An chéad Pháirc Náisiúnta Mara fógartha ag an Rialtas i gCorca Dhuibhne

Ar na háiteanna atá i bPáirc Náisiúnta na Mara tá 1,400 acra sa Chonair, a chosain timpeall €6 milliún ar an stát

An chéad Pháirc Náisiúnta Mara fógartha ag an Rialtas i gCorca Dhuibhne

Tá an chéad Pháirc Náisiúnta Mara fógartha ag an Rialtas i gCorca Dhuibhne.

Ar na háiteanna atá i bPáirc Náisiúnta na Mara tá 1,400 acra sa Chonair, áiteanna ag An Abha Mhór, ar Chnoc Bréanainn agus ar thrá Inse.

Faoi bhun €6 milliún a chosain an 1,400 acra ar an gConair ar an stát., a deir an rialtas.

Tá an pháirc náisiúnta nua i gCorca Dhuibhne ar an ochtú páirc náisiúnta is mó sa stát agus 70,000 acra ar fad, ar muir agus ar tír, atá i gceist.

Díreoidh an pháirc nua ar chosaint agus ar chothú na bithéagsúlachta agus oidhreacht shaibhir seandálaíochta an cheantair.

Tá cáil na n-éan ar an gceantar a bhfuil fáil ann ar an bpuifín, an guairdeall agus an fabhcún gorm. Tá ainmhithe ann amhail an madra uisce, an broc agus an giorria sléibhe. Is ann atá teacht ar an t-aon chnádán dúchasach sa tír.

Chomh maith leis sin tiocfar san fharraige sa pháirc nua ar an míol mór, an liamhán gréine agus an deilf.

D’fhógair an rialtas bunú na páirce náisiúnta nua ag ócáid sa Daingean inniu.

San áireamh sa pháirc nua chomh maith tá talamh ar an mBlascaod Mór, An Tiaracht, Oileáin an Mhachaire i gCorca Dhuibhne agus Sceilg Bheag agus Sceilg Mhichíl, Duínis agus teach, páirc agus trá Dhoire Fhionáin in Uíbh Ráthach.

Tá an fharraige timpeall ar na Blascaodaí agus an ceantar caomhnaithe speisialta ag Ceann Chiarraí sa pháirc nua chomh maith.

Fág freagra ar 'An chéad Pháirc Náisiúnta Mara fógartha ag an Rialtas i gCorca Dhuibhne'