriú ar an scríbhneoireacht ar chor ar bith. Mheall ceapach glasraí iomlán m’airde ar dtús, agus ina dhiaidh sin, athchóiriú ó bhun ar mo sheomra codlata.

Tá an seomra sin críochnaithe anois, ach anois agus víris na garraíodóireachta agus an ‘déan-tú-féin-é’ tolgtha agam b’éigean dom geallúint shollúnta a thabhairt dom féin go ndíreoidh mé iomlán m’airde ar an scríbhneoireacht arís sula n-iompóidh mé píosa eile den ghairdín ina gharraí glasraí, nó sula ndéanfaidh mé athchóiriú ar sheomra éigin eile.

Agus gan dabht, anuas ar pé neamhord airde a bheadh ort, bíonn an saol digiteach ag cur isteach orainn de ló is d’oíche.

Tá fianaise láidir ann go bhfuil dochar mór á dhéanamh ag na meáin shóisialta agus araile do chumas an duine a aird a choinneáil ar chúrsaí. Tugaim faoi deara i mo chás féin, aisteach go leor, nach í an scríbhneoireacht is mó atá thíos leis sin ach a leathchúpla, an léitheoireacht.

Drochthuar ceart atá ann ar ndóigh má bhíonn fonn ar dhuine úrscéalta a scríobh ach mura mbíonn fonn air iad a léamh – ach is baolach gurb é sin an chaoi faoi láthair.

Fág freagra ar 'Cabhair mhór í pearsantacht dhúghafach don scríbhneoir – ach uaireanta dris chosáin í'