6,300 leabhar Gaeilge scríofa ag daltaí scoile faoi scéim de chuid Foras na Gaeilge

Deis spraoi agus samhlaíochta i gceist do dhaltaí a scríobhann leabhar dá gcuid féin i dtionscnamh atá ar bun le deich mbliana anuas, a dúradh ag ócáid bhronnta gradaim i mBéal Feirste

Pictiúr: Gerd Curley i gColáiste Mhuire, Béal Feirste
Pictiúr: Gerd Curley i gColáiste Mhuire, Béal Feirste

Bronnadh gradaim ar roinnt den 1500 dalta as Tuaisceart Éireann a cheap, a dhear agus a d’fhoilsigh leabhair dá gcuid féin i nGaeilge mar chuid den tionscadal Scríobh Leabhar Fhoras na Gaeilge ag ócáid san Áisaonad, Coláiste Mhuire, Béal Feirste le gairid.

Daltaí as 17 scoil i dTuaisceart Éireann a ghlac páirt in Scríobh Leabhar i mbliana, tionscnamh ag Foras na Gaeilge a reáchtáiltear i dTuaisceart Éireann tríd An tÁisaonad.

Is é Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, a rinne an bronnadh.

 I mbliana, ghlac 141 scoil agus 9,461 páiste as gach cearn den tír páirt sa tionscadal agus scríobhadh 6,300 leabhar. Beidh ócáidí eile dá leithéid ar siúl i gceantair eile sna seachtainí amach romhainn “mar cheiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag daltaí ar fud na tíre”, dar le hurlabhraí ó Fhoras na Gaeilge.

Tá páirt glactha ag níos mó ná 45,000 dalta sa tionscadal Scríobh Leabhar ó cuireadh ar bun é sa scoilbhliain 2006/2007.  Sa bhreis ar leabhair dá gcuid féin a scríobh mar chuid den tionscadal seo, bíonn deis ag daltaí chomh maith scéalta na ndaltaí as scoileanna eile a léamh agus a phlé. 

Pictiúr: Gerd Curley i gColáiste Mhuire, Béal Feirste
Pictiúr: Gerd Curley i gColáiste Mhuire, Béal Feirste

Cothaíonn an scéim “cruthaitheacht agus cur chuige iomlánaíoch” dar leis an bhForas. Bíonn ról lárnach ag na múinteoirí freisin sa tionscadal Scríobh Leabhar agus cuirtear cúrsa inseirbhíse ar fáil dóibh d’fhonn cuidiú leo cúnamh a thabhairt do na daltaí ina gcuid iarrachtaí. 

 “Is deis iontach é seo do leanaí spraoi a bhaint as an nGaeilge agus ag an am céanna a gcuid samhlaíochta a léiriú,” a dúirt Aedín Ní Bhroin, Stiúrthóir Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge. “Ní hamháin go ligeann an tionscadal seo dóibh leabhar dá gcuid féin a chruthú, idir é a scríobh agus a mhaisiú, ach is iontach an bealach é freisin chun misneach a chothú iontu as an gcumas Gaeilge atá acu,” a dúirt sí. 

 Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Ferdie Mac an Fhailigh go raibh éacht déanta ag an tionscnamh Scríobh Leabhar sa tslí a raibh tionchar aige ar níos mó ná 45,000 páiste a ghlac páirt ann le deich mbliana anuas.

Fág freagra ar '6,300 leabhar Gaeilge scríofa ag daltaí scoile faoi scéim de chuid Foras na Gaeilge'