‘Who will do the work?’ Agus cé a bhainfidh an fheamainn bhuí?

Tá daoine óga na tuaithe ag cailleadh an ceangal a bhí acu leis an talmhaíocht, le hobair mhara agus obair fhisiciúil de réir mar atá fad dá chur leis na blianta atá siad a chaitheamh i mbun oideachais

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie
Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Grúpa as an nGearmáin a bhí i nGaillimh beagán blianta ó shin; bhíodar ar thuras anseo ag breathnú ar an gcaoi a raibh an chathair ag dul chun cinn agus ar phleananna a bhí ar na bacáin. Bhí dream na Gaillimhe ag tarraingt airde ar an gcéatadán ard de mhuintir na hÉireann a raibh céimeanna, máistreachtaí agus dochtúireachtaí acu as na coláistí. Ansin, glór Gearmánach: “but who will do the work?”

Is é, is dóigh, ná go bhfaca an fear seo go raibh an dream a bhí ina chomhluadar imithe isteach i gceo acadúil uilig go léir. Mar ní dóigh go raibh an chaint faoin leibhéal ard cáilíochtaí as coláistí ag dul i gcion chomh mór sin ar na Gearmánaigh. De réir na staitisticí, níl cáilíochtaí acadúla tríú leibhéal ach ag tuairim 25% de mhuintir na Gearmáine; tá cáilíochtaí tríú leibhéal ag a dhá oiread sin de mhuintir na hÉireann. Ar an taobh eile den scéal is í an Ghearmáin an tír is saibhre san Eoraip agus bhí Éirinn geall le bheith bancbhriste go dtí le gairid. An bhfuil lúb ar lár in áit éigin?

Chuimhnigh mé ar ráiteas an Ghearmánaigh i nGaillimh le gairid agus mé i gcomhluadar conraitheora tógála. Bhíothas ag trácht ar an obair a bhaineann leis an tionscal sin agus faoi na hoibrithe atá ag teastáil. ‘Faighim amach i gcónaí ar cúlra cathrach nó cúlra tuaithe atá ag duine atá sa tóir ar phost linn,’ a deir an conraitheoir seo. ‘Tugaim tús áite don leaid as an gceantar tuaithe ar chúis shimplí: is mo seans atá ann gur tógadh é le hobair fhisiciúil – níl leaid an bhaile mhóir chomh hábalta leis.’

Bhí eireaball ag an gconraitheoir ar an scéal seo.

‘Ach,’ a deir sé ‘tá go leor de leaids na tuaithe anois atá sa mbád céanna le leaids an bhaile mhóir; ní dhearna siad aon obair chrua ag éirí aníos dóibh.’ Bhfacthas don chonraitheoir seo go mbeadh sé an-deacair fir a fháil amach anseo a bheadh ábalta ar shuíomhanna tógála; níl aon chleachtadh acu ar obair den tsaghas sin.

Is cuimhneach liom scaitheamh maith blianta ó shin a bheith i mo chathaoirleach ar dhíospóireacht sa gClochán a bhain le ceantracha tuaithe agus na dúshláin a bhí rompu amach. Bhí Micheál Ó Néill as Rinn Mhaoile ansin, fear a bhí agus atá i gcónaí ag obair go dícheallach ar mhaithe le cur chun cinn an cheantair sin aige féin. Thagair Micheál, múinteoir scoile é féin, do thuarascáil a bhí déanta san am faoin athrú a d’fhéadfadh a bheith ar cheantracha tuaithe de bharr oideachas acadúil a bheith ar fáil go forleathan – ní bheadh na postanna a mbeadh daoine cáilithe lena n-aghaidh ar fáil faoin tuath.

D’imigh go leor uisce le fána idir an oíche sin agus an comhrá a bhí agam leis an gconraitheoir tógála le gairid, ach is léir go raibh brí agus bunús le caint Mhíchíl Uí Néill.

daoine óga na tuaithe ag cailleadh an ceangal a bhí acu leis an talmhaíocht, le hobair mhara agus obair fhisiciúil de réir mar atá fad dá chur leis na blianta atá siad a chaitheamh i mbun oideachais fhoirmeálta. ‘Who will do the work? mar a d’fhiafraigh an Gearmánach – ní ceist acadúil í sin feasta.

Sin ceist atá ag teacht chun cinn anois i gceann de thionscail mhóra, thraidisiúnta na Gaeltachta – baint fheamainne.

monarcha Arramara Teo i gCill Chiaráin i gConamara ar sheachtain trí faoi láthair cheal dóthain feamainne. Bunaíodh an tionscal seo i gConamara beagnach 70 bliain ó shin agus bhí i gcónaí ina chrann taca don phobal cois cósta. Cé go bhféadfadh cúinsí séasúracha agus aimsire a bheith ag baint leis sin, tá follasach le fada go bhfuil líon na mbainteoirí feamainne ag laghdú. Tá go leor acu ag teannadh amach roinnt sna blianta agus níl mórán cleachtadh ag formhór na bhfear óg ar an obair throm, fhliuch agus fheannta a bhaineann leis an gcladach. Sí an cineál oibre í nár mhór duit a bheith cleachtaithe léi ag éirí aníos duit.

an comhlacht Acadian Seaplants as Ceanada, atá tar éis Arramara a cheannach ag iarraidh borradh a chur faoin tionscal tuaithe seo i gConamara agus airgead suntasach caite acu. Ach muna mbainfear an fheamainn, ní bheidh an tionscal ann. Sa deiridh, ní féidir éalú ó cheist an Ghearmánaigh: ‘Who will do the work?’

Ar bhealaí, tá an tír seo anois sa mbád a raibh Sasana inti san aimsir a caitheadh; theastaigh inimircigh le go leor den obair throm a dhéanamh ansin – agus teastaíonn siad uainne anois.

Polannaigh agus daoine as oirthear na hEorpa sásta bualadh faoi go leor den obair a bhfuil cúl tugtha ag aos óg na hÉireann di mórán mar a rinne na hÉireannaigh sa mBreatain san aimsir a caitheadh. Meas tú an mbainfeadh na Polannaigh agus a gcomhghleacaithe as oirthear na hEorpa an fheamainn ar chóstaí thiar na hÉireann lá níos faide anonn?

Fág freagra ar '‘Who will do the work?’ Agus cé a bhainfidh an fheamainn bhuí?'

  • Somhairle

    Tá an locht orainne, daoine óga na tuaithe, siocair nach bhfuil muid “cleachtaithe” le hobair chrua, fhisiciúil a thuilleadh, dar leis an údar seo. Tá muid ag lorg céimeanna agus máistreachtaí agus a leithéid seachas a bheith ag sclábháiocht sna portaigh nó ar shuíomhanna tógála mar is dual dár leithéidse.

    Tá boladh bréan an aimeachais le fáil ar an alt seo. Orainne atá an locht, cé nach raibh de mhisneach aige sé sin a rá go neamhbhalbh, ní shamhlódh sé gurb é córas cúng na hoideachais ná an meath a tháinig ar an thionscal tógála/iascaireachta/talmhaíochta, ach go háirithe san Iarthar, ná miotas an Tíogair Cheiltigh, fiú, a mhúnlaigh muid. Bheadh sé sin ró-chasta. Níos fusa ar fad a bheith ag rá nach bhfuil leaids na tuaithe ábalta le hobair chrua níos mó.

    ..cé go bhfuil siad uilig ar shuíomhanna tógála san Astráil.

    • Somhairle

      *aicmeachais, ar ndóigh