Willie Morris – is oiriúnach uaireanta an leagan ‘ní bheidh a leithéid arís ann’

Is maith an aghaidh ar an Muirísioch focail Uí Chriomhthain a bheith luaite leis in aon ómós atá tugtha nó le tabhairt dó, trócaire air

Willie Morris – is oiriúnach uaireanta an leagan ‘ní bheidh a leithéid arís ann’

Sonia O'Sullivan agus Willie Morris

Tá fear ar m’aithne nach lú leis an sioc ach na focail ‘ní bheidh a leithéid arís ann’ a fheiceáil ag bun ailt atá scríofa in ómós do dhuine a bhíonn imithe ar Shlí na Fírinne.

An chúis atá leis sin ná go bhfuil an leagan chomh ceangailte ina intinn leis an té a chum, Tomás Ó Criomhthain, agus leis an scaipeadh brónach a tháinig ar an bpobal dar díobh é siúd go bhfuil col ag mo chara é a fheiceáil luaite le haon ócáid eile.

Ar bhealach tuigim dó. Níl aon dabht ach an oiread ach gur nath é a fheictear na laethanta seo níos minice ná ba chóir, ach ansin arís tá an argóint le déanamh gur fíor é faoi aon duine a bhásaíonn. Bíodh muid cáiliúil nó gan a bheith; thar a bheith cliste nó beagán dúr; fós ní féidir a bhréagnú nach mbeidh ár léithéidí arís ann i súile éicint – mura mbeadh ann ach a súile siúd is gaire dúinn.

Tráthúil go leor ní leagan atá ann a fheicfidh tú chomh minic sin in altanna ómóis a bhaineann le lucht spóirt – fiú iad siúd ab fhearr agus ba cháiliúla. Is furasta a thuiscint cén t-údar atá leis sin. Is beag curiarracht nó gaisce ar pháirc na himeartha, ar thraic na lúthchleas nó i halla na gleacaíochta nach sárófar luath nó mall. Luath níos minice ná a chéile.

Ainneoin na cainte sin bhásaigh an lúthchleasaí Willie Morris as Eachréidh na Gaillimhe tá cúpla seachtain ó shin agus é ag bordáil ar a bheith 99 bliain d’aois. Anois níl aon amhras faoin spéir orm ach go gcaithfeadh mo chomrádaí a theacht liom nuair a deirim gur maith an aghaidh ar an Muiríseach focail Uí Chriomhthain a bheith luaite leis in aon ómós atá tugtha nó le tabhairt dó, trócaire air.

Ní móide nuair a thosóinn ag cur cás Willie i láthair go ngéillfí dom amach agus amach ar an gcuntar go raibh sé deich mbliana fichead d’aois sular rith sé i rás den chéad uair, nó fiú go ndearna sé a chuid gaiscí ag tráth nach raibh aon staidéar eolaíoch déanta ar mhodhanna traenála lúthchleasaíochta ní áirím cabhair cheimiceach a bheith ar fáil.

Go fiú nuair a mhíneoinn gur bhuaigh sé Craobh Náisiúnta Trastíre na hÉireann (naoi míle) i 1953, ’56, ’58 & ’59 agus nár chríochnaigh sé níos faide siar ná an 8ú háit aon bhliain idir 1950 agus 1960, d’fhéadfaí a rá nach bhfuil aon chruthúnas ann nach ndéanfar gaisce mar é arís agus is fíor sin.

Ach seo chugat an iarraidh a mharaigh an mhuc. Ba sna boinn a rith Willie Morris na rásaí sin ar fad agus freisin Maratón Náisiúnta na hÉireann a bhuaigh sé agus é ionann is leathchéad bliain d’aois i 1968. ‘Gan bróg ná stoca, caidhp ná clóc’ mar a bhí i gcás na spéirmhná ar bhruacha Locha Léin.

Ba é Willie Morris an duine ba shine de chúigear déag clainne a saolaíodh dá athair Thomas agus dá mháthair Catherine ar an gCaisleán Nua i ngar do Bhaile Átha an Rí.

Ba leis an iománaíocht a chaith sé tús a shaoil agus bhuaigh Craobh Idirmheánach na Gaillimhe ar fhoireann an Chaisleáin Nua. Nuair a thug sé faoin reathaíocht tráth ar bunaíodh cumann lúthchleasaíochta i mBaile Átha an Rí, ba ghnách leis rith chuig a chuid oibre i Muine Mheá agus ar ais abhaile tráthnóna, aistear 8 míle.

Go dtí an lá atá inniu féin ann tá ardmheas ar an ngradam ‘Irish Independent Sports Star of the Week Award’ ach ba mhó i bhfad a stádas i lár an chéid seo caite nuair a bhí an Muiríseach i mbarr a réime – trí huaire a bronnadh air é.

Go luath sna 1960idí chuir Willie faoi i gcathair na Gaillimhe agus fuair post i gColáiste Muire ansiúd agus ina dhiaidh sin d’oibrigh sé do Bhord Sláinte an Iarthair.

Más fíor d’iarscoláirí an choláiste é, ba mhinic le Willie pé uirlis oibre a bhíodh ina lámh aige a leagan uaidh agus a dhul ina measc nuair a bhídís i mbun seársa traenála timpeall na bpáirceanna ansiúd – agus ainneoin péire wellingtons a bheith air ba aigesean a bhíodh an bua i gcónaí.

Mar a tharlaíonn dúinn uilig mhoilligh an aois de bheagán é, ach níor choinnigh sin lúthchleasaí an Chaisleáin Nua ó bheith ag iomaíocht. Sa mbliain 1969 bhuaigh sé an bonn óir ag Craobh Thrastíre na hEorpa do na seanóirí in Utrecht na hOllainne.

Nuair a bhí muid ar thairseach na mílaoise agus eisean 79 bliain d’aois, bhuaigh Morris trí bhonn óir agus péire airgid ag Craobhacha Lúthchleasaíochta na Seanfhondúirí ar an Tulach Mhór i 1999.

Ar dheis lámh Dé go raibh tú a Willie agus go cinnte ‘ní bheidh do leithéid arís ann’.

Fág freagra ar 'Willie Morris – is oiriúnach uaireanta an leagan ‘ní bheidh a leithéid arís ann’'