Úrscéal Gaeilge le foilsiú i gCeanada den chéad uair

Tá sé i gceist leabhar Gaeilge a fhoilsiú i gCeanada, rud a mheastar nár tharla ó foilsíodh paimfléad beag filíochta in Toronto in 1945

Úrscéal Gaeilge le foilsiú i gCeanada den chéad uair

Tá teach foilsitheoireachta i gCeanada meáite ar úrscéal grafach Gaeilge a fhoilsiú den chéad uair sa tír.

Tá feachtas Kickstarter á reáchtáil ag Bradan Press, foilsitheoir leabhar Gàidhlig atá lonnaithe in Nova Scotia, Ceanada, chun leagan Gaeilge den úrscéal grafach, Wild Rose a fhoilsiú.

Dhá bhliain ó shin, d’fhoilsigh Bradan Press, Ròs Fiadhaich, leagan Gàidhlig d’úrscéal grafach Nicola Slaunwhite, scríbhneoir as Nova Scotia a scríobhann faoin ainm cleite Nicola R. White.

Tá ceangal mór idir Alban agus Nova Scotia, nó Albain Nua, mar gheall ar an imirce agus bíonn Gaeilge na hAlban á labhairt ag daoine ann.

Is í Muireann Bergin, aistritheoir agus iartheagascóir Gaeilge in Saint Mary’s University in Albain Nua a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Muireann Bergin, arb as contae na hIarmhí di ó dhúchas, gur thaitin sé “go mór” léi a bheith ag gabháil don aistriúchán.

“Rinne mé céim sa Nua-Ghaeilge i UCD agus máistreacht sa tSean-Ghaeilge i UCC. Thosaigh mé ar an dtionscnamh seo agus mé i mo theagascóir Gaeilge ag múineadh in Albain Nua leis an ICUF. Thaitin an scéal go mór liom, is scéal corraitheach spéisiúil é.’

Dúirt Bergin gur chuidigh an t-aistriúchán Gàidhlig ar an leabhar léi agus í ag gabháil don leagan Gaeilge, an chéad úrscéal a d’aistrigh sí.

“Tharraing mé ón aistriúchán a rinneadh i nGaeilge na hAlban aon uair a raibh amhras orm faoin tslí ab fhearr chun an téacs a aistriú,” a dúirt sí.

Scéal faoi ghrá agus faoi dhúnmharú é An Rós Fiáin, atá suite in Éirinn agus Londain ag deireadh na 18ú hAois.

Éilís Ní Dheágha an príomhcharachtar sa scéal ar athinsint é ar amhrán traidisiúnta de chuid na sléibhte Apaláiseacha agus na hÉireann, ‘Down in the Willow Garden’ nó ‘Rose Connelly’.

Dúirt Pádraig Ó Siadhail, atá ina Ollamh Comhlach le Léann na hÉireann in Ollscoil Mhuire Naofa in Halifax, go gceapann sé go mbeidh “dúil” ag mic léinn go háirithe sa leabhar Gaeilge a bheas á fhoilsiú i gCeanada.

“Le tamall anuas, tá neart cainte ar an Ghaeilge i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Sampla den idirnáisiúnú sin is ea leabhair Ghaeilge a bheith á scríobh is á n-aistriú is á bhfoilsiú is á léamh thar lár.

“Agus an teanga á múineadh i ndornán ollscoileanna i gCeanada, ba chóir go mbeadh dúil ag na mic léinn san úrscéal grafach seo. Cuirfidh léitheoirí in Éirinn suim ann fosta, tá mé ag déanamh,” a dúirt sé.

Thug Ó Saidhail moladh mór do Bradan Press as An Rós Fiáin a fhoilsiú.

“Go bhfios dom, seo an chéad leabhar Gaeilge atá le foilsiú i gCeanada ó d’fhoilsigh an file Pádraig Ó Broin a phaimfléad beag, Tús, ina raibh ceithre dhán Gaeilge, in Toronto in 1945.

“Molaim Bradan Press as An Rós Fiáin a fhoilsiú agus tá súil agam go mbeidh ráchairt sách mór ar an leabhar chun an foilsitheoir Gàidhlig seo a mhealladh chun a thuilleadh saothar a fhoilsiú i nGaeilge” a dúirt sé.

Is féidir tacaíocht a thabhairt d’fheachtas Bradan Press agus An Rós Fiáin a réamh-ordú anseo.

Fág freagra ar 'Úrscéal Gaeilge le foilsiú i gCeanada den chéad uair'